Ag cuimhniú ar Acht cinniúnach cearta sibhialta i Meiriceá – agus saol Martin Luther King

Ar an 6 Lúnasa, 1965 shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht Um Chearta Vótála

Martin Luther King

Aistear i dTreo na Cirte atá tugtha acu ar shiúlóid 860 míle as Montgomery in Alabama go Washington D.C. Ar an teorainn idir Alabama agus Georgia atá an dream atá ag siúl na laetheanta beaga seo agus a n-aghaidh ar phríomhchathair na Stát Aontaithe. Breis agus chúig seachtainí eile atá rompu nó go sroichfidh siad Washington; bóthar fada atá ag tabhairt chun cuimhne an bhóthair fhada i dtreo cearta sibhialta atá siúlta ag an gcine dhubh sna Stáit Aontaithe.

I gcuimhne ar an máirseáil ar an gcúrsa céanna seo 50 bliain ó shin atá an tsiúlóid fhada seo ar bun; i 1965 a bhí an Dr Martin Luther King ina cheannródaí ar mháirseáil stairiúil cearta sibhialta as Montgomery go Washington. An bhliain chéanna sin, taca an ama seo go díreach, a shíningh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht um Chearta Vótála – an 6ú lá de Lúnasa, 1965. 

Bliain chorrach a bhí inti i gcroílár Alabama i 1965. ‘Domhnach na Fola’ a tugadh ar eachtra inár chaith póilíní go fíochmhar le dream a bhí ag agóidíocht ar mhaithe le ceart vótála do dhaoine dubha i mbaile Selma i Márta na bliana sin. Is beag duine dubh a bhí in ann vótáil sa gcuid sin de Mheiriceá san am. Bhí seifteanna éagsúla ann le stop a chur leo, an scrúdú oideachais ina measc. Ach cé gur thug na póilíní bata agus bóthar do na máirseáilaithe i Selma, níor ciúnaíodh an feachtas ar mhaithe le ceart vótála i Selma, baile a bhfuil beagán le cois 20,000 duine ann i gcroílár Alabama. 

D’éagraigh Martin Luther King agus a lucht tacaíochta máirseáil as Selma go Montgomery; bhí 50,000 duine ann a tháinig as áiteacha ar fud na tíre. Ina dhiaidh sin a máirseáileadh as Montgomery go Washington. Is é Martin Luther King a bhí ina cheann feadhna ar an ngluaiseacht seo uilig sna Státaí ó dheas i Meiriceá.

Duine ar bith a bhfuil beagán eolais aige ar an ‘South’ i Meiriceá, tá a fhios aige gur mór an t-athrú a fheiceann tú amach faoin tír sna Státaí ó dheas. Níl an saol chomh cruógach agus tá na daoine níos réchúisí. Is dócha gurb shin a bhí i gceist ag bean óg d’arbh ainm Coretta Scott nuair a d’airigh sí cineál míchompordach i gcathair Bhoston. Bhí sí tagtha aneas ina hiníon léinn ceoil as Alabama i dtús na 1950aidí. Scríobhann sí faoin tréimhse sin ina saol agus faoi na himeachtaí stairiúla a raibh ceangal aici leo sna scór blianta ina dhiaidh sin i leabhar dár teideal My life with Martin Luther King, Jr.   

Ar mo thaisteal dom sna Státaí a tháinig mé ar an leabhar seo a foillsíodh i 1969. Scaitheamh gearr th’éis fheallmharú Martin Luther King a chuir a bhean chéile, Coretta Scott King peann le pár. B’shin í an iníon léinn óg a chuaigh as Alabama go Boston. Sna blianta céanna a raibh Coretta Scott i mBoston a chuaigh Martin Luther King aduaidh as Atlanta ag staidéar i mBoston College. Ba ansin a chasadar ar a chéile den chéad uair.

Tá an leabhar pearsanta chomh maith le bheith polaitiúil. Bhí drogall ar Coretta a bheith bainteach le Ministéara Eaglasta nuair a cuireadh in aithne di é ach chonaic sí, a deir sí, nach raibh Martin báite sa gcráifeacht. Ansin, bhí tuismitheoirí Martin Luther King cineál amhrasach faoi Coretta. Ba inion í le feilméara cadáis agus ní raibh a fhios acu cén chaoi a dtiocfadh sí isteach ar shaol ministéara. Ach shocraigh sin uilig síos agus shocraigh an bheirt óg síos sa saol freisin.

Tháinig athrú ollmhór ar shaol Coretta Scott King óna hóige mar iníon léinn ceoil. Déanann sí cur síos ar an aistear go hOslo ar an ócáid ar tugadh Duais Síochána Nobel dá fear céile i 1964; ar na glaochanna ón Uachtarán Ó Cinnéide sa Teach Bán; ar an saol corrach nuair a bhí an teaghlach faoi bhrú mór i Selma agus i Montgomery; agus ar dhunmharú Martin Luther King i Memphis, Tennessee. 

Bhí Coretta agus a hiníon, Yolanda ag siopadóireacht in Atlanta – áit a raibh cónaí orthu san am – ar an 4 Aibreán, 1968. Nuair a shroich sí abhaile, fuair sí glaoch teileafóin ó Jesse Jackson – bhí Martin Luther King feallmharaithe i Memphis.

Leabhar moltach a bhí inti seo faoi thréithe Martin Luther King, faoi mar a bheifeá ag súil leis. Bhásaigh Coretta Scott King i 2006 agus choinnigh sí obair shíochána agus cearta daonna a fear céile ag imeacht i gcaitheamh a saoil.

In imeacht na mblianta, tá scéalta agus conspóidí eile tagtha amach faoi shaol Martin Luther King – idir scéalta faoi radaireacht i measc ban agus a chlaonta polaitiúla. Ach, níl aon amhras faoi thábhacht a bheartaíochta ar son cearta sibhialta sna Stáit Aontaithe ná níl aon amhras faoin athrú chun feabhais a chur sé ar stair na tíre sin.

 Ar an 6 Lúnasa, 1965 shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht Um Chearta Vótála, rud a chinntigh go mbeadh vóta ag an bpobal dubh. Nuair a shroichfidh na coisithe atá ar a mbealach anois as Montgomey an Teach Bán ar an 16 Meán Fómhair, beidh Uachtarán den chine dhubh ansin rompu.

Fág freagra ar 'Ag cuimhniú ar Acht cinniúnach cearta sibhialta i Meiriceá – agus saol Martin Luther King'