Aiséirí na gCúigí san Eoraip agus a raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine…

Agus cluichí tábhachtacha imeartha sa rugbaí agus sa sacar ag an deireadh seachtaine, caitheann Tuairisc.ie súil siar ar a raibh le foghlaim

Aiséirí na gCúigí san Eoraip agus a raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine…

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Na hÉireannaigh ar ais i mbarr a réime san Eoraip

Is mór an t-athrú atá tagtha ar chás fhoirne na hÉireann i gCorn na gCuradh le bliain anuas. Anuraidh, níor bhain aon cheann acu áit amach i mbabhtaí ceathrú ceannais an chomórtais ach cháiligh Cúige Laighean agus Cúige Mumhan don chéad bhabhta eile ag an deireadh seachtaine agus  buanna acu ar Montpellier agus Glasgow Warriors faoi seach.

Chomh maith leis sin, tá an deis fós ag Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh áit a bhaint amach sna cluichí ceathrú ceannais, cé go mbeidh sé i bhfad níos deacra ag na hUltaigh é sin a dhéanamh. Ar dtús báire, caithfidh siad foireann Les Kiss Bordeaux-Begles a bhualadh agus pointe bónais a fháil agus fiú dá n-éireodh leo é sin a dhéanamh bheidís fós ag brath ar roinnt torthaí eile chun cáiliú.

Tá rudaí níos simplí do Chúige Chonnacht. Chomh fada is nach gcailleann siad i Toulouse an Domhnach seo chugainn, bainfidh siad áit amach sa bhabhta ceathrú ceannais, agus fiú má chailleann siad, ní hin deireadh an scéil.

Níor leor bua do Toulouse. Caithfidh siad ceithre úd ar a laghad a scóráil agus chomh maith leis sin, caithfidh siad a chinntiú nach mbeidh foireann Pat Lam i bhfoisceacht seacht bpointe díobh ag an deireadh. Mura n-éiríonn leo an méid sin a dhéanamh, is iad na Connachtaigh a bheidh ag dul tríd.

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Idir mhaith agus olc ag Corcaigh ag an deireadh seachtaine

Bhí ábhar dóchais agus ábhar díomá ann do lucht tacaíochta CLG Chorcaí an deireadh seachtaine seo agus foirne peile agus iomána an chontae ag imirt i gcomórtais Mhic Craith agus Shraith na Mumhan.

Bhí bua slachtmhar ag na hiománaithe i gcoinne Luimnigh agus farasbarr 21 pointe ag foireann Kieran Kingston i bPáirc na nGael.  Bhí foireann níos láidre curtha chun páirce ag Kingston agus rinne Alan Cadogan, Patrick Horgan agus mac an bhainisteora, Shane, scrios ar Luimneach. Cúig chúl a d’aimsigh siad eatarthu. Meastar go bhfuilKingston óg ar cheann de na hiománaithe óga is fearr sa tír agus beifear ag súil go mbeidh an tionchar céanna aige ar chúrsaí faoin am a dtiocfaidh an chraobh.

Ní raibh an rath céanna ar pheileadóirí Chorcaí ar an Domhnach, áfach. Thug siad aghaidh ar Chiarraí i gCorn Mhic Craith agus áit sa chluiche ceannais ar fáil do na buaiteoirí. Is iad fir Éamonn Fitzmaurice a bheidh san iomaíocht sa chluiche ceannais sin tar éis dóibh an beart a dhéanamh, 1-13 in aghaidh 1-9.

Chuir Ciarraí tús láidir leis an gcluiche agus bhí siad sé phointe chun cinn, agus ceithre cinn acu sin scóráilte ag Jack Savage, sular aimsigh Corcaigh a gcéad scór. Agus é saor ó ghortuithe, agusag imirt i gCorn Mhic Craith den chéad uair ó 2013, scóráil James O’Donoghue cic éirice chun farasbarr Chiarraí a mhéadú agus níor cuireadh mórán stró orthu as sin go deireadh an chluiche.

 

Manchester City ag íoc as droch-cheannacháin

Agus iad buailte 4-0 ag Everton ar an Domhnach, d’admhaigh bainisteoir Manchester City, Pep Guardiola, i ndiaidh an chluiche, go raibh a ndeis caillte ag an bhfoireann  an Phríomhroinn a bhuachan i mbliana. Tá City anois sa chúigiú háit, deich bpointe taobh thiar de Chelsea.

Chuir Guardiola agus City tús den scoth leis an séasúr agus bhuaigh siad a gcéad sé chluiche sa tsraith ach is in olcas atá rudaí imithe ó shin agus is féidir cuid den mhilleán a chur ar na droch-chinntí a rinneadh i rith an tsamhraidh.

Chaith City breis agus €180 milliún ar imreoirí chun córas imeartha nua Guardiola a chur ar bun ach níl ag éirí leo.

Cinneadh mór ab ea é fáil réidh leis an gcúl báire Joe Hart chun Claudio Bravo a thabhairt isteach, ach breathnaíonn sé anois gur bhotún a bhí ansin. As an 21 iarracht is deireanaí ar chúl a bhí ag foirne i gcoinne City, d’éirigh leo 13 cúl a scóráil, rud a thaispeánann nach bhfuil mórán maitheasa á dhéanamh ag Bravo.

Ar an gcaoi chéanna, níl ag éirí go maith le John Stones, ar íoc City €55 milliún air. Cé go bhfuil an cosantóir óg a dhóthain chun go rachadh i bhfeabhas, tá i bhfad an iomarca botún á ndéanamh aige. Anuas air sin, in ainneoin gur chaith siad an t-uafás airgid, níl ionadaí sách maith ag City chun áit Stones ar an bhfoireann a líonadh.

Bhí mí-ádh ar Guardiola gur bhain droch-ghortú d’imreoir amháin a cheannaigh sé i rith an tsamhraidh, İlkay Gündoğan, mar is cinnte go raibh a leithéid ag teastáil i lár na páirce i gcoinne Everton ach, fós, léiriú ar laigí City é gurb iad Pablo Zabaleta, lánchúlaí de ghnáth, agus Yaya Touré a bhí ag imirt san ionad sin inné.

Ceacht á thabhairt do na scoláirí

Amhail na foirne idirchontae, is beag an tairbhe na comórtais réamhshéasúir do na foirne ollscoile agus coláistí a ghlacann páirt iontu. Agus comórtais Mhic Shigiúir agus Mhic Giobúin chugainn faoi cheann cúpla seachtain, tá rudaí níos tábhachtaí ar intinn acu. Is léir an méid sin  i bhfianaise  na lagfhoirne atá á gcur chun páirce ag leithéid An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a ndearna iománaithe Loch Garman slad orthu seachtain ó shin.

Is iad Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo an fhoireann tríú leibhéal is deireanaí a fuair greadadh nuair a bhí bua 38 pointe, 5-24 in aghaidh 0-1, ag peileadóirí Shligigh orthu i Sraith Peile Chonnacht.

Is drochdheireadh seachtaine a bhí ann do na foirne tríú leibhéal ar fud na tíre. Imríodh 12 cluiche iomána agus peile idir foirne idirchontae agus foirne tríú leibhéal agus níor éirigh ach le foireann amháin coláiste an bua fháil – Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,  ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Chill Mhantáin, 1-10 in aghaidh 1-7.

Fág freagra ar 'Aiséirí na gCúigí san Eoraip agus a raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine…'