Ag an Oireachtas le hÁine Ní Bhreisleáin, Ciarán Ó Cofaigh, Dáithí de Mórdha agus Irial Ó Ceallaigh

Chuaigh Tuairisc.ie chun cainte faoin Oireachtas leo siúd a bhfuil fios a gcúraim acu…lucht freastail an Oireachtais féin

Áine Ní Bhreasláin

Áine Ní Bhreisláin,

Craoltóir Raidió le RTÉ RnaG

1. Cad é is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Ghlac muid páirt san Oireachtas i 1996 nuair a bhí sé i nGaoth Dobhair agus tá cuimhne agam bheith ag fanacht sa halla mór i nDoirí Beaga le ghabháil ar an stáitse le ceol, cé nach raibh amhrán sean-nóis agam ach amhrán traidisiúnta, ‘An Cailín Rua’.

2. Cad é an rud is fearr faoin Oireachtas?

An comhluadar, an chraic agus na cairdis a dhéanann tú as gach bliain – níl a shárú ann!

3. Cad é an rud is measa faoin Oireachtas?

Ag taisteal na bhaile Dé Domhnaigh agus lá oibre romhat Dé Luain!

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Smaoineamh ar dóigh. Sílim gur láthair bhreá atá ann agus beidh sé furast ag achan nduine taisteal ann.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Gabh chuig cúpla comórtas, bíodh amhrán ar bharr do ghoib agat agus cas le neart daoine ó Ghaeltachtaí éagsúla.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Deacair sin a roghnú! Club na Féile le buaiteoir an Choirn!

7. Dá mbeifeá i bhfeigihil ar an Oireachtas, cad iad na hathruithe a dhéanfá?

D’athróinn am cuid de na comórtais ardáin le níos mó de scaifte a mhealladh chucu agus thriallfainn é a reáchtáil i nGaillimh bliain.

8. Cad is comhartha Oireachtas maith ann?

Cloigeann nimhneach, glór scriosta agus neart gáire déanta agat agus cuimhní don chuid eile den bhliain

9. Cad iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Neart damhsa, neart gáire agus crochadh thart leis na cairde is fearr atá agat. Níl dochar ar bith do ghruaig a fháil déanta ach an oiread!

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Bhí Oireachtas Chorcaí speisialta nuair a bhain cara linn Ciaran Ó Concheanainn Corn Uí Riada, beannacht Dé leis. Bhí Oireachtas Leitir Ceanainn 2012 speisialta nuair a bhain mé féin agus mo chara Suzanne comórtas na lúibíní agus bhí muid ag ceiliúradh don fhéile!


Ciarán Ó Cofaigh

Ciarán Ó Cofaigh

Léiritheoir Teilifíse ón gcomhlacht ROSG

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Is cuimhin liom ceangal láidir ‘Pobal’ a bheith agam le strainséirí den chéad uair riamh.

2. Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?

Is breá liom gur féidir siúl thimpeall i measc an tslua agus an t-am a bheith agat comhrá a bheith agat le chuile dhuine.

3. Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?

An mhaidin!

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Cinnte. Ag an bpointe seo, is cuma cá bhfuil an tOireachtas ag tarlú chomh fada is go bhfuil sé in áit amháin atá sách mór len’ é uilig a thógáil. Bheadh sé iontach dá bhféadfadh muid ionaid sách mór a bheith againn sna Gaeltachtaí lena léithéidí a dhéanamh. Tá a fhios agam nach smaoineamh nua atá ann ach ba chóir dúinn feachtas a thosú ar mhaithe leis seo.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Labhair i nGaeilge an t-am ar fad.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Corn Uí Riada. Níl mé ag ligint orm féin go dtéim ag mórán do na comórtaisí, ach níl tada cosúil le Corn Uí Riada.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Níl a fhios agam. Tá sé deacair é a shárú.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Ceiliúradh ceart a dhéanamh orainn féin mar phobal Gaelach agus muid fós anseo na mílte bliain níos deireanaí.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Gan an ‘Dog’ a dhéanamh ar oíche Déardaoin.

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Tá mé ag ceapadh gurb é Oireachtas 2008 i gCorcaigh an ceann is mó a thaitnigh liom. Bhí spiorad faoi leith ann. Thosaigh Rónán ag déanamh an clár raidió beo ar an Aoine, bhí Club na Féile thar cionn agus ghnóthaigh Ciarán Ó Con Cheanainn Corn Uí Riada.


 

SONY DSC
SONY DSC

Dáithí de Mórdha

Ionad an Bhlascaoid

1. Cad is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Ní cuimhin liom puinn fé – ní rabhas ach cúpla bliain nuair a thug mo thuismitheoirí mé don Oireachtas an chéad babhta. Is dóigh liom gur i dTír Chonaill ab ea é. Ní cuimhin liom puinn fé cuid mhaith de na hOireachtaisí ar ar fhreastail mé agus mé níos sine, ach tá cúiseanna eile leis sin…

2. Cad é an rud is fearr faoin Oireachtas?

Dhera, craic, cuileachta, comhluadar, comhráití agus ceol.

3. Cad é an rud is measa faoin Oireachtas?

Cuireann na haghaidheanna fidil agus an feisteas bréige a bhíonn á gcaitheamh ag daoine ag an Oireachtas le déanaí soir mé. 

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Bíonn sé go maith an tOireachtas a bhogadh timpeall, ach ar a shon san, b’fhearr é a choimeád i gCiarraí. Fé mar a deirtear i mBéarla Chiarraí, A day out of Kerry is a day wasted.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Bain lán do shúl as na comórtaisí, idir scéalaíocht, rince, amhránaíocht, lúibíní, dreas cainte srl. Bíonn sáriomaitheoirí ann gach bliain. 

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Tamall de Chorn Uí Riada agus stáir i gClub na Féile.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, cad iad na hathruithe a dhéanfá?

Ní gá puinn athruithe a dhéanamh air – b’fhéidir roinnt imeachtaí a chur ar siúl istigh sna bailte seachas gach rud a bheith ar siúl fé aon díon amháin, d’fhonn blaiseadh a thabhairt do dhaoine ar na ceantair ina bhfuil an tOireachtas, agus blaiseadh a thabhairt dos na pobail áitiúla ar imeachtaí an tOireachtais.

8. Cad is comhartha Oireachtas maith ann?

Nuair a bhíonn a nguthanna caillte ag formhór na ndaoine a bhíonn ag seiceáil amach as an óstán tráthnóna Dé Domhnaigh.

9. Cad iad na seifteanna atá agat le teacht slán ón Oireachtas?

Bíodh do bhricfeasta agat sara dtéann tú a chodladh maidin Dé Domhnaigh.

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Bhaineas ana-shásamh as Oireachtas Chathair na Mart – bhí an baile ana-oiriúnach dó, pubanna ana-bhreátha ann agus ardchuileachta.


Irial Ó Ceallaigh

Irial Ó Ceallaigh

Láithreoir aimsire agus amhránaí

1. Cad is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Ní cuimhin liom mórán mar bhí mé chomh hóg san. Is cuimhin liom canadh le mo mháthair ag an oscailt i nDún Garbhán i 1994.

2. Cad é an rud is fearr faoin Oireachtas?

An comhluadar. Na comórtaisí, go hairithe na lúibíní agus na comórtaisí ar an sean-nós.

3. Cad é an rud is measa faoin Oireachtas?

Nach bhfuil ann ach seal gairid!!

4. An tOireachtas ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath — smaoineamh maith?

Tá súil agam gurb ea. Ba chóir triall a bhaint as áiteanna nua agus chun an fhírinne a rá, n’fheadar an bhfuil mórán suíomh thimpeall gur féidir na sluaite a thógaint taobh amuigh de Chill Airne, Corcaigh, Bleá Cliath agus le cúnamh Dé, Gaillimh; agus rud a bheadh go hálainn ná Béal Feirste arís go luath. Is deas an rud é go bhfuil an CityWest mór go leor dhúinn.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Cuir aithne ar dhaoine nua agus freastail ar chomórtaisí más féidir.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Táid go hiomlán difriúil lena chéile. Ní bhfaighfeá buachaint ar an spraoi is an damhsa athá ar fáil sa Chlub ach nuair athá amhránaí iontach ag casadh ar stáitse agus nuair a bhíonn Mairtín Tom ag léamh amach na buaiteóirí, bíonn sé sin speisialta.

7. mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, cad iad na hathruithe a dhéanfá?

Marcanna na moltóirí a thaispeáint.

8. Cad iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Má tá tú tuirseach, níl aon rud níos fearr ná branda agus pórt chun fuinneamh a thabhairt duit.

9. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Bhaineas ardtaitneamh as Cill Airne an bhliain seo caite. Bhí ardchaighdeán le feiscint ag na comórtaisí, bhí an t-ionad an-oiriúnach agus bhí spraoi go maidin ann gan chrá.

Fág freagra ar 'Ag an Oireachtas le hÁine Ní Bhreisleáin, Ciarán Ó Cofaigh, Dáithí de Mórdha agus Irial Ó Ceallaigh'