Ábhar ceiliúrtha an Dúin, faillí na hIarmhí agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Tá roinnt foirne díbeartha ón gcraobh peile agus tá a fhios anois chomh maith ag boic mhóra na hiomána cé a bheidh leo sna cluichí cáilithe

Ábhar ceiliúrtha an Dúin, faillí na hIarmhí agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Ryan Johnston. Pictiúr: INPHO/Presseye/Philip Magowan

Ábhar ceiliúrtha ag an Dún faoi dheireadh

Agus é ag labhairt leis an BBC i ndiaidh don Dún an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán Dé Sathairn seo caite, dúirt Mark Poland go raibh sé chun ceiliúradh mór a dhéanamh ar a mbua an oíche sin. Bhí an méid sin tuillte go maith ag Poland agus a chuid comhghleacaithe mar go bhfuil cúpla bliain chrua curtha díobh acu.

Nuair a fuair an Dún an ceann is fearr ar Dhoire i gCorn Mhic Cionnaith mí Eanáir na bliana seo, ba é an chéad chluiche a bhí buaite acu in aon chomórtas le 22 mí. Bhí aighneas sa champa i rith na sraithe chomh maith agus i ndiaidh dóibh cailliúint in aghaidh an Chláir d’fhág roinnt imreoirí an painéal.

D’imigh sin agus tháinig seo, áfach. Chinntigh siad a n-áit i Roinn 2 le comhscór in aghaidh Chorcaí sa bhabhta deireanach den tsraith agus trí seachtaine ó shin, bhí an bua acu i gcluiche i gCraobh Uladh den chéad uair ó 2013.

An tseachtain seo, agus iad ag filleadh ar an traenáil, tá an Dún ag ullmhú do chluiche ceannais Uladh in aghaidh Thír Eoghain. An t-am seo anuraidh, bhí siad imithe as an gCraobh uile tar éis don Longfort an ceann is fearr a fháil orthu sa chéad bhabhta de na cluichí cáilithe.

Niall Grimley le Aidan Breen. Pictiúr: INPHO/Presseye/Philip Magowan

Bealach fada deacair roimh Fhear Manach

Agus an Dún ag dul i bhfeabhas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil foireann Ultach eile, Fear Manach, ag dul malairt treo. Ní fheicfidh muid arís i mbliana iad tar éis d’Ard Mhacha an ceann is fearr a fháil orthu, 0-20 i gcoinne 0-11, aréir.

Níl ann ach dhá bhliain ó bhain siad cluiche ceathrú ceannais na hÉireann amach ach beidh sé thar a bheith deacair orthu a leithéid a dhéanamh arís sna blianta beaga amach romhainn. Ní raibh fáil ag Pete McGrath i mbliana ar scór imreoirí ón bhfoireann sin a thug aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais in 2015 agus is beag contae a bheadh in ann teacht slán ó bhánú dá leithéid.

Tá McGrath ar cheann de na bainisteoirí is cliste atá ann ach tá sé ag plé le foirne éagsúla le breis agus 30 bliain agus ní fios an mbeadh an fonn air faoin tráth seo foireann eile a thógáil as an nua.

Pé rud faoi imreoirí a bheith ag fágáil, ba mheasa an chailliúint d’Fhear Manach dá n-éireodh McGrath as.

Tom Cribbin. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

B’fhearr do Cribbin gan éisteacht lena chuid imreoirí as seo amach

In 2015 agus 2016, bhain an Iarmhí úsáid as córas cosantach in iarracht dúshlán éigin a thabhairt d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath. Farasbarr 13 cúilín a bhí ag Baile Átha Cliath in 2015 agus farasbarr 15 cúilín a bhí acu in 2016. Inné, rinne an Iarmhí cinneadh stíl níos oscailte a imirt agus bearna 31 cúilín a bhí i gceist, 4-29 in aghaidh 0-10.

Tugadh i bhfad an iomarca spáis do thosaithe Bhaile Átha Cliath, chlis ar chic amach na hIarmhí agus murach cúpla blocáil shármhaith sa chéad leath, bheadh trí nó ceithre chúl eile aimsithe ag imreoirí Jim Gavin roimh leath ama.

I ndiaidh an chluiche, dúirt bainisteoir na foirne, Tom Cribbin, gurbh é rogha na n-imreoirí tabhairt faoi Bhaile Átha Cliath agus gan an córas cosantach céanna á úsáid acu ach dá mbeadh breith ar a aiféala aige go mbeadh neart imreoirí fágtha thiar i mbun cosanta aige.

Thuigfeá do Cribbin go bhfuil sé ag iarraidh a chuid imreoirí a shásamh ach loic sé ina dhualgas mar bhainisteoir an toradh ab fhearr ab fhéidir a fháil don Iarmhí. Loscadh nó crochadh i bhí i ndán don Iarmhí pé stíl a d’úsáidfidís, ach shamhlófá gur mheasa an tionchar a bheidh ag an ngreadadh 31 pointe ar spiorad na foirne ná an mhíshástacht a bheadh orthu dá gcaithfidís treoracha an bhainisteora a chur i bhfeidhm.

Luke Doran. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Deis anois ag boic mhóra na hiomána féinmhuinín a chothú arís

Rinneadh an tarraingt don chéad bhabhta de na cluichí cáilithe san iomáint ar maidin. Bhí údar díomá ag Tiobraid Árann, Cill Chainnigh agus Port Láirge nuair a díbríodh ó chraobhacha na gcúigí iad, ach ní bheidh aon fhoireann acu ró-mhíshásta leis na cluichí atá rompu an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ba iad Cill Chainnigh ba mhó a bhí i mbaol ar maidin agus an seans ann go bhféadfadh Tiobraid Árann nó na Déisigh a bheith ag fanacht orthu sa chéad bhabhta eile. Mar a tharla sé, is in aghaidh Luimnigh a bheidh siad i bPáirc Uí Nualláin Dé Sathairn seo chugainn. Ar ndóigh, d’fhéadfadh Luimneach bua gan choinne a fháil, ach beidh súil ag Brian Cody go dtabharfaidh an cluiche deis dá imreoirí an ceann is fearr a fháil ar fhoireann mheasartha, rud a thabharfadh misneach dóibh don chuid eile den chraobh. Tá a leithéid ag teastáil go géar ó roinnt de na himreoirí óga atá tugtha isteach ag Cody le deireanaí.

Gach seans go mbuailfidh Tiobraid Árann slad ar an Iarmhí agus go ndéanfaidh Port Láirge amhlaidh le hUíbh Fhailí. Más mar sin a bheidh, d’fhéadfadh go mbláthódh féinmhuinín imreoirí Michael Ryan agus Derek McGrath díreach in am do chluichí móra an tsamhraidh.

Aniar aduaidh a tháinig roinnt de thorthaí na craoibhe iomána orainn go dtí seo, ach ní hin le rá nach iad na boic chéanna a bheidh fós san iomaíocht mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'Ábhar ceiliúrtha an Dúin, faillí na hIarmhí agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'