A raibh le foghlaim ón tSraith Peile agus ón tSraith Iomána an deireadh seachtaine seo…

Deireadh seachtaine gnóthach a bhí ann san iomáint agus sa pheil. Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na ceachtanna is mó a bhí le foghlaim

Patrick Horgan (Corcaigh) ag ceiliúradh tar éis dó scóráil in aghaidh na Gaillimhe. INPHO/Morgan Treacy
Patrick Horgan (Corcaigh) ag ceiliúradh tar éis dó scóráil in aghaidh na Gaillimhe. INPHO/Morgan Treacy

Laige ‘san aer’ le feiceáil arís sna Gaillimhigh

An drochthaispeántas a thug siad uathu sa chéad cheathrú huaire, chomh maith leis na deich nóiméad dheireanacha, an chúis is mó go mbeidh Gaillimh ag imirt i Roinn 1B den tsraith iomána an bhliain seo chugainn. Thóg sé 15 nóiméad ar chosantóirí Mhicheál Donoghue iad féin a chur in eagar agus bhí na Muimhnigh 0-9 in aghaidh 0-4 chun cinn faoin am sin, a bhuíochas den spás a bhí tugtha do Conor Lehane agus a chomhghleacaithe.

D’fheabhsaigh na Gaillimhigh ina dhiaidh sin agus bhí siad trí phointe chun cinn, 0-23 in aghaidh 0-20, agus gan ach deich nóiméad fágtha. B’in é an uair ar tháinig laige na Gaillimhe sa líne lánchúl chun solais arís, áfach. Rinne Tiobraid Árann agus Seamus Callanan scrios orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh aon uair ar seoladh an liathróid i dtreo lánchúlaithe na Gaillimhe agus is fadhb é nach bhfuil réitithe go fóill. Faoi thrí a sheol Corcaigh pasanna móra fada i dtreo an chúil agus d’éirigh leo 2-1 a aimsiú ó na gluaiseachtaí sin.

Rinneadh scrios ar Ghaillimh leis na pocanna amach chomh maith, bhí 44 poc amach buaite ag Corcaigh le hais 23 ceann ag Gaillimh. Bhuaigh Corcaigh 19 de phocanna amach na Gaillimhe féin. Agus scéal tagtha nach mbeidh an fathach Jonathan Glynn ar fáil do Ghaillimh i mbliana, fear a leigheasfadh an fhadhb sin, ní mór dóibh réiteach eile a fháil ar an scéal.

Niall McMorrow (Baile Átha Cliath) agus Richie McCarthy (Luimneach). INPHO/Gary Carr
Niall McMorrow (Baile Átha Cliath) agus Richie McCarthy (Luimneach). INPHO/Gary Carr

Neart i Luimneach le filleadh imreoirí na bPiarsach

gur chúis mhór díomá a bhí ann do Luimneach gur chaill siad amach ar an ardú céime in aghaidh an Chláir coicís ó shin, léirigh siad an-mhisneach leis an gceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite.

Níl ach dhá chluiche sraithe caillte acu i Roinn 1B le trí bliana anuas agus is mór an crá croí é do mhuintir Luimnigh go bhfuil siad fós sa dara roinn ach, tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan an mhí seo caite, d’fhill imreoirí na bPiarsach chun fuinneamh a chur in athuair i bhfoireann an chontae. 1-9 a d’aimsigh fir na bPiarsach – Shane Dowling, Kevin Downes agus Ronan Lynch – eatarthu agus bua dhá phointe faighte ag Luimneach ar Bhaile Átha Cliath.

Nuair nach raibh teacht aige ar na himreoirí is láidre atá aige roimh an deireadh seachtaine seo, gheobhaidh TJ Ryan deis eile ar a laghad iad ar fad a chur chun páirce le chéile roimh thús na craoibhe. Mar sin, d’fhéadfadh Luimneach leas mór a bhaint as na cluichí atá fágtha sa tsraith.

Peileadóir Chorcaí, Ian McGuire. INPHO/Ryan Byrne
Peileadóir Chorcaí, Ian McGuire. INPHO/Ryan Byrne

An greadadh a thug Ros Comáin dóibh ag déanamh an diabhail ar Chorcaigh

Má bhí beagáinín den ádh ar iománaithe Chorcaí agus iad ag seachaint an ísliú céime (cé gur chaill siad gach cluiche sraithe a bhí acu), bhí mí-ádh ar pheileadóirí an chontae a fuair ísliú céime agus sé phointe acu, an líon céanna pointí a fuair Dún na nGall, a bheidh ag imirt sna babhtaí leathcheannais.

Ba iad Corcaigh an chéad fhoireann a fuair ísliú céime agus sé phointe acu ó tharla an rud céanna do Ros Comáin in 2003. Chríochnaigh ceithre fhoireann, Dún na nGall, Maigh Eo, Muineachán agus Corcaigh ar shé phointe i Roinn 1 i mbliana ach ba iad na Muimhnigh a chuaigh síos de bharr difríocht na scór.

Níl sé deacair, ach an oiread, a rá cén áit a ndeachaigh siad amú. An 28 Feabhra, thug Ros Comáin cuairt ar Pháirc Uí Rinn agus d’aimsigh na cuairteoirí 4-25. Ba é sin an scór ba mhó a ghéill aon fhoireann in aon chluiche amháin sna cheithre roinn i sraith na bliana seo agus, ar deireadh, ba é ba chúis le hísliú céime Chorcaí.

Brian Fenton (Baile Átha Cliath) agus David Keenan (Ros Comáin). INPHO/Heather Dunne
Brian Fenton (Baile Átha Cliath) agus David Keenan (Ros Comáin). INPHO/Heather Dunne

Baile Átha Cliath amuigh leo féin ar bharr Roinn 1

Agus gach aon fhoireann eile ag sodar ina ndiaidh, is é an t-athrú ionaid don chluiche idir Baile Átha Cliath agus Ros Comáin is mó a tharraing aird an phobail.

Ach is cuma cá raibh siad ag imirt, d’éirigh le Baile Átha Cliath éacht a dhéanamh nach ndearna éinne eile sa tSraith Peile Náisiúnta le beagnach dhá scór bliain anuas, is é sin, gach cluiche i Roinn 1 a bhuachan.

trí chontae ann nár chaill aon chluiche – Baile Átha Cliath féin in 2011, Dún na nGall in 2007 agus Ciarraí in 2001 – ach is iad foireann Jim Gavin an chéad dream ar éirigh leo na 14 phointe a thabhairt leo.

Ba iad Baile Átha Cliath chomh maith is deireanaí a rinne an t-éacht seo. Agus iad faoi cheannas Tony Hanahoe, bhuaigh siad cúig chluiche as cúig cinn i Roinn 1 (Theas) den tsraith i 1977-78.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ón tSraith Peile agus ón tSraith Iomána an deireadh seachtaine seo…'

  • Jamie Ó Tuama

    Nár bhuaigh Doire chuile chluiche sa tSraith i 1992?

    Ps An-achoimre ar mhórchluichí dheireadh na seachtaine!!