A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo

Cuireadh deireadh leis an séasúr idirchontae iomána ag an deireadh seachtaine agus an beart déanta ag mná Chill Chainnigh sa chamógaíocht agus ag Port Láirge Faoi 21

A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Mná Chill Chainnigh ag maolú pian chliseadh na bhfear

Ní raibh na Cait faoi chois i bhfad. Seachtain tar éis do na sinsir cluiche ceannais na hÉireann a chailleadh, bhí foirne camógaíochta Chill Chainnigh ag ceiliúradh faoi dhó agus Cluichí Ceannais Sinsir agus Idirmheánach na hÉireann buaite acu i gcoinne Chorcaí inné.

Ba é cúl Shelly Farrell, a tháinig i ndiaidh sárghluaiseacht de chuid Chill Chainnigh, scór cinniúnach an chluiche shinsir agus 20 nóiméad fágtha. Bhí Shelly ar dhuine de thriúir de mhuintir Fhearghaíl a bhí ag imirt do Chill Chainnigh inné, bhí Anna agus Meighan ar an bhfoireann lena cois. Maolóidh éacht an teaghlaigh an phian a bhí orthu le seachtain anuas, mar is deartháir leo iománaí Chill Chainnigh, Jonjo Farrell.

<blockquote class=”twitter-video” data-lang=”en”><p lang=”en” dir=”ltr”>Shelly Farrell finds the back of the net to give Kilkenny a 7 point lead against Cork in the Camogie final. <a href=”https://t.co/vB748k5Rbq”>https://t.co/vB748k5Rbq</a></p>&mdash; The Sunday Game (@TheSundayGame) <a href=”https://twitter.com/TheSundayGame/status/775002007262208000″>September 11, 2016</a></blockquote>
<script async src=”//platform.twitter.com/widgets.js” charset=”utf-8″></script>

Ní hiad na Farrells aon t-aon nasc atá idir na foirne seo ach an oiread. Scóráil Julie Ann-Malone ceithre phointe sa chluiche inné agus bhí deartháir léi ina ionadaí ag Brian Cody an tseachtain seo caite. Bhí Pádraig Walsh ar dhuine de na  himreoirí a d’imir cuibheasach maith do Chill Chainnigh in aghaidh Thiobraid Árann agus bhí deirfiúr leis, Grace, agus col ceathrar leis, Miriam, buacach inné. Sa chluiche idirmheánach, ba í Keeva Fennelly, col ceathrar le Michael agus Colin, a rinne an beart, ba iad an dá chúl a d’aimsigh a sháraigh Corcaigh. An camán sa dúchas, is léir.

Pictiúr: of Waterford Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Shane Bennett. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Caithfidh Port Láirge leas a bhaint as na laochra óga seo

Ar an Satharn, rinne iománaithe Phort Láirge scrios ar Gaillimh chun an Cluiche Ceannais Faoi 21 a bhuachan. Seo é an dara huair riamh do na Déisigh an chraobh áirithe seo a bhaint agus beidh muintir an chontae dóchasach go gcuirfidh sé tús le ré órga iomána i bPort Láirge.

B’fhéidir gurbh fhearr dóibh gan deimhin a dhéanamh dá ndóchas. Bhí siad ag súil leis an aiséirí chéanna tar éis dóibh an chraobh a bhuachan den chéad uair i 1994 ach, ar chúis amháin nó cúis eile, níor tharla sé. Cé gur chaith beagnach gach duine de na himreoirí a bhí ar an bhfoireann bhuacach sin seal leis na sinsir, níor bhain ach Paul Flynn, Tony Browne agus Fergal Hartley cáil amach i ngeansaí na nDéise.

Buntáiste amháin atá ag foireann an lae inniu, áfach, ná go bhfuil a lorg fágtha ag cuid mhaith acu ar na sinsir cheana féin. Tá Austin Gleeson san iomaíocht i gcomhair iománaí na bliana de bharr a chuid taispeántas le foireann Derek McGrath. Bhí cumas Shane Bennett, Stephen Bennett agus Patrick Curran feicthe againn chomh maith, sula ndearna an slad ar Ghaillimh ar an Satharn.

Is ríthábhachtach anois nach ligfí do chuid de na himreoirí eile titim ar leataobh más faoi Phort Láirge tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i gcraobh na sinsear.

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Taispeántas iomána den scoth tugtha ag Port Láirge

I gcomórtas gur minic scoth na gcluichí agus na scóranna a bheith ann gach bliain, díol suntais foireann seo Phort Láirge seo, atá ar cheann de na foirne is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ó thaobh an scil agus an chlisteacht atá acu.

Bhí sé sin le feiceáil sa phas dochreidte a thug Stephen Bennett i gcluiche ceannais na Mumhan agus léiríodh arís ar an Satharn é. Cé gur cúis díomá é go raibh an choimhlint chomh haontaobhach sin, ar a laghad bhí caighdeán na scóranna, na cúil ach go háirithe, ar fheabhas.

Bhí trí cinn de chúil scóráilte ag na Déisigh taobh istigh den chéad cheathrú huaire, DJ Foran, Patrick Curran agus Shane Bennett a rinne an beart. Ba é Curran a chruthaigh cúl Bennett le pas láimhe den scoth. Lean siad orthu sa dara leath. D’aimsigh Bennett a dhara cúl agus é ar a ghlúine tar éis dó sleamhnú isteach chun pas a dhearthár, Shane, a aimsiú. Ach bhí an ceann is fearr fós le teacht áfach.

Sheol Austin Gleeson poc sleasa isteach i dtreo an chúil agus cé go raibh sé buailte ar an líne chúil agus gan orlach spáis aige, d’éirigh le Shane Bennett breith ar an sliotar agus raspar a bhualadh thar Chathal Tuohy sa chúl.

Cáineadh stíl chosantach Derek McGrath le cúpla bliain anuas agus é á rá go gcuirfeadh sé as do dhaoine a bheadh ag breathnú ar an gcineál sin imeartha. Ach má éiríonn leis na fir óga seo an cumas atá iontu a thabhairt leo agus iad ag imirt do na sinsir, is ar Phort Láirge a bheidh gach duine ag féachaint amach anseo.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine seo'