Achainí ar am breise do scrúdú Béarla an Teastais Shóisearaigh le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Beidh daltaí scoile i dTithe an Oireachtais inniu lena n-achainí maidir le scrúdú Béarla na hArdteiste a phlé

Achainí ar am breise do scrúdú Béarla an Teastais Shóisearaigh le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Beidh ceathrar daltaí scoile os comhair an Choiste Achainíocha i dTithe an Oireachtais inniu lena n-achainí maidir leis an am a thugtar do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh an scrúdú Béarla a chríochnú a phlé.

Chuir Tara O’Sullivan achainí ar líne ar bun níos luaithe i mbliana nuair a chonacthas di nár leor an dá uair an chloig a thugtar do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh leis an scrúdú Béarla a dhéanamh.

Mhaígh sí ina hachainí, a bhfuil 12,400 ainm curtha leis anois, go bhfuil na ceisteanna a chuirtear ar dhaltaí “indéanta” ach go bhfuil an t-am a cheadaítear leis na ceisteanna a chríochnú “seafóideach”.

Rinne O’Sullivan a Teastas Sóisearach i mbliana ach beidh sí ag teacht os comhair an Choiste inniu lena hachainí a phlé in éineacht le Adrianne Ward, Ellen McKimm agus Faye Dolan.

Dúirt cathaoirleach an Choiste, Seán Sherlock, go bhfuil cruinniú an lae inniu “tábhachtach” agus go bhfuil obair agus am go leor caite ag O’Sullivan agus na daltaí eile ar an achainí.

“Phléigh an Coiste an achainí den chéad uair mí Aibreáin na bliana seo agus d’iarr muid ar oifigigh ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna teacht os ár gcomhair leis an scéal a phlé.”

Inniu beidh deis ag Tara agus ag na daltaí eile a chabhraigh léi an achainí a dhréachtú a gcás a dhéanamh faoi am breise a thabhairt don scrúdú.

“Tá áthas ar an gCoiste go bhfuil an ghlúin óg ag glacadh páirt ghníomhach sa pharlaimint ar na ceisteanna atá tábhachtach dóibhsean, agus táimid ag súil le plé tairbheach inniu,” a dúirt Sherlock.

Rinneadh gearán oifigiúil amháin le Coimisiún na Scrúduithe Stáit i mbliana faoin scrúdú Béarla sa Teastas Sóisearach. Bhí an scrúdú fós á dhréachtú nuair a thosaigh O’Sullivan a hachainí agus níor dheimhnigh an Coimisiún go raibh tionchar ag an achainí ar leagan amach an scrúduithe.

Bhí ionadaithe ón gCoimisiún os comhair an Choiste níos luaithe i mbliana agus tugadh le fios ag an gcruinniú sin gur cuireadh in iúl do dhaltaí go raibh sé indéanta an scrúdú Béarla a chríochnú taobh istigh den dá uair an chloig agus go dtabharfaí cothrom na Féinne do na daltaí.

“Tá áthas orm a thuairisciú don choiste gur léiríodh i dtuairiscí ó mhúinteoirí agus ó iarrthóirí maidir le scrúduithe Béarla an Teastais Shóisearaigh 2017 a d’ullmhaigh an SEC gur cuireadh i gcrích iad gan aon fhadhb, agus nach raibh aon deacracht ag iarrthóirí ó thaobh cúrsaí ama de,” a dúirt Aidan Farrell, Príomhfheidhmeannach Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Bhí díomá, áfach, ar O’Sullivan, a mhaígh gur beag aird a tugadh ar an iarratas an t-am a athrú.

“Mura bhfuil siad ag éisteacht le taithí na ndaltaí agus an imní atá orthu féin agus ar mhúinteoirí beidh sé níos deacra fós bealach cothrom measúnaithe a chruthú,” a dúirt sí.

Beidh O’Sullivan agus a comhghleacaithe os comhair an choiste inniu ag 1.30.

Fág freagra ar 'Achainí ar am breise do scrúdú Béarla an Teastais Shóisearaigh le plé i dTithe an Oireachtais inniu'