Achainí ar líne tosaithe ag seanadóir ag éileamh go gcuirfí rogha Ghaeilge ar ATManna Bhanc na hÉireann

Dúirt an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin go bhfuil ‘an-díomá’ air faoin gcinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna nua an bhainc

Achainí ar líne tosaithe ag seanadóir ag éileamh go gcuirfí rogha Ghaeilge ar ATManna Bhanc na hÉireann

achainí ar líne tosaithe ag Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, ina n-éilítear ar Bhanc na hÉireann an cinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar ATManna an bhainc a chur ar ceal.

Dúirt Ó Ríordáin go bhfuil “an-díomá” air faoin gcinneadh agus gur léiriú é ar an easpa suime a chuireann an banc i ndaoine “a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht”.

“Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón daonáireamh go labhraíonn 190,276 duine an Ghaeilge ar bhonn seachtainiúil. Is bealach éasca é chun an Ghaeilge a chur i do shaol laethúil an cineál sin rogha a bheith ag duine.

“Is beag costas a chuirfí ar Bhanc na hÉireann an cinneadh seo a chur ar ceal, ach is gníomh mór siombalach a bheadh ann do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre,” a dúirt Ó Ríordáin.

Tá 300 duine luaite mar sprioc ag an achainí agus an t-alt seo á scríobh. Tá os cionn 280 duine tar éis a n-ainm a chur leis go dtí seo freisin, ach tá an líon sin ag dul i méid de réir mar atá an achainí á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Ní hé Ó Ríordáin an t-aon pholaiteoir atá tar éis cinneadh Bhanc na hÉireann a cháineadh. Dúirt Éamon Ó Cuív, ó Fhianna Fáil, gur “léir nach bhfuil spéis ag Banc na hÉireann i lucht labhartha na Gaeilge”.

Tá polaiteoirí de chuid Shinn Féin, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada agus an Teachta Dála Peadar Tóibín, tar éis an cinneadh a cháineadh freisin. Dúirt Ní Riada go raibh an cinneadh “náireach agus mícheart” agus d’iarr ar chainteoirí Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge, agus mhol Tóibín picéad a chur ar chraobhacha de Bhanc na hÉireann ag deireadh na seachtaine seo.

Dúirt Tóibín gur “céim siar agus léiriú dímheasa” ar an nGaeilge atá sa chinneadh agus gurb é “an rud is lú” a d’fhéadfadh an banc a dhéanamh rogha teanga a thabhairt do shaoránaigh an Stáit “a tháinig i gcabhair orthu”.

Tá go leor ráite ag an iarchraoltóir le RTÉ Radio One agus colúnaí Tuairisc.ie Cathal Mac Coille faoin gceist ar a chuntas pearsanta Twitter freisin. Chuir an t-iriseoir sraith ceisteanna ar Bhanc na hÉireann faoin gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís agus tharraing aird go leor daoine eile ar an gceist.

Labhair iarchomhghleacaí le Mac Coille, Eoghan Mac Diarmada ó RTÉ 2FM, faoin gcinneadh lena 78,000 leantóir ar Twitter freisin agus dúirt gur “lovely gesture” a bhí ann an Ghaeilge a chur ar fáil an chéad lá riamh.