Adams is iontaí i measc na neach neamhshaolta in Arrival

Is í Amy Adams a dhéanann Arrival a iompar ó thús go deireadh agus sinn i dtaobh go minic le seatanna teanna dá cuntanós leis an scéal a chur abhaile orainn

Adams is iontaí i measc na neach neamhshaolta in Arrival

Dá n-iarrfaí ort cuid de na haisteoirí ban is cumasaí agus is ildánaí in iomaire Hollywood a ainmniú is beag seans go rithfeadh Amy Adams leat as maoil do chonláin. Is leasmháthair a thógfadh ort é ar shlí óir go ndéantar í a shamhlú le truflais cosúil le  Enchanted (2007) agus Night at The Museum: Battle of The Smithsonian (2009). I gcaitheamh an ama, áfach, agus i ngan fhios nach mór, bhí taispeántais thréitheacha, thathagacha á dtabhairt uaithi aici.

Bhuel ní i ngan fhios go hiomlán mar go bhfuil cúig ainmniúchán Oscar gnóthaithe aici. Í fágtha ar an trá fholamh na chúig oíche acu, áfach agus b’fhéidir gurb é an ganntanas deilbhíní is cúis leis an easpa aitheantais.

Chuaigh sí go grinneall ina carachtar in The Fighter (2010) agus léirigh sé a cumas arís, mar aon lena hildánacht in  American Hustle (2013),  The Master (2012), Doubt (2008) agus Junebug (2005).

Ní fhéadfainn cuimhneamh ar éinne níos fearr le tabhairt faoin ról seo. Is í a dhein an scannán seo a iompar ó thús go deireadh agus sinn i dtaobh go minic le seatanna teanna dá cuntanós le himeachtaí, radharcanna agus mothúcháin a chur abhaile orainn.

Níor chathair mar a tuairisc í an táirge seo ar shlí. Nuair a chloiseann tú faoi ionradh na neacha neamhshaolta is leithéidí Independence Day (1996 – agus an tríú ceann ar na bioráin), agus War of the Worlds (2005) is túisce a chuimhneofá orthu. Neart aicsin, ceann feadhna fireann, fearúil, an mheá á crochadh srl. An seanscéal céanna agus meirg air.

Ní hamhlaidh atá anseo. Príomhthéama an scannáin ná cíoradh ar thaithí na máthar agus an chinniúint atá dosheachanta. Is beag piléar a caitheadh agus ní chuaigh éinne ag iomrascáil le neach neamhshaolta. Is fada seo ó bháire fola Alien.

Fé mar is léir ón teideal tháinig árthach neamhshaolta (dhá cheann déag acu le bheith pointeáilte) ’on domhain chugainn agus earcaíodh teangeolaí (Adams) le cumarsáid a chur sa tsiúl le fisiceoir (Renner) farae.

Deineadh sinn a dhalladh le béarlagair agus scéilíní na teangeolaíochta, ciúta a d’oibrigh chomh maith sin in The Martian (2015). Gan amhras bhí na seabhaic chogaíochta ag faoileáil timpeall agus gan uathu ach gaoth an fhocail leis an lasair a chur sa bharrach.

Bhí iardhearcthaí lárnach ón tús agus tugadh léargas dúinn ar thubaiste a bhain do charachtar Adams. Diaidh ar ndiaidh tugadh le fios dúinn go raibh uisce fé thalamh maidir leis an tubaiste seo.

Thug an táirge seo aghaidh ar iomaire eile ar fad nach mór agus sinn ag tarraingt i dtreo ceann scríbe. Go deimhin faoi dheireadh taibhsíodh dom nach raibh gá leis na neacha neamhshaolta in aon chor le príomhthéamaí an scannáin a chíoradh.

Is maith an rud é go mbeadh bean mar cheann feadhna i saothar in iomaire an fhicsin eolaíochta. Nuair a chuireann tú san áireamh gur baineadh casadh as na gnáthchleasanna, ba mhisniúil an saothar é seo cé nach bhfuil aon bhaol ann go ndéanfar é a áireamh mar shárshaothar.

 

Fág freagra ar 'Adams is iontaí i measc na neach neamhshaolta in Arrival'