‘Ach, d’fhásfadh mo mhéar ar ais…’

In ainneoin a cuid léachtaí, tá ár gcolúnaí den tuairim gur iomaí cnaipe dearg a bhrúfar sula mbeidh ceacht foghlamtha

BigRedButton

Bhí mé faoi lán seoil. Léacht fhada á tabhairt agam ar na fáthanna nár cheart duit do mhéar a shá isteach i ngiall an dorais, sna slataí sa gcathaoir, i bpoill bheaga faoin gclár sciorta…

‘Agus ní hamháin go bhfuil sí tinn ach go bhféadfaí an mhéar a bhaint díot!’ a dúirt mé i nglór caol, dáiríre agus mé ag tí tosaí ar an bpíosa samhlaíoch sin den léacht ina gcastar ar ‘an cailín beag síos an bóthar,’ a bhfuil an t-ádh uirthi a bheith beo ar chor ar bith lena bhfuil de thubaistí luaite léi.

Níorbh é an chéad uair acu an léacht áirithe seo a chloisteáil agus ní hiontas dá mba ag iarraidh stop a chur le mo chuid cainte a bhí sí. ‘Ach, d’fhásfadh mo mhéar ar ais,’ a dúirt sí i nglór a thug le fios go raibh scéal mór déanta agam faoi thada, arís. Más í an aidhm a bhí aici ná tabhairt orm mo chlab a dhúnadh, d’éirigh léi.

Cuimhním ar bhliain áirithe, nuair a bhí mé ar scoil, gur tháinig muid ar ais théis saoire an tsamhraidh agus chonaic muid píopa mór ag rith le balla i gcoirnéal an tseomra ranga. Córas bainte gas radóin a bhí ann. Le taobh an phíopa, bhí painéal ar a raibh cnaipe mór dearg agus na focail ‘Ná Brúigh’ scríofa faoina bhun.

Ní raibh muid i bhfad suite sa rang nuair a d’airigh mé ‘rop, rop, rop’ ar mo dhroim. Bhí buachaill amháin sa rang agus má bhí éinne leis an gcnaipe sin a bhrúigh ba eisean a bhrúfadh é. ‘An bhfaca tú an cnaipe dearg?’ a d’fhiafraigh sé díom i sioscadh. ‘Tá mé lena bhrú.’

Chuaigh an scéal thart agus bhí muid uilig ag guí go n-éireodh leis. Le teann fiosrachta, is dócha. D’imigh an lá agus é ag faire ar a dheis. Sa deireadh thiar, d’fhág an múinteoir an seomra ranga ar ghnó éigin.

Thit ciúnas orainn. D’éirigh an laoch ina sheasamh agus anonn leis. Stop sé ar feadh soicind, a mhéar dírithe amach aige os cionn an chnaipe agus bhreathnaigh siar orainn thar a ghualainn, ríméad air.

Ansin, bhrúigh sé an cnaipe dearg. Níor phléasc an scoil, níor imigh aláram. Seans gur thosaigh gas radóin ag doirteadh isteach sa seomra i ngan fhios dúinn, ní fhéadfainn a rá.

‘Ní fhásfadh do mhéar ar ais,’ a dúirt mé léi nuair a tháinig an chaint ar ais chugam an lá cheana, ag súil go raibh dóthain ráite. Ach tá barúil agam gur iomaí cnaipe dearg a bhrúfar fós.

Fág freagra ar '‘Ach, d’fhásfadh mo mhéar ar ais…’'