‘A Thaoisigh, bean 26 bliain mé atá ag dul ar imirce inniu mar nach liomsa an tír seo níos mó…’

Tá Bee Ní Choitir ag dul ar imirce toisc, a deir sí, nach bhfuil an dara rogha aici. Seo litir oscailte chuig an Taoiseach a bhreac sí agus í ar tí fágáil

‘A Thaoisigh, bean 26 bliain mé atá ag dul ar imirce inniu mar nach liomsa an tír seo níos mó…’

A Enda Kenny, a chara,

.facebook_1478724346338
Bee Ní Choitir

Is bean 26 bliain d’aois mé. Tá Dioplóma, Céim BA agus Máistreacht agam. Is oibrí deonach don aos óg mé, chomh maith le bheith i mo ghníomhaí ar son na Gaeilge agus ar son cearta daonna.

Inniu, táim ag dul ar eitileán chun dul ar imirce. Táim ag dul ar imirce inniu mar a rinne deartháir agus deirfiúr mo sheanmháthar sna 60dí, mar a rinne m’aintíní sna 80dí.

Ní hé go dteastaíonn uaim imeacht, táim ag dul ar imirce mar gur gá dom.

Bhí orm bogadh chuig Baile Átha Cliath ó iarthar na tíre de bharr easpa seirbhísí agus easpa postanna. Cé go bhfuil post lán-aimseartha buan agam anseo, caithfidh mé post eile a bheith agam chun cur le mo phá. Cé go n-oibrím go lánaimseartha agus go páirtaimseartha níl mo dhóthain agam chun costas cíosa i mBaile Átha Cliath a sheasamh. Dá bhrí sin táim faoi chúram mo thuismitheoirí fós.

Bhí orm mo charr a dhíol mar cé go bhfuil teastas tiomána glan agam le beagnach 10 mbliana anuas, ghearr na comhlachtaí árachais praghas i bhfad ró-ard orm.

Is cuma leis an rialtas fúm ná faoi mo theanga dhúchais. Tá níos mó suime agaibh stop a chur le corparáidí ollmhóra imeacht ón tír seo. Agus mé ag obair i measc an aosa óig, castar tuismitheoirí orm a bhíonn ag impí oraibh oideachas bunscoile agus meánscoile trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil, ach tugann sibh cluas bhodhar dóibh. Tugtar Naitsí ar mo leithéidse mar go dtroidim ar son mo theanga, agus ní haon eiseamláir an rialtas ó thaobh na teanga ach an oiread. Ní chabhraíonn sibh le cúis na Gaeilge a chur chun cinn agus sibh ag gearradh na mbuiséad orainn.

Is cuma leis an rialtas faoin ngnáthshaoránach ach tugann sibh ardú pá daoibh féin. Feicim na páistí ag streachailt ar scoil mar go bhfuil an iomarca páistí sa rang do mhúinteoir amháin. Feicim mo sheanmháthair ag streachailt ar a pinsean, agus sceon uirthi go mbeadh uirthi dul ag an ospidéal agus luí ar thralaí i bpasáiste éigin go bundún dearg na hoíche.

Tá an rialtas ag cur bac ar dhaoine vóta a chaitheamh maidir le ceart a thabhairt do mhná a rogha féin a bheith acu i gcás a gcorp féin agus seirbhísí a bheith ar fáil dúinn chun an rogha cheart a dhéanamh.

Níl ach fíorbheagán á dhéanamh ar son na dteifeach atá ag iarraidh éalú ó chogadh, ar son daoine gan dídean, nó an lucht siúil, nó do na daoine is leochailí inár sochaí.

Ní foláir dom géilleadh mar nuair a bhí mo thuismitheoirí an aois céanna agus atá mise anois bhí postanna buana acu, bhí teach acu, bhí dhá charr acu agus bhí siad ag tógáil clainne. Ní fiú domsa a bheith ag smaoineamh ar theach a cheannach agus clann a thógáil. Tá na rudaí sin chomh fada uaim anseo nach fiú dom smaoineamh fúthu.

Ní thugann an tír seo aire dá saoránaigh. Seo tír a rinne tarrtháil ar na bainc seachas cúnamh a thabhairt do dhaoine nach raibh ag éirí leo morgáiste a íoc in am. Seo tír a d’iarr ar dhaoine atá ag tuilleamh meánioncaim cáin ard a íoc gan iarraidh ar chorparáidí saibhre a gcion féin a íoc. Seo tír a chaill na saintréithe a bhain léi – tír ina gcuirtí fáilte roimh dhaoine, ina gcuirtí tacaíocht ar fáil do dhaoine, tír ina léirítí comhbhá le daoine, tír ina raibh meas ar chultúr agus tuiscint don cheart.

Ní hí seo mo thír faoi láthair, ach cinnte dearfa beidh mé ar ais chun troid arís ar a son.

Fág freagra ar '‘A Thaoisigh, bean 26 bliain mé atá ag dul ar imirce inniu mar nach liomsa an tír seo níos mó…’'

  • Ben Ó Ceallaigh

    Togha litreach amach is amach. Mar dhuine atá ina chónaí agus ag obair in Albain le tamall de bhliantaí anuas, siod go díreach mar a d’airigh agus mar a airím faoi Éirinn – agus tá na mílte, mílte duine óg eile ar aon intinn liom. MÓR an náire go mbeadh ár tír fós ag cailleadh daoine maithe, tománta mar a bhean seo, in ainneoin go bhfuil “biseach” anois ar rudaí – tá má tá, lucht an rachmais ag breathnú amach ina ndiaidh fhéin, sin an méid atá ann, mar is gnáth!

    An oiread le muintir Mheiriceá agus Shasana le gairid, tá sé soiléir do go leor againn go bhfuil claochlú iomlán ar chúrsaí polaitiúla agus eacnamaíochta ag teastáil le go ndéanfadh an córas freastal ar riachtanais na ngnáth-dhaoine, i leaba an cac de chóras atá againn faoi láthair.

  • Seán Mac Gearailt

    A Chara,
    Tá an ceart go huile is go hiomlán ag bean na litreach thuas, ach cén mhaith bheith ag caint. Dá mbeadh olltoghchán ann amárach sé rogha an dá dhíogha a bheadh fós againn. Tuigeann na boic mhóra, don chuid is mó, go bhfuil a gcuid suíochán slán. Nuair is mian le daoine a gcuid míshastachta a chur in iúl, siad na hiarrthóirí is lú cumhacht a bhíonn thíos leis.

    Bíonn daoine dílis dá bpáirtí féin agus ní haon díobháil é sin. Dá mbeadh triúr as do rogha páirtí , abraimis, ag lorg suíochán agus dá bhfágfá an “boc mór” sa triú háit agus tú ag vótáil, b’fhéidir go dtabharfaí ábhair macnaimh dó.
    Ach cén mhaith dom ag caint.

  • Treasa Uí Lorcáin

    Is trua liom a chloisteáil go bhfuil tú ag fágáil na tíre, Bee, – gach rath ort ar do thuras amach romhat agus tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh ar do chumas filleadh ar ais orainn.

  • padraig o muircheartaigh

    Ceard faoi chearta an linbh sa bhroinn?

  • padraig

    Litir ana-thruamheileach. Guim gach rath ort. Beag an baol go gcaillfidh tusa do mhisneach a chailin!

  • Pól Ó Braoin

    Fágtha ar bheagán smideanna théis an litir sin a léamh. An cailleadh abhus is ea an bua thall. Go n-éirí leat, a Bee!
    Tá an duine is sine de mo chlann féin bailithe in éindigh leat.