Ag an Oireachtas le Tomaí Ó Conghaile, Darach Ó Scolaí, Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Sorcha Ní Mhonacháin

Chuaigh Tuairisc.ie chun cainte faoin Oireachtas leo siúd a bhfuil fios a gcúraim acu…lucht freastail an Oireachtais féin

tomaí Ó Conghaile

Tomaí Ó Conghaile

Eagarthóir Nós

1. Cad é is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Is cuimhin liom fiafraí díom féin, “Cén fáth nár fhreastail mé air seo roimhe seo?!” Ar chúis éigin, ní dheachaigh mé chuig an Oireachtas nuair a bhí mé ar an ollscoil – ní raibh saol na gCumann Gaelach chomh beoga is atá anois – agus bhí mé sna fichidí an chéad uair a fuair mé blaiseadh de chraic an Oireachtais. B’shin thart ar 10 mbliana ó shin agus tá mé i m’andúileach ó shin!

2. Cad é an rud is fearr faoin Oireachtas?

Bualadh le Gaeil eile as gach cearn den tír. Cruthaíonn muid atmaisféar nach féidir a fháil in aon áit eile.

3. Cad é an rud is measa faoin Oireachtas?

Go dtagann deireadh leis an spraoi ar fad agus go mbuaileann ‘Gormacha an Oireachtais’ muid an tseachtain ina dhiaidh!

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Is smaoineamh maith é cinnte. Caithfear saol na Gaeilge a dhéanamh níos sofheicthe fud fad na tíre agus tá pobal mór cainteoirí sa phríomhchathair. Tá sé furasta, don mhórchuid againn, an t-ionad a bhaint amach fosta.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Déarfainn leo nóta a chur ina ndialann nó ina nglicghuthán in aice leis an deireadh seachtaine sin gach bliain as seo amach, mar is cinnte go bhfuil siad ar tí tús a chur le traidisiún nua ina saol.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Ceist dheacair. Is eispéireas ar leith é Corn Uí Riada agus déanaim iarracht bheith i láthair ag cuid de na comórtais amhránaíochta gach bliain. Sin ráite, ceann de na tarraingtí is mó atá ag an Oireachtas domsa ná labhairt le seanchairde, agus cairde nua, agus tá Club na Féile iontach chuige sin. Tá sé fiáin, fuinniúil agus lán féidearthachtaí – ní bheadh a fhios agat cé a chasfaí ort, cén cineál steipe a dhéanfá, cén comhrá a bheadh agat, ná fiú cén áit a gcaithfeá an oíche. Croí na Féile.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, cad iad na hathruithe a dhéanfá?

Tá Oireachtas na Samhna díreach ar fheabhas. An fiú Oireachtais eile a bheith againn sna cúigí le linn na bliana chomh maith chun cáiliú don fhéile náisiúnta, agus chun deis eile a thabhairt don phobal a theacht le chéile?

8. Cad is comhartha Oireachtas maith ann?

Nuair nach mbíonn tú ag iarraidh an áit a fhágáil – mar a tharlaíonn gach bliain – agus nuair a leanann an chaint agus na scéalta faoi imeachtaí na bliana ar aghaidh ar feadh seachtainí.

9. Cad iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Ní fiú seifteanna a bheith agat dar liom, is fearr ligean don saol breith ort. Go deimhin, muna dtagann tú slán as an Oireachtas, an féidir smaoineamh ar aon áit níos fearr le fanacht ann?!

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Leitir Ceanainn 2009. Bhí an chraic fós faoi lánseol ag deireadh na hoíche agus lucht an óstáin ag iarraidh go rachadh muid abhaile – is léir nach raibh mórán taithí acu ar phobal na Gaeilge! Sa deireadh, tháinig na Gardaí isteach chuig an óstán le muid a ruaigeadh ach cad é a bhí rompu ach an fáiltiú lán leis na céadta Gael ag ceol ‘Oró Sé do Bheatha ‘Bhaile’! Tar éis tamaill, thiontaigh siad thart agus d’imigh siad leo. Ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo.


Darach Ó Scolaí

Darach Ó Scolaí

Scríbhneoir agus foilsitheoir

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Halla fuar folamh áit eicínt i mBaile Átha Cliath sna seachtóidí, agus mála criospaí a cheannaigh mo Dheaide dom (breab!).

2. Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?

Na criospaí, an uair sin; castáil ar sheanchairde, anois.

3. Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?

Nuair a itear na criospaí!!! Dá fheabhas é an tOireachtas, tá sé rófhada — Céadaoin go Domhnach don tuismitheoir. Is trom cearc i bhfad!

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Ar chaoi eicínt, ní bhraithim go bhfuil CityWest i mBaile Átha Cliath. B’fhearr liom na bailte beaga, agus deis imeacht ón óstán agus deoch a ól i bpubanna an bhaile, mar a bhí i gCathair na Mart, i dTrá Lí, agus sa Daingean anallód….

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Ná tabhair aird ar bith ormsa, a dheartháirín!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

I mbeár an óstáin, in áit a bhféadfadh daoine labhairt le chéile faoi shásamh.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Tuigtear dom go bhfuil an tOireachtas ag brath ar óstáin mhóra is ar hallaí móra comhdhála le Corn Uí Riada a reáchtáil (agus le freastal ar shorcas TG4, is dóigh), ach, ina ainneoin sin, thabharfainn ar ais go dtí na bailte beaga é.

Má bhíonn an tOireachtas arís eile i gCill Airne, bheadh faitíos orm go bhfanfaidh daoine sa mbaile!

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Daoine a fheiceáil ag cur an óstáin in áirithe don bhliain dar gcionn.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Paracetamol agus uisce.

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Cathair na Mart, agus na sluaite amuigh faoin aer ag 4am ag ól ag ceol is ag damhsa. Bhí an dá óstán buailte ar a chéile agus neart pubannaí agus bialanna ar an mbaile. Ba mhór an spóirt é!


Maire-Treasa-Ni-Dhubhghaill

Máire Treasa Ní Dhubhghaill

Láithreoir teilifíse

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Tá go leor cuimhní agam ar mo chéad Oireachtas! D’fhreastail muid ar an Oireachtas i gcónaí le Club Óige Lurgan le páirt a ghlacadh sa seó Ardán agus bhíodh craic againn ann nach ndéanfaidh mé dearmad go deo air! Thíos sa Daingean a bhí muid agus bhí sceitimíní orainn faoi gach rud a rinne muid, mar go raibh muid chomh hóg ag dul le dinnéar le chéile, ag freastal ar an gcomórtas lúibíní agus muid ar fad suite ar chúl an halla; ag glacadh páirte sa seó Ardán, an dioscó, an lóistín, ag fanacht inár suí deireanach! Cuimhní cinn!

2. Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?

An ceol, an t-atmaisféar, an chraic! Is breá liom go dtagann na Gaeil le chéile chuile bhliain agus go gcastar seanchairde ort an athuair.

3. Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?

Dá bhféadfainn locht amháin a fháil air, seans go bhfuil sé ag éirí rómhór. Le cúpla bliain anuas, sílim nach bhfuil an sásamh céanna le baint as Club na Féile mar go mbíonn sé plódaithe ach níl aon dabht gur rud dearfach é sin freisin, is é sin go bhfuil an oiread ógánach ag iarraidh freastal ar a leithéid d’ócáid agus Gaeilge a labhairt.

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Tá mé ag súil leis! Sílim go raibh athrú ag teastáil agus beidh sé go deas ionad nua a bheith ann i mbliana.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Neart codlata a fháil roimh ré mar is oícheanta go maidin a bhíonn i gceist!!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Na comórtais agus na himeachtaí a bheith in aon áit amháin, mar atá i mbliana in óstán an City West.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Domsa go pearsanta, an chraic! Damhsa, amhránaíocht, atmaisféar, grúpa maith cairde ag caint is ag comhrá agus gach duine in ardghiúmar.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Tá mé ag éirí sean anois, mar sin tógaim go réidh é!

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Tá go leor a sheasann amach, mar sin tá sé deacair ceann a roghnú ach sílim go raibh ceann Chathair na Mart speisialta! Is cuimhin liom gach duine a bheith cruinnithe le chéile ag caint agus ag sú isteach an t-atmaisféar sa gclós idir an dá óstán. Bhí gang mór againn as Conamara tagtha ann le chéile. Chuir mé féin agus cara liom, Méadbh Ní Fhoighil, isteach ar an gcomórtas lúibíní den chéad uair agus bronnadh duais na nua-iontrálaithe is fearr orainn agus is cuimhin liom a bheith ag gáire! Ó chuir muid fúinn maidin Déardaoin gur fhág muid maidin Dé Domhnaigh, níor stop muid ach ag gáire!


-QxmPYWJSorcha Ní Mhonacháin

Iriseoir le Nuacht TG4

1. Cad é is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

OK mar si,n faoistin aoise!! Cé go raibh mé i láthair ag an Oireachtas i nGaoth Dobhair i mo pháiste, ba é Oireachtas 1983 ar an Cheathrú Rua an chéad uair a thaistil mé chuig ceann. Bhí mo bheirt dheartháireacha liom.

Chaith muid cupla oíche in Óstán an Dóilín. Caithfidh sé go raibh dúil mhór ag duine inteacht de bhunadh an tí in Elvis Presley nó bhí pictiúr mór de i bhfráma ar an bhalla i mo sheomra. Ba é Elvis an chéad duine a chonaic mé ar maidin ag stánadh anuas orm agus an duine deireanach san oíche… Tchím go fóill é… Love me tender…

2. Cad é an rud is fearr faoin Oireachtas? 

Dúirt duine inteacht liom go bhfuil se cosúil le bainis teaghlaigh – castar daoine ort nach bhfaca tú le fada an lá agus daoine eile nach mian leat labhairt leo ach a gcaithfidh tú bheith deas leo! Níl mé cinnte fán bhainis ach bíonn lúcháir orm daoine a fheiceáil arís nach bhfaca mé le bliain agus cupla racht gáirí a dhéanamh. Agus ar ndóigh, ní Oireachtas go hamhrán! Agus cuid mhór acu!

3. Cad é an rud is measa faoin Oireachtas?

Maidin Dé Domhnaigh nuair a bhíos sé uilig thart.

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith? 

Fiafraigh domh tráthnóna Dé Luain…

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

(a) Cuir aithne ar an gcúigear atá sa scuaine leat ag an bheár – beidh sibh tamall ann!

(b) Ná bí ag cuartú tacsaí ar an 2 a chlog a shílstean go bhfuil an oíche thart  – níl sí ach ag toiseacht.

(c) Ná gabh a luí roimh an 3 ar maidin – is iomaí lá ag an uaigh ort!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

An dá chuid! De ghnáth, is ag éisteacht leis an Chorn a bhím i mo sheomra – ag iarraidh daoine beaga a chur a chodladh.

7. Dá mbeifeá i bhfeigihil ar an Oireachtas, cad iad na hathruithe a dhéanfá?

Bhéarfainn chuig bailte eile seachas Cill Airne é – ní dochar ar bith an tOireachtas a laghdú beagán. Déan dearmad de bheith ag cuartú ionaid a bhéas mór go leor don chomórtas damhsa – seo an bhagairt is mó ar an Oireachtas, dar liom.

Tá na céadta imeacht/féile ag pobal an Bhéarla in Éirinn – fágadh siad ceann amháin againn dúinn féin. Chuirfinn scrúdú gairid ach scrúdú dáiríre ar iomaitheoiri an chomórtais damhsa lena fháil amach an bhfuil Gaeilge acu. Tá an comórtas seo ag tarraingt Béarlóirí chuig an Oireachtas nach bhfuil aird acu ach ar an damhsa – má thuigeann siad gurb í seo Féile mhór na nGael, is cosúil gur cuma leo. Mura dtabharfaidh coiste an Oireachtais aird air seo, mothóidh pobal na Gaeilge nach leo a bhféile féin níos mó. Ní mhairfidh an tOireachtas gan pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. 

8. Cad is comhartha Oireachtas maith ann? 

– Seisiúin bheaga amhránaíochta scaipthe ar fud na háite. 

– Trí ghlúin as an teaghlach céanna i gcuideachta a chéile ag baint suilt as an Fhéile.

– Ag fanacht i do shuí go dtí an 5 nó an 6 ar maidin.

9. Cad iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

– Codladh go headartha. 

– Liosta beag a dhéanamh de na hamhráin ba mhaith liom a fhoghlaim ó seo go ceann bliana eile.

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Barraíocht acu ann le lua ach Cluain Dolcáin 1991, Cathair na Mart 2010 agus Cill Airne 2013

Fág freagra ar 'Ag an Oireachtas le Tomaí Ó Conghaile, Darach Ó Scolaí, Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Sorcha Ní Mhonacháin'