Acht Gaeilge mar bhunchloch athbhunú fheidhmeannas Stormont – Adams

D’eagraigh Conradh na Gaeilge ócáid  i mBéal Feirste inniu ag ar léirigh cúig pháirtí tacaíocht don éileamh ar Acht don Ghaeilge amháin

Acht Gaeilge mar bhunchloch athbhunú fheidhmeannas Stormont – Adams

Tá ráite ag uachtarán Shinn Féin Gerry Adams nach ndéanfar feidhmeannas Stormont a athbhunú d’uireasa Acht Gaeilge.

Dúirt Adams go gcaithfeadh Acht Gaeilge a bheith mar bhunchloch le haon fheidmeannas nua i Stormont.

Bhí Adams i láthair inniu ag ócáid ghrianghraif a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste inniu mar chuid dá bhfeachtas ar son Achta Gaeilge.

Ag ócáid sin léirigh ionadaithe ó chúig pháirtí a dtacaíocht don éileamh ar Acht don Ghaeilge amháin: Paula Bradshaw MLA (Alliance), Steven Agnew MLA (Green Party), Gerry Carroll MLA (PBP), Nicola Mallon MLA (SDLP), Gerry Adams TD (Sinn Féin).

“Tá teipthe ar Rialtas na Breataine agus páirtithe aontachtacha a ndualgas maidir le hAcht Gaeilge agus feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh.

“Caithfidh cur i bhfeidhm na nithe seo a bheith mar bhunchloch ag aon fheidhmeannas amach anseo. Caithfear aitheantas a thabhairt do chearta cainteoirí Gaeilge agus meas a léiriú orthu.

“Ceart is ea Acht Gaeilge, cosúil le Bille Cearta, comhionannas pósta agus cearta teaghlaigh maidir le coistí cróinéara.

“Tugtar cosaint do na cearta bunúsacha seo i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag agus sa chuid eile d’Éirinn. Tá sé in am na cearta sin a thabhairt do dhaoine atá ag maireachtáil sa Tuaisceart.”

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge gur bhain teachtaireacht “iontach soiléir” le hócáid inniu, is é sin go raibh “tacaíocht leathan, traspháirtí” ann d’Acht Gaeilge neamhspleách.

“Bhí cruinnithe leanúnacha ag Conradh na Gaeilge leis na páirtithe go dtí seo, agus tá cúig pháirtí (Alliance, Green Party, PBP, SDLP, Sinn Féin) ag seasamh linn inniu chun tacaíocht a léiriú d’Acht Gaeilge neamhspleách; is ionann an tacaíocht sin agus 50/90 CTR sa Tionól, tromlach stairiúil don chéad uair riamh.

“Chuige sin, éilíonn Conradh na Gaeilge ar na páirtithe siúd atá go fóill ag cur in éadan Acht Gaeilge neamhspleách machnamh a dhéanamh athuair ar an seasamh atá acu ar an cheist agus an deis seo chun athruithe a bhaint amach a aithint,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht don éileamh ar Acht Gaeilge léirithe ag an bpobal, ag na páirtithe, ag Rialtas na hÉireann, ag Comhairle na hEorpa, ag na Náisiún Aontaithe agus ag an gCoimisiún um Chearta an Duine TÉ.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ró-fhada le comhlíonadh an ghealltanais a tugadh dúinn ag Cill Rímhinn – inniu seasann muid le chéile ar d’athrú ceart. Acht Anois,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge mar bhunchloch athbhunú fheidhmeannas Stormont – Adams'