Ná bígí buartha faoi na Cluichí Oilimpeacha, bígí buartha faoin mBrasaíl…

Ach céard faoi na Cluichí Oilimpeacha? Sin í an cheist is coitianta a chuirtear ar ár gcolúnaí na laethanta seo. Tugann sé an freagra céanna i gcónaí uirthi...

Rio Olympics

Tharla go raibh mé thar sáile nuair a tháinig an tuar faoin tairngreacht sa scéal nuachta is mó sa Bhrasaíl le blianta anuas. Trí seachtaine ó shin, thug an Seanad cead, i vóta, tús a chur le próiseas chun uachtarán na tíre, Dilma Rousseff, a chur as oifig. Ar ndóigh, ós rud é go bhfuilim ag obair liom mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa Bhrasaíl le hocht mbliana anuas, bhí sé saghas aisteach nach raibh mé sa tír an lá sin.

Ar bhealach, ba mhaith an rud é; ní dhéanfadh sé maitheas ar bith do mo shláinte mheabhrach a bheith sa tír an lá sin. Ach an oiread le cuid mhór de mhuintir na Brasaíle agus mórchuid na gcomhfhreagraithe idirnáisiúnta atá lonnaithe sa tír, tá amhras mór orm faoin bpróiseas táinsimh atá curtha sa tsiúl i gcoinne Dilma Rousseff. ‘Coup’ a thugann cuid mhór de mo chairde Brasaíleacha ar a bhfuil ar siúl; ‘bithiúnaigh ag tabhairt bhreithiúnais ar bhithiúnaigh’ an mana a bhíonn ag cuid mhaith de mo chomhghleacaithe idirnáisiúnta. 

Dilma Rousseff
Dilma Rousseff

Ó thosaigh mé ag tabhairt aird ar mo chuid teachtaireachtaí arís tar éis dom filleadh ó mo laethanta saoire, ní bhíonn ag láithreoirí na gclár raidió agus ag na leantóirí Twitter a bhíonn i dteagmháil liom faoi chúrsaí na Brasaíle ach ceist amháin: ‘Ach céard faoi na Cluichí Oilimpeacha?’

Tugaim an freagra céanna orthu ar fad: Ná bí buartha faoi na Cluichí Oilimpeacha, bí buartha faoin mBrasaíl.

Tá an t-infreastruchtúr a theastaíonn do na Cluichí nach mór réidh. Ní chuireann plá an víreas zika as don ghnáthshaol. Níl mórán ticéid díolta d’imeachtaí éagsúla na gCluichí go fóill, ach is nós le muintir na Brasaíle rudaí a fhágáil go dtí an nóiméad deireanach. Ach éireoidh go geal le Cluichí Oilimpeacha Rio de Janeiro, díreach mar a d’éirigh go geal le Corn an Domhain sa sacar dhá bhliain ó shin. Tá bua ar leith ag muintir na Brasaíle mórfhéilte a eagrú – cuimhnigh ar an gCarnabhal a chuirtear ar siúl gach bliain – agus éireoidh leo an iarraidh seo freisin.

Tharlódh, áfach, go bhfuil an daonlathas i mbaol sa Bhrasaíl den chéad uair ó tháinig deireadh leis an deachtóireacht mhíleata dheireanach, sa bhliain 1985: tá na cúiseanna atá á gcur i gcoinne Dilma Rousseff an-fhánach ar fad agus is léir don dall nach bhfuil iontu ach leithscéal chun fáil réidh le huachtarán nár thaitin leis an uas- agus leis an meánaicme a thuilleadh. Beidh breith á tabhairt ar thodhchaí pholaitiúil Rousseff am éigin san Fhómhar agus beidh an fear a toghadh mar leas-uachtarán dhá bhliain ó shin, Michel Temer, ag feidhmiú mar uachtarán go dtí sin agus, seans, ina dhiaidh sin.

Níl deireadh tagtha, ná baol air, leis an suaitheadh polaitiúil agus sóisialta a thosaigh bliain nó dhó ó shin agus ní fheictear dom go dtiocfaidh deireadh leis go luath. Táthar ann, agus tá mé féin ina measc, a chreideann nach bhfuil i ngéarchéim na huaire ach ‘pianta fáis’ an daonlathais óig. Mar sin féin, tá imní orm faoin tír ina bhfuil cónaí orm, agus ní mé an t-aon duine amháin.