Abair ‘grá teanga’ le hÍsiltíreach agus seans mór go ndéanfaidh sé gáire

Tá dearcadh thar a bheith réchúiseach ag muintir na hÍsiltíre ar a dteanga féin, a scríobhann ár gcolúnaí

Abair ‘grá teanga’ le hÍsiltíreach agus seans mór go ndéanfaidh sé gáire

Más fíor do Tom Egbers, tráchtaire spóirt mór le rá as an Ísiltír, tharla an comhrá seo a leanas i gcaifé i gcathair Amstardam le gairid:

Ar eagla na heagla, seo aistriúchán:

Inniu, in Amstardam.

‘Dhá chupán caife le do thoil.’

Eehh, what?

‘Dhá chupán caife le do thoil.’

Tarraingíonn an cailín freastail aird dhuine dá comhghleacaithe.

Will you take this one?

Dála na gcéadta Ísiltíreach eile, rinne mé atvuíteáil ar tvuít Egbers toisc gur shíl mé go raibh an scéilín beag greannmhar – dá áiféisí é. An chéad rud eile, bhí ceist á cur orm ag Gaeil Twitter an raibh an Ísiltíris / Dúitsis / Ollainnis / Pléimeannais* nó pé rud a thugaim ar mo theanga dhúchais féin ar an dé deiridh.

‘Páirc spraoi do thurasóirí é lár chathair Amstardam’ an freagra a thug mé orthu. 

Tharla eachtraí den chineál a tharla do Tom Egbers dom féin cúpla babhta. Bheifeá ag súil lena leithéid. Anuraidh, thug 17 milliún duine ón iasacht cuairt ar phríomhchathair na hÍsiltíre. Custaiméirí nach mbeadh Ísiltíris ag 99 faoin gcéad acu iad siúd a thaithíonn na tithe caife, na bialanna agus na siopaí sa cheantar idir an Centraal Station agus músaem Van Gogh. Cén dochar mura mbíonn teanga na tíre ag an lucht freastail má sheachnaíonn muintir na tíre an áit mar a bheadh plá agus aicíd ann? Sin é a dhéanaim féin nuair a bhím sa bhaile.

Mar sin féin, níl ansin ach cuid den scéal. Is fíor go bhfuil caidreamh saghas ait ag muintir na hÍsiltíre lena dteanga féin – go háirithe i súile dhaoine ón iasacht a bhfuil a dteanga féin faoi bhrú ag baile. 

Ní fheicfidh duine Ísiltíris ar na comharthaí in aerfort Schiphol; dar le húdaráis an aerfoirt (ar comhlacht stáit é) chuirfeadh teanga na tíre ina bhfuil an t-aerfort lonnaithe mearbhall ar chuairteoirí.

Seans go bhfuil ciall éigin leis an argóint sin. Paisinéirí nach í an Ísiltír a gceann scríbe ar chor ar bith ach a bhíonn ag aistriú ó eitilt amháin go heitilt eile 40 faoin gcéad de ghnó an aerfoirt. Mol tábhachtach san aerthaisteal idirnáisiúnta é Schiphol a bhuíochas, go pointe áirithe, le sothuigtheacht leagan amach na háite.

Leasa eacnamaíocha go deimhin is cúis le feiniméan eile a chuireann alltacht ar dhaoine ón iasacht a bhfuil a dteanga féin faoi bhrú ag baile. Is é an Béarla an teanga teagaisc in os cionn 60 faoin gcéad de na cúrsaí ollscoile san Ísiltír. Ar an gcaoi sin, éiríonn le hollscoileanna na tíre na scórtha míle mac léinn ón iasacht a mhealladh, rud a chuireann le cuntais bhainc na n-ollscoileanna agus lena stádas mar institiúidí léinn.

Ag an am céanna, tá port na hÍsiltírise mar theanga léinn seinnte. Anuraidh, bhí díospóireacht theasaí agam faoin gceist sin le mo nia, ar léachtóir sóisearach le fisic é in Ollscoil Groningen, ollscoil de chuid an stáit.

I mBéarla a thugann sé féin a chuid léachtaí.

‘An dtuigeann tú go bhfuil dochar mór á dhéanamh agat do do theanga féin mar theanga eolaíochta?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘Dá scríobhfainn staidéar in Ísiltíris cé a léifeadh é?’ a d’fhiafraigh sé díom ansin. ‘Agus níor theanga eolaíochta í an Ísiltíris go stairiúil pé scéal é. Sa Laidin a scríobhadh Huygens, Erasmus agus Spinoza.’

Ar ndóigh, bhí an ceart aige.

Dream an-phraiticiúil iad muintir na hÍsiltíre, nár lig do ghrá teanga a bheith ina dhris chosáin ar an dul chun cinn eacnamaíoch riamh. Go deimhin, abair ‘grá teanga’ le hÍsiltíreach agus seans mór go mbeidh sé sna trithí ag gáire agat. Déarfadh Ísiltíreach faoina theanga féin gur teanga bharrúil, dheacair agus saghas gránna í. Bheadh cion aige uirthi mar a bheadh ag duine ar mhadra sráide a thabharfadh aire mhaith dó féin. Ach grá teanga? Sin rud do dhream a mbeadh nóisin acu.**

Aisteach go leor, ní hionann sin is a rá go mbeadh an Ísiltíris i mbaol a báis de bharr neamhshuim lucht a labhartha. A mhalairt ar fad. In ainneoin Bhéarla na bhfreastalaithe i lár chathair Amstardam, na gcomharthaí in aerfort Schiphol agus na gcúrsaí ollscoile, Ísiltíris agus Ísiltíris amháin a labhraíonn muintir na tíre lena chéile. ‘Onkruid vergaat niet,’ a déarfaidís féin: ‘ní fhaigheann fiaile bás.’ Dearcadh thar a bheith réchúiseach – nó contúirteach, seans – i súile lucht labhartha mhionteanga, ach ní lia tír ná nós.


* ‘Ollainnis’, agus ‘Ollainnis’ amháin, atá ag na foclóirí ar-líne Gaeilge ar an teanga atá á labhairt ag 23 mhilliún duine san Ísiltír, i dTuaisceart na Beilge agus i Suranam. Tá an téarma sin go hiomlán míchruinn. Níl san Ollainn ach cúige amháin (nó dhá phroibhinse, le bheith cruinn) de chuid na hÍsiltíre. Is ionann ‘Ollainnis’ a thabhairt ar theanga na dtíortha thuasluaite agus ‘Conamarais’ a thabhairt ar an nGaeilge.

Cloistear an leagan ‘Dúitsis’ ag Muimhnigh ó am go chéile ach níl sé san fhoclóir. Ní leagan ró-Ghaelach ach an oiread é. Aistriúchán díreach ón leagan Béarla ‘Dutch’ atá i gceist agus tá an mearbhall céanna ag baint leis: meabhraíonn sé ‘Deutsch’, mar a thugann muintir na Gearmáine ar a dteanga féin.

‘Pléimeannais’ atá ag na foclóirí Gaeilge ar ‘Flemish’, an leagan den Ísiltíris a labhraítear i dTuaisceart na Beilge, agus tá an méid sin cruinn. Mar sin féin, ach oiread leis an leagan ‘Ollainnis’, níl ach canúint chúige amháin i gceist. Cé go bhfuil ‘Pléimeannais’ agus ‘Flemish’ agus leaganacha gaolta fós sa chaint go hidirnáisiúnta, tugann muintir na Beilge iad féin ‘Nederlands ar a dteanga – mar a dhéanann muintir Shuranam agus go deimhin muintir na hÍsiltíre féin. ‘Ísiltíris’ is brí le ‘Nederlands’, agus dá bharr sin, sin é an leagan Gaeilge is gaire don bhunleagan dúchasach.

** Ní hionann agus muintir na hÍsiltíre samhlaítear grá teanga go mór leis na cainteoirí Ísiltírise sa Bheilg. Forlámhas stairiúil na Fraincise sa tír sin is cúis leis sin.

Fág freagra ar 'Abair ‘grá teanga’ le hÍsiltíreach agus seans mór go ndéanfaidh sé gáire'

  • Breathnóir

    Alt an-spéisiúil arís, go raibh maith agat, a Alex.
    Thaitin an abairt seo liom:

    ´´Is ionann ‘Ollainnis’ a thabhairt ar theanga na dtíortha thuasluaite agus ‘Conamarais’ a thabhairt ar an nGaeilge.´´

    Tá súil agam go dtuigeann gach duine nach ionann ´´Conamarais´´ agus an Ghaeilge ?!

  • Cluicheadóir

    Alt iontach spéisiúil, cuirim suim i gcónaí sa léargas atá agat ar chúrsaí teangan san Ísiltír agus sa mBeilg. Mar sin féin, níl thagaim leat faoi ‘Ísiltíris’ a thabhairt ar an teanga. Más Ollainnis a thugtaí riamh anall i nGaeilge ar an teanga atá ag an dream sa taobh sin den Eoraip, ní fheictear dom cúis ar bith nach leanfaí de bheith dhá úsáid. Tá an chuma ar an bhfocal ‘Ísiltíris’ gur téarma nua saorga atá ann, cosúil le tosnú ar ‘Sasanais’ a thabhairt ar an mBéarla. An éireodh leat a chur ina luí ar Bhéarlóirí ‘Netherlandish’ a thabhairt ar an teanga? ;-) É sin ráite, más rud é nach bhfuil aon bhunús stairiúil le ‘Ollainnis’ ach an oiread, sin scéal eile :-) Ba bhreá liom tuairimí a léamh ó léitheoirí a bhfuil cur amach níos fearr acu ar stair an fhocail ná mar atá agamsa!