Acht na dTeangacha Dúchais le tabhairt isteach i gCeanada

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i gCeanada ón mbliain 1969, ach ní thugtar aon aitheantas do theangacha dúchais na tíre sa reachtaíocht sin

Acht na dTeangacha Dúchais le tabhairt isteach i gCeanada

Tá sé i gceist ag Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, Acht na dTeangacha Dúchais a thabhairt isteach le teangacha na gCéad Náisiún, na nIonúc agus na Métis a chaomhnú agus a athbheochan.

Aithnítear na trí dhream mar bhundúchasaigh Cheanada, is iad na hIonúic na bundúchasaigh ar as ceantair Artacha Cheanada iad, tugtar Métis ar dhaoine de shliocht measctha na mbundúchasach agus na nEorpach a tháinig sa 19ú hAois, agus is iad muintir na gCéad Náisiún na bundúchasaigh nach mbaineann leis an dá dhream eile.

D’fhógair Trudeau go dtabharfaí an tAcht nua isteach agus é ag labhairt ag comhdháil speisialta de chuid thaoisigh na gCéad Náisiún in Gatineau, Québec, an tseachtain seo.

Dúirt sé go bhfuil muintir Cheanada anois ag obair as lámha a chéile leis an éagóir a rinneadh san am a chuaigh thart a chur ina ceart agus le dul i ngleic leis an méid a d’fhulaing na bundúchasaigh ó ghlúin go glúin.

D’fhreastail taoisigh na gCéad Náisiún ó gach cearn de Cheanada ar an gcomhdháil a bhí ar siúl ar feadh trí lá an mhí seo le ceisteanna ar nós na forbartha acmhainní, féinmharú i measc na mbundúchasach, agus cás na mbandúchasach a dúnmharaíodh nó atá ar iarraidh a phlé.

Bhí Acht na dTeangacha Dúchais ar cheann de na gealltanais a thug an Príomh-Aire uaidh do bhundúchasaigh Cheanada le linn an fheachtais olltoghcháin an bhliain seo caite.

Tá os cionn 60 teanga dhúchais i gCeanada, de réir tuarascála a rinneadh in 2011 agus iad roinnte in 12 ghrúpa teanga. Thug beagnach 215,000 duine le fios i ndaonáireamh na bliana sin gur teanga dhúchais de chuid na tíre í a gcéad teanga agus dúirt an líon céanna gur teanga dhúchais a labhraítear den chuid is mó sa bhaile.

Is iad na teangacha Alcuánacha an grúpa teanga dúchais is mó a labhraítear i gCeanada. Tá 114,000 cainteoir sa ghrúpa sin agus is iad is fairsinge ar fud na tíre.

Is iad teangacha na nIonúc an dara grúpa is mó sa tír. Labhraíonn 35,000 duine ceann de na teangacha sin a labhraítear i bhfíorthuaisceart Cheanada. Is in Nunavut agus Québec atá cónaí ar fhormhór na gcainteoirí seo, ar cainteoirí Ionúitise iad den chuid is mó.

Thug 38,000 duine nár chainteoir dúchais teanga dhúchais é le fios i nDaonáireamh 2011 gur teanga dhúchais a labhraíonn sé anois den chuid is mó. Ba é an Béarla nó an Fhraincis an teanga dhúchais ag formhór na ndaoine sin.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i gCeanada ón mbliain 1969, ach ní thugtar aon aitheantas do theangacha dúchais na tíre sa reachtaíocht sin. Baineann an tAcht le stádas an Bhéarla agus stádas na Fraincise i gCeanada. Tá forlámhas ag an dá theanga sin thar aon teanga eile i gCeanada, de réir an Achta.

Fág freagra ar 'Acht na dTeangacha Dúchais le tabhairt isteach i gCeanada'