A sprioc féin ag chuile Chúige agus gá le bua acu ar fad…

Tá brú ar Chúigí na hÉireann agus an babhta deireanach, babhta 22, den tsraith Pro 12 buailte linn

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Cé nár éirigh le Cúigí Laighean agus Chonnacht, a bhí sa chéad agus sa dara háit ar thábla an Pro 12 roimh chluichí an deireadh seachtaine seo caite, an beart a dhéanamh mar a bhí gach duine ag súil leis, tá seans fós acu cluiche leathcheannais baile a chinntiú.

Cuirfear tús le chuile chluiche i mbabhta 22 den Pro 12 ag a trí a chlog an Satharn seo, agus beidh a sprioc féin ag chuile Chúige agus bua ag teastáil uathu ar fad. 

Is cinnte go mbeidh an choimhlint idir churaidh an chomórtais, Glaschú, foireann atá ar bharr thábla an chomórtais, agus Cúige Chonnacht i measc na gcoimhlintí is géire.

Ní dhearna na Connachtaigh gar ar bith dóibh féin ag cailliúint i gcoinne Treviso Dé hAoine seo caite.  Tá brú damanta anois orthu. Agus iad ag prapáil don chluiche cinniúnach an Satharn beag seo, tá Connachta sa dara háit ar an tábla, díreach taobh thiar de Ghlaschú ach iad dhá phointe níos ísle ná iad freisin. Tá cúrsaí chomh simplí leis seo: beidh buntáiste imirt sa mbaile sna cluichí leathcheannais ag pé foireann a bhuafaidh an cluiche seo.

Caithfidh fir an iarthair chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Cuimhnigh nár chaill Glaschú sa gcomórtas seo ó thús mhí Feabhra agus idir sin agus seo fuair siad an lámh in uachtar ar ocht bhfoireann, Cúige Mumhan, Cúige Laighean agus Cúige Uladh ina measc.

Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne seo nuair a chas siad ar a chéile ag tús an chomórtais i mí Mheán Fómhair 2015 nuair a bhí an lá le Glaschú (33–32) ach is acu a bhí buntáiste an bhaile ar an ócáid sin.

Is fiú a mheabhrú freisin nár éirigh le haon fhoireann, nach raibh buntáiste an bhaile acu sna cluichí leathcheannais, an corn a ardú leo.

Seans go mbeidh an fhíric sin in intinn na Laighneach agus iad ag tabhairt faoi Treviso san RDS. Beidh fir Leo Cullen ag iarraidh an fíor-dhrochthaispeántas a chonaic muid uathu i gcoinne Chúige Uladh an Satharn seo caite a chur de leataobh. Níor shíl mé go mbeadh Treviso in ann ag Cúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite, ach bhí dul amú orm. Fós féin, is míorúilt a bheas ann má dhéanann siad an t-éacht céanna arís an Satharn seo.

Beidh an lá le Cúige Laighean agus beidh siad ag imirt sna cluichí leathcheannais ach an mbeidh buntáiste an bhaile acu?

Bhuel, braitheann sin ar thorthaí chluiche eile. Níl le déanamh anois ag na Laighnigh ach cúig phointe a aimsiú agus a bheith ag guí.

Beidh na hUltaigh, foireann atá sa chearthrú háit, ag coinneáil leathshúil ar thoradh chluiche eile freisin. Ach an oiread le foirne eile, beidh orthu bua ina gcluiche féin i gcoinne na nOspreys a chinntiú, rud nach mbeidh éasca. Tá buntáiste an bhaile ag na hOspreys agus cé nach bhfuil seans acu imirt sna babhtaí leathcheannais, beidh siadsan ar thóir bua a d’ardódh isteach sa séú háit iad agus a chinnteodh go mbeidh imirt i gcorn na gCuradh.

Beidh na hOspreys ag súil freisin go mbeidh Scarlets in ann an ceann is a fháil ar Chúige Mumhan.

Is cinnte gur dearcadh eile ar fad a bheas ag na Muimhnigh, iadsan ag súil le chuile leas a bhaint as imirt i Luimneach, lena n-áit i measc fhoirne sinsearacha na hEorpa a chinntiú don chéad séasúr eile.  Má theipeann ar Chúige Mumhan beidh siadsan freisin ag brath ar thorthaí eile.

Seans gur measa ná sin a bheas cúrsaí do Chúige Mumhan má chliseann orthu an Satharn seo.  Beidh deacrachtaí le lucht leanta, urraíocht agus airgeadais i ndán dóibh, gan trácht ar an náire a bhainfeadh leis an scéal.

Níl le déanamh ag na ceithre chúige ach a gcluichí féin a bhuachan agus an líon is mó foirne ón tír seo a chinntiú sna cluichí leathcheannais.

Mura bhfuil tú ag dul chuig aon cheann de na cluichí, ní bheidh sé éasca cinneadh a dhéanamh maidir le cén cainéal le breathnú air!

Fág freagra ar 'A sprioc féin ag chuile Chúige agus gá le bua acu ar fad…'