A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe CLG an deireadh seachtaine seo

Baile Átha Cliath chun tosaigh, Cill Chainnigh ar an mbóthar ceart, peileadóirí Thiobraid Árann in áit na leathphingine agus dianchoimhlint ar bun i Roinn 2

A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe CLG an deireadh seachtaine seo

Bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin. INPHO/Ryan Byrne

Drochthuar do gach duine eile é bua Bhaile Átha Cliath

Díreach agus taispeántas láidir ag teastáil uathu, léirigh Baile Átha Cliath an bhearna atá fós eatarthu féin agus foirne eile Dé Sathairn. I ndiaidh na  gcluichí comhscóir a bhí acu in aghaidh Dhún na nGall agus in aghaidh Thír Eoghain, ba chosúil sé go raibh meirg tagtha ar imirt fhoireann Jim Gavin, ach bhuail siad greadadh Dé Sathairn ar an bhfoireann is mó a thug dúshlán dóibh le tamall anuas.

Ní hamháin go raibh Baile Átha Cliath ar a gcomhairle féin in aghaidh Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn, ach d’éirigh leo bua bog a fháil agus gan ochtar a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann in 2016 ag tosú dóibh.

Níor raibh Jonny Cooper, James McCarthy, Cian O’Sullivan nó Jack McCaffrey i measc na gcosantóirí ach fós féin níor ligeadh do thosaithe Mhaigh Eo aon scór a fháil ón imirt. Ba é McCaffrey Peileadóir na Bliana in 2015 ach beidh brú air áit a fháil ar an bhfoireann arís de bharr a chumasaí atá Eric Lowndes, a d’aimsigh dhá phointe ag an deireadh seachtaine, agus Niall Scully.

Tabharfaidh foireann na príomhchathrach cuairt ar Thrá Lí faoi cheann coicíse agus is faoi Chiarraí a bheidh sé anois Baile Átha Cliath a stopadh. Mura n-éiríonn leo, d’fhéadfadh gur samhradh fada crua a bheidh amach rompu agus roimh fhoirne eile na tíre.

Jason Cleere (Cill Chainnigh) agus Conor Lehane (Corcaigh). INPHO/Ken Sutton

Cill Chainnigh ar ais ar an mbóthar ceart

Tugadh fianaise dúinn ag an deireadh seachtaine nach meath fadtéarmach ba chúis le fadhbanna Chill Chainnigh ó thús na sraithe. Bhuaigh siad a gcéad chluiche sraithe Dé Domhnaigh agus cé nach iad Corcaigh an fhoireann is láidre sa tír faoi láthair, beidh Brian Cody sásta le saothar na gCat sa dara leath i bPáirc Uí Nualláin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Muimhnigh le himirt stuama.

Is cinnte go bhfuil obair fós le déanamh ag Cody agus imreoirí nua á dtabhairt isteach aige ach ní haon timpiste é go bhfacthas an taispeántas is fearr fós i mbliana ó Cill Chainnigh i mbliana nuair a bhí roinnt de na himreoirí is tábhachtaí atá acu ar ais i mbarr a maitheasa.

Ina measc siúd, bhí Richie Hogan, a d’aimsigh cúig phointe ón imirt, agus Paul Murphy, a bhí ar ar a chompord agus sa líne lánchúil arís i ndiaidh dó seal a chaitheamh mar leathchúlaí. Chomh maith leis sin, d’imir Colin Fennelly a chéad chluiche sraithe in 2017 agus cé nár scóráil sé, chruthaigh sé neart deiseanna. Bhí Walter Walsh é féin lárnach go maith sa chluiche agus 70 nóiméad imeartha aige den chéad uair an t-earrach seo.

Bainisteoir Thiobraid Árann, Liam Kearns. INPHO/Gary Carr

Peileadóirí Thiobraid Árann in áit na leathphingine arís

Bhí foireann peile Thiobraid Árann ar cheann de na foirne ba mhó a chuir i gcoinne na n-athruithe atá le cur i bhfeidhm ag CLG ar struchtúr na craoibhe. Bhí imreoirí an chontae, bainisteoir an chontae agus bord peile an chontae uile den tuairim nach ndéanfadh an ‘Super 8’, mar a thugtar air, aon mhaith don pheil i dTiobraid Árann. Fós féin, nuair a tháinig an t-ábhar os comhair bhord an chontae, ba léir nach raibh róthábhacht le tuairimí na bpeileadóirí mar vótáil an bord tacú leis an athrú ag Comhdháil Bhliantúil CLG.

Ansin Dé Sathairn seo caite, cuireadh cluiche na bpeileadóirí i Staid Semple ar an Domhnach ar athló, d’ainneoin go mbeadh iománaithe Thiobraid Árann ag imirt cluiche sraithe ar an bpáirc chéanna níos déanaí an tráthnóna céanna.

Dúradh nach mbeadh an dromchla in ann ag dhá chluiche in aon lá amháin ach ba léir i ndiaidh bhua na n-iománaithe go mbeadh an pháirc in ann ag cluiche eile. Faraor, ní dhearna sé sin aon mhaitheas don fhoireann peile agus anois beidh orthu ceithre chluiche a imirt taobh istigh de thrí seachtaine agus iad ag iarraidh ardú céime a bhaint amach chuig Roinn 2.

Imreoir na Gaillimhe, Paul Conroy. INPHO/James Crombie

Dianchoimhlint le teacht i Roinn 2

Agus ceithre bhabhta den tSraith Peile Náisiúnta imeartha go dtí seo, níl ach foirne Bhaile Átha Cliath, Thír Eoghain, an Lú agus Loch Garman fós gan aon chluiche caillte acu. Agus gan fágtha ach cúig nóiméad ina gcluiche in aghaidh na Mí Dé Domhnaigh, bhí an chuma ar Ghaillimh go mbeadh siad i measc na bhfoirne thuas, ach chlis ar fhoireann Kevin Walsh, toradh a fhágann go mbeidh géar-iomaíocht ann don ardú céime ó Roinn 2.

Faoi láthair is iad Cill Dara atá ar bharr an tábla agus sé phointe acu. Tá Gaillimh agus an Clár pointe amháin chun deiridh orthu agus ansin tá ceithre fhoireann eile, an Dún, an Mhí, Corcaigh agus Doire uile i bhfoisceacht dhá phointe, nó bua amháin, don dara háit.

Agus trí chluiche sa bhaile acu, tá buntáiste ag Gaillimh orthu siúd atá taobh thiar, díobh ach má bhaintear tuisle astu féin nó Cill Dara botún, is cinnte go mbainfidh a gcéilí comhraic ullamh chun a n-áit a thógáil.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe CLG an deireadh seachtaine seo'