A raibh le foghlaim ó chluichí craoibhe an deireadh seachtaine

Cuireadh tús ceart leis an gcraobh sa pheil agus san iomáint an deireadh seachtaine seo agus bhí neart le foghlaim ó na cluichí

A raibh le foghlaim ó chluichí craoibhe an deireadh seachtaine

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Fadhbanna ollmhóra ag Tiobraid Árann sa chosaint

Agus ceathrar cosantóirí acu a bhuaigh gradam All-Star anuraidh, is beag duine a cheap go mbeadh fadhbanna i mbun cosanta ag Tiobraid Árann in 2017. Áirítear Tiobraid Árann ar cheann de na foirne is fisiciúla sa tír, ach fiú agus réalta uile na bliana seo caite, Cathal Barrett, James Barry, Ronan Maher agus Pádraic Maher ag imirt dóibh i Staid Semple inné bhí rith an ráis le tosaithe Chorcaí.

D’éirigh le tosaithe Chorcaí uile scóráil ón imirt, fiú an bheirt a tháinig isteach mar ionadaithe. Foireann ar bith a ghéilleann 2-27 i gcluiche, caolseans go mbeidh an lá leo. Déanadh a mhacasamhail de shlad ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na sraithe nuair a d’aimsigh Gaillimh 3-21 ina gcoinne.

Is beag seans go mbainfidh bainisteoir Thiobraid Árann úsáid as cosantóir le cois chun an fhadhb a réiteach, ach is léir go gcaithfidh sé smaoineamh ar sheift éigin.

Shane Kingston. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Corcaigh ag baint úsáid as imreoirí óga agus teaicticí simplí

Ag trácht ar an gcosantóir le cois, bhí an córas sin in úsáid ag Corcaigh le cúpla bliain anuas agus gan mórán rath air. Inné, roghnaigh bainisteoir na foirne Kieran Kingston stíl thraidisiúnta agus d’fheil an cur chuige sin dá chuid imreoirí, na himreoirí óga go háirithe.

Tógann sé tamall ar imreoirí dul i dtaithí ar chóras an chosantóir le cois agus bheartaigh Kingston go mbeadh na fir nua níos fearr as gan a bheith ag déanamh imní faoina leithéid. Bhí cúigear de na himreoirí óga sin, Colm Spillane, Mark Coleman, Darragh Fitzgibbon, Shane Kingston agus Luke Meade, agus léirigh siad ar fad go bhfuil an mianach iontu an beart a dhéanamh.

Aon duine nach bhfuil an oiread sin cur amach acu ar an iomáint i gCorcaigh, seans gur tháinig taispeántais na bhfear óg seo aniar aduaidh orthu. Níl Craobh na Mumhan buaite ag foireann mionúr nó ag foireann Faoi-21 as Corcaigh ó 2008, ach d’fhéadfadh go mbeadh bonn sinsir ag na fir óga seo roimh dheireadh an tsamhraidh.

Jamie Brennan. Pictiúr: INPHO/Presseye/John McIlwaine

Tús maith curtha le ré nua Dhún na nGall

Tá athrú tagtha ar fhoireann Dhún na nGall le roinnt blianta anuas agus laochra 2012 ag éirí as duine ar dhuine, ach seans gur in 2017 is mó a fheicfear rian na n-athruithe sin agus scata imreoirí nua tugtha isteach ag Rory Gallagher.

Agus gan fáil ag an mbainisteoir ar naonúr ó phainéal na bliana seo caite, bhí na fir óga sin ag teastáil go géar agus blaiseadh a fháil acu de Chraobh Uladh inné agus an bua acu in aghaidh Aontroma. Seachtar a thosaigh a gcéad chluiche craoibhe do na Conallaigh – Ciaran Thompson, Cian Mulligan, Eoghan Bán Gallagher, Jamie Brennan, Micheál Carroll, Caolan Ward agus Jason McGee, agus tháinig imreoir nua eile, Michael Langan isteach mar ionadaí.

Ní raibh ach ceathrar ar an bhfoireann a  chuaigh chun páirce i mBealach Féich Dé Domhnaigh – Paddy McGrath, Neil McGee, Frank McGlynn agus Michael Murphy – a thosaigh i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo cúig bliana ó shin, cé gur tháinig ceathrar eile a d’imir an lá sin isteach mar ionadaithe inné – Paddy McBrearty, Karl Lacey, Mark McHugh agus Martin McElhinney.

Brendan Murphy. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ceatharlach ag ceiliúradh faoi dheireadh

Is annamh a thabharfá bua gan choinne air nuair a bhuann foireann amháin ar fhoireann eile a chríochnaigh áit amháin agus pointe amháin chun tosaigh orthu sa tsraith, ach bua gan choinne atá á thabhairt ar bhua Cheatharlach ar Loch Garman i gCraobh Peile Laighean. Bhí ceithre phointe mar fharasbarr ag foireann Turlough O’Brien ar Loch Garman agus dúradh gur údar iontais a bhí sa mhéid sin agus gur ar éigean go mbeidh mórán buanna gan choinne inchurtha leis an gceann seo againn as seo go dtí deireadh an tsamhraidh.

Mar a tharlaíonn sé, is é seo an dara huair le cúpla mí anuas ar éirigh le Ceatharlach an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman. Bhuaigh siad orthu i Roinn 4 den tsraith mí Aibreáin agus ní raibh ach pointe amháin idir na foirne sa tábla faoin am ar tháinig deireadh leis an gcomórtas sin.

Léiríonn an t-iontas a bhí ar dhaoine faoi thoradh an lae inné cé chomh dona agus a bhí rudaí i gCeatharlach le cúpla bliain anuas, áfach. Ba é bua an lae inné an chéad chluiche a bhuaigh siad i gCraobh Laighean ó 2011 agus níl ann ach trí bliana ó chríochnaigh siad ag bun Roinn 4 sa tsraith.

Mhaithfeá dóibh an ceiliúradh ach ní mhairfidh sé i bhfad agus Baile Átha Cliath rompu sa chéad bhabhta eile.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí craoibhe an deireadh seachtaine'