Ábhar ó Ghaeltacht Chiarraí curtha ar fáil ar Dúchas.ie

Cuireadh ábhar béaloidis ó dhá chontae eile, Ciarraí agus Cill Dara, leis an suíomh Dúchas.ie inniu. Tá tuairim is 160,000 leathanach de bhéaloideas agus stair ar fáil ar an suíomh anois

Duchas

Tá scéalta agus amhráin ón mBlascaod Mór a bailíodh ag deireadh na dtríochaidí i measc an ábhair is déanaí atá curtha ar fáil ar an suíomh béaloidis Dúchas.ie. Tá 160,000 leathanach den bhéaloideas agus den stair áitiúil lámhscríofa ar an suíomh ó Bhaile Átha Cliath, Maigh Eo, Dún na nGall, Port Láirge, Gaillimh, Liatroim agus anois ó Chiarraí agus Cill Dara. Baineann 31,125 de na leathanaigh sin le Contae Chiarraí.

Sheol an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, ábhar béaloidis ó Chontaetha Chiarraí agus Chill Dara chomh maith leis an togra Meitheal Dúchas.ie in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inniu. Dúirt an tAire McHugh go gcuirfeadh an dá chontae sin go mór le líon na scéalta Gaeilge ar Dúchas.ie.

“Tá lúcháir orm Meitheal Dúchas.ie a sheoladh inniu. Is togra suntasach nuálach é seo a chuireann ar chumas úsáideoirí Dúchas.ie dul i ngleic le hábhar Gaeilge Bhailiúchán na Scol ar mhodh úrnua trí na scéalta béaloidis a thrascríobh. Cuirfidh na téacsanna trascríofa go mór leis na hacmhainní cuardaigh ar an suíomh mar ligfidh siad don úsáideoir na scéalta a chuardach go mion.

“Tá mé an-sásta fosta ábhar Chiarraí agus Chill Dara a sheoladh, an dá chontae is deireanaí atá digitithe agus innéacsaithe ag foireann Dúchas. Is dhá chontae iad a bhfuil traidisiún saibhir béaloidis acu agus tá a chruthúnas sin sa taisce seo as Bailiúchán na Scol. Cuirfidh foilsiú ábhar Chiarraí, go háirithe, go mór le líon na scéalta Gaeilge atá ar Dúchas.ie agus is féidir leo siúd a bhfuil suim acu san ábhar Gaeilge sin triail a bhaint as an trascríobh ach clárú le Meitheal Dúchas.ie,” a dúirt sé.

Joe McHugh
An tAire Joe McHugh ag seoladh Meitheal Dúchas.ie

Tá roinnt mhaith scéalta ar fáil anois as Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach chomh maith le cuntais ar leithéidí Phiarais Fheiritéar, Aogáin Uí Rathaille, Eoghain Rua Uí Shúilleabháin agus Dhónaill Uí Chonaill. Ar ndóigh, tá scéalta faoi thaibhsí agus phéisteanna freisin ann – scéal seo na Carabuncaile a chónaíonn sa Loch Geal i gCorca Dhuibhne.

Tá 3,383 leathanach ar fáil ó Chill Dara anois. Ba í Bríd a d’fhág an lorg is mó ar scéalta béaloidis Chill Dara i mBailiúchán na Scol. Ainmníodh baile Chill Dara agus contae Chill Dara i ndiaidh na mainistreach a thóg sí agus tá míniú ar bhunús an Bhaile agus an bhaint a bhí aige le Bríd anseo.  Faightear léargas trí na scéalta ar na nósanna a bhain le Lá Fhéile Bríde fadó sa chontae freisin.

Ar cheann de na himeachtaí stairiúla is mó a raibh baint ag Contae Chill Dara leis, tá Éirí Amach 1798 agus tá scéalta suimiúla i mBailiúchán na Scol faoinar thit amach sa chontae lena linn freisin. Is i mBéarla a scríobhadh formhór d’ábhar Chill Dara sa Bhailiúchán.

Tá thart ar 110,186 duine tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh Dúchas.ie ó seoladh é.

Fág freagra ar 'Ábhar ó Ghaeltacht Chiarraí curtha ar fáil ar Dúchas.ie'