Ábhar a bhaineann le Máirtín Ó Direáin á lorg ón bpobal do thaispeántas nua faoi ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’

Tá mórthaispeántas nua faoi shaol agus faoi shaothar an fhile Máirtín Ó Direáin beartaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ábhar a bhaineann le Máirtín Ó Direáin á lorg ón bpobal do thaispeántas nua faoi ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’

Bailiúchán Thaibhdhearc na Gaillimhe, Cartlann Leabharlann Shéamais Uí Ardagáin

Ba ar an 19 Márta 1988 a cailleadh Máirtín Ó Direáin. Agus muid ag druidim le comóradh tríocha bliain a bháis, tá taispeántas nua á réiteach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le solas úr a chaitheamh ar shaol agus shaothar Uí Direáin, a áirítear fós mar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’.

Dar lena lán gur chuir an Direánach tús le ré nua filíochta nuair a foilsíodh an chéad dán óna pheann, ‘Réalt na hOíche’, ar Scéala Éireann i mí na Nollag 1938. Seachas dul i muinín na meadarachtaí cumadóireachta traidisiúnta, rinne sé rogha den tsaorvéarsaíocht, agus bhí ar dhuine den triúr, i dteannta Mháire Mhac an tSaoi agus Sheáin Uí Ríordáin, a thug ann do nuafhilíocht na Gaeilge.

Mar sin féin, ní go réidh a tháinig an fhilíocht leis. D’fhág an Direánach an scoil in Árainn nuair a bhí sé 14 bliana d’aois agus bhí sé sna fichidí deireanacha sular scríobh sé a chéad dán. Ba ar a chostas féin a d’fhoilsigh sé a chéad dá chnuasach Coinnle Geala (1942) agus Dánta Aniar (1943), agus ba bheag aird a fuair siad ó lucht critice dáiríre.

Cuireadh níos mó spéise sa tríú cnuasach leis, Rogha Dánta (1949) agus ghnóthaigh sé tuilleadh aitheantais de réir a chéile ina dhiaidh sin. Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach níos deireanaí ina shaol – bronnadh an Duais Butler air ón Institiúid Ghael-Mheiriceánach (1967) agus bhain sé an Ossian-Preis amach ó Fhondúireacht Freiherr Von Stein, Hamburg (1977). Dar ndóigh, tá dánta leis ar shiollabas na hArdteiste (agus na Meánteiste nuair ab ann don scrúdú sin ) le fada an lá freisin.

Ina dhiaidh sin féin, tá roinnt gnéithe de shaol an fhile le hiniúchadh go fóill le go dtuigfidh muid i gceart an gaisce fileata a rinne sé.

Is ar luathshaol Uí Dhireáin a dhíreoidh an taispeántas áirithe seo in OÉG. Cé gur minic a shamhlaítear Ó Direáin mar fhile ‘stoite’ a bhí corraithe ag neamhphearsantacht na cathrach i mBaile Átha Cliath, bhí dáimh ar leith aige le cathair na Gaillimhe.

Nuair a bhí Ó Direáin seacht mbliana déag d’aois, tháinig sé anoir as Árainn go cathair na Gaillimhe, mar a raibh poist curtha ar leataobh in Ard-Oifig an Phoist ar shráid Eglington do ‘stócaigh as an bhFíor-Ghaeltacht’.

Ba ar Bhóthar na gCeannaithe a chuir sé faoi idir Eanáir 1928 agus Iúil 1937, agus níl aon amhras ann ach gurbh iad aos léinn na Gaillimhe a chuir ar bhóthar na litríochta é. Cé go luann sé go raibh sé ‘caite i lár chultúr an Bhéarla’ i nGaillimh, ba a bhuí leis na hirisí Gaeilge a bhí ar fáil i leabharlann na cathrach a tháinig sé isteach ar léamh agus scríobh na Gaeilge.

Le linn dó bheith ag obair in oifig an phoist, bhí Máirtín ina rúnaí ar Chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge agus mheall an tOllamh Liam Ó Briain isteach sa Taibhdhearc é nuair a cuireadh an amharclann ar an bhfód an chéad lá. Bhí páirt aige sa gcéad léiriú de ‘Diarmaid agus Gráinne’, an lá úd ar thug Sean-Phádraic Ó Conaire iarraidh ar óráid a thabhairt ón stáitse díreach roimh an dráma.

Ba mhór an taitneamh a bhain sé as an dráma ‘Deirdre an Bhróin’ freisin, a léiríodh i 1931 agus inar ghlac sé páirt Naoise, cé gur éirigh sé as an Taibhdhearc ar feadh píosa ina dhiaidh sin ar chúis éigin nach eol dúinn fós.

Scríobh Ó Direáin roinnt alt don iris, Ar Aghaidh, a bhunaigh Liam Ó Buachalla i nGaillimh chomh maith. Tá roinnt dánta lena bheirt deartháireacha, Seán agus Tomás Ó Direáin, i gcló inti freisin; beirt a bhí ag déanamh dánta le dornán beag blianta sula bhfuair Máirtín óna mhisneach féin dul i mbun na filíochta.

Beidh an taispeántas ag tarraingt go mór ar ábhar cartlainne in OÉG, agus bhí sé d’ádh ar an ollscoil gur bhronn Peadar agus Treasa Mac Mághnais ábhair óna mbailiúchán pearsanta féin a bhaineann leis an Direánach ar an gcartlann an bhliain seo caite.

Tá tuilleadh ábhair á lorg ón bpobal fós, áfach, leis na snáitheanna seo ar fad a tharraingt le chéile agus leis an aitheantas cuí a thabhairt don fhile tábhachtach seo ar a dtugtaí “fathach filíochta na Gaillimhe” go ceanúil.

Táthar ag súil an taispeántas a chur ar camchuairt timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin nuair a bheidh a sheal caite aige i nGaillimh (Márta- Iúil 2018) agus cuirfear fáilte roimh ghrúpaí pobail a mbeadh spéis acu glacadh leis an taispeántas ar feadh tréimhse. Tá neart imeachtaí beartaithe don bhliain seo chugainn cheana féin freisin i gcomhpháirt leis an Taibhdhearc, Féile Cúirt, Arts and Action, agus Conradh na Gaeilge.

Má tá litreacha, grianghraif, nó ábhair eile ag aon duine a bheadh sé toilteanach a thabhairt ar iasacht don taispeántas, is féidir teagmháil a dhéanamh le Síobhra Aiken in Ionad an Léinn Éireannaigh ag siobhra.aiken@nuigalway.ie086-1559024.

Fág freagra ar 'Ábhar a bhaineann le Máirtín Ó Direáin á lorg ón bpobal do thaispeántas nua faoi ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’'