Ardú beag ar líon na n-ábhar sagairt i Maigh Nuad ach gan aon phlódú ann

Seacht nduine dhéag a rachas i mbun staidéir don sagartóireacht i mbliana, triúr le cois líon na bliana anuraidh

Priest collar

Tháinig mic léinn nua sagartóireachta na bliana seo le chéile i Maigh Nuad an tseachtain seo agus seacht nduine dhéag a thosaigh i mbliana, triúr le cois líon na bliana anuraidh.

Ceithre feara déag a thosaigh staidéar sagartóireachta do Dheoise na hÉireann uilig i 2014 agus thosaigh 20 i 2013.

Ag teannamh siar ruainne beag eile, 12 a thosaigh i 2012 agus thosaigh 22 i 2011. Tá laghdú fíorshuntasach ar an líon fear atá ag dul le sagartóireacht in Éirinn le ceathrú céid; bhí na huimhreacha chomh duairc céanna don Eaglais Chaitliceach leathscór blianta ó shin – 19 a thosaigh amach ar staidéar sagartóireachta i 2005 agus ní cosúil gur féidir a dhul móran thairis sin ó shin.

Ní thugann na tuairiscí ó chuid de Dheoise agus Ard-Dheoise na tíre mórán dóchais go mbeidh aon athrú chun feabhais ar an scéal. Níor thosaigh ach triúr as Ard-Dheoise Bhaile Átha Cliath ar staidéar sagartóireachta an tseachtain seo, fiú agus gurb shin é an Deoise is mo in Éirinn; tá beagnach 1.3m. Caitliceach ann.

Ar imeall thiar na hÉireann in Ard-Dheoise Thuama, thosaigh duine – agus tuigtear go dtosóidh fear eile as an Ard-Dheoise sin i gColáiste na nGael sa Róimh; 122,000 Caitliceach atá i réigiún Ard-Dheoise Thuama agus is ann atá péire d’institiúidí móra na hEaglaise – Cnoc Mhuire agus Cruach Phádraig.

Is mór an t-athrú é.

Is cuimhneach le Sagart Pobail Charna i gConamara, an tAthair Pádraig Standún, go raibh 93 mac léinn ag tosaí amach nuair a chuaigh seisean sna sagairt os cionn dhá scór bliain ó shin. Bhíodh 70 no 80 ag tosaí mórán chuile bhliain an tráth sin. D’fhága sin go raibh idir 500 agus 600 ábhar sagart i gColáiste Mhaigh Nuad san am sin. Trí scór atá anois ann.

Fiú agus gur athrú mór é, abraíonn an tAthair Standún – scríbhneoir agus colúnaí nuachtáin ar chúrsaí an tsaoil – gur fiú súil a chaitheamh siar go maith sa stair. Bhí sagairt gann go maith cupla céad bliain ó shin in Éirinn. Bhí rabharta sagairt ann le breis agus céad bliain agus creideann an tAthair Standún gur fiú a chur sa gcomhaireamh gur i 1795 a hosclaíodh Coláiste Mhaigh Nuad. Roimhe sin, bhí ar mhic léinn sagartóireachta a dhul thar lear le haghaidh a gcuid oideachais.

As na Deoisí seo a leanas a tháinig ábhar nua sagairt na bliana seo:

  • Ard Mhaca (1)
  • Corcaigh agus Ros (1)
  • Doire (1)
  • An Dún agus Connor (3)
  • Baile Áth Cliath (3)
  • Gaillimh (1)
  • Ciarraí (1)
  • Cill Dalua (2)
  • Osraí (1)
  • Ráth Bhoth (1)
  • Tuaim (1)
  • Port Láirge agus an Lios Mór (1)

Is léir anois freisin go bhfuil an beagán fear atá ag dul le sagartóireacht in Éirinn ag cuimhniú go maith ar an socrú atá siad a dhéanamh. Naoi mbliana fichead atá beirt de na fir atá ag tosaí in Ard-Dheoise Bhaile Átha Cliath, agus tá an tríú fear i bhfoisceacht bliain den dá scór.

Cé nach bhfuil duine de na fir atá ag tosaí in Ard-Dheoise Thuama ach bliain agus fiche, tá an dara fear bliain le cois an leithchéid. Tá labhartha go poiblí ag an bhfear úd – Muiris Ó Faoláin – faoina chinneadh féin. Muinteoir scoile a bhí ann a bhfuil cónaí ar i Maigh Cuillin. Bhí sé ag cuimhniú ar an saol Eaglasta le tamall maith agus chríochnaigh sé a théarma oibre luath go maith. Go dtí Coláiste na nGael sa Róimh a bheidh seisean ag dul ag staidéar ach tá sé ceaptha a bheith ina shagart in Ard-Dheoise Thuama ach a mbeidh a théarma sa Róimh críochnaithe aige.

Fág freagra ar 'Ardú beag ar líon na n-ábhar sagairt i Maigh Nuad ach gan aon phlódú ann'