Acht Gaeilge éilithe do Ghaeil an Tuaiscirt

Tá litir tugtha ag Linda Ervine do pháirtithe polaitíochta Stormont agus do Státrúnaí na Breataine thar ceann na n-eagras Pobal agus Turas.

20141202_110313
Linda Irvine, Trevor Lunn agus Janet Muller lasmuigh de Stormont.

“Is mithid ceist Acht na Gaeilge a bhogadh chun tosaigh, amach as réimse na polaitíochta agus isteach i réimse an riaracháin,” dar leis na heagrais Ghaeilge ó thuaidh Pobal agus Turas.

Éilíodh Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann i litir a chuir Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Turas, faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta agus Státrunaí na Breataine níos luaithe an tseachtain seo.

D’éiligh an dá eagras “cothrom na Féinne agus comhurraim don teanga”.

Ba é Gregory Campbell MLA agus a ionsaí i gComhthionól Thuaisceart Éireann ag tús na míosa seo caite a spreag seoladh na litreach.

Dúirt na heagraíochtaí go raibh an litir “riachtanach le fearg agus díomá phobal na Gaeilge a léiriú faoi shraith ráitis scoilteacha, mhaslacha ar an teanga.”

Thagair an litir do Chomhaontú Chill Rímhinn inar gealladh go gcuirfeadh an Coiste Riartha straitéis i bhfeidhm a chosnódh an Ghaeilge agus a chuirfeadh chun cinn í agus leagadh béim ar an “oidhreacht chomhroinnte Ghaeilge” atá ag gach uile dhuine in Éirinn agus maíodh gur féidir léi “gach duine ar an oileán a thabhairt le chéile.”

Cuireadh Tuaisceart Éireann i gcomparáid le hAlbain, leis an mBreatain Bheag agus leis an bPoblacht freisin, mar a bhfuil achtanna teanga do theangacha dúchais.
“Is é Tuaisceart Éireann an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil cosaint reachtaíochta ann don phríomhtheanga dúchais,” a maíodh sa litir.

Cuireadh cóipeanna den litir seo chuig gach páirtí polaitíochta i Stormont; Theresa Villiers, Státrúnaí na Breataine; Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha; agus Gary Hart Toscaire Speisialta na Stát Aontaithe do Thuaisceart Éireann.

Is féidir an litir a léamh anseo

 

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge éilithe do Ghaeil an Tuaiscirt'