A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine…

Súil siar ar bhuanna na Gaillimhe, Chiarraí agus Loch Garman sa chraobhacha peile agus iomána an deireadh seachtaine seo

A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine…

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Foirne ag dul sa seans le ciceanna gearra amach

Bua aon phointe amháin a bhí ag Gaillimh ar Mhaigh Eo i Staid an Phiarsaigh inné ach shílfeá nach mbeadh an dua céanna orthu an bua a fháil ach cúpla athrú a bheith déanta acu.

Ba iad na ciceanna gearra amach ba mhó ba chúis le fadhbanna na Gaillimhe. Cé go raibh clamhsáin le cloisteáil óna slua faoi chur chuige Ruairí Lavelle, cúl báire na Gaillimhe, ba léir go raibh treoir faighte aige cloí leis na ciceanna gearra. B’in a bhí á dhéanamh aige i rith na sraithe uile agus, fiú agus gála gaoithe leis sa chéad leath, b’in a rinne sé inné chomh maith.

Bhí a gcuid obair bhaile déanta ag Maigh Eo, áfach agus iad ag brú suas ar an gcic amach ó thús an chluiche. Is ón gcéad chic ó Lavelle a chruthaigh Maigh Eo a gcúl ach choinnigh an cúl báire leis an bplean a bhí aige ina dhiaidh sin.

Bhí a gcroí ina mbéal ag lucht tacaíochta na Gaillimhe le linn an chluiche ar fad dá bharr agus ba bheag nár bhuail tubaiste arís an fhoireann sa dara leath nuair a rinne Lavelle agus Declan Kyne praiseach de chic amach eile. Bhí ar Johnny Heaney dhá iarracht ar chúl a shábháil de dheasca na tuaiplise.

Ní ag Gaillimh amháin a bhí fadhbanna leis an gcic amach, áfach. Agus cóir na gaoithe leis sa dara leath, chinn David Clarke ciceanna gearra amach a thógáil agus d’éirigh le Gaillimh péire acu a  bhuachan agus scóranna tábhachtacha a aimsiú.

Cuirtear béim ar leith ar sheilbh na liathróide sa lá atá inniu ann, rud a fhágann nach mbíonn foirne ag iarraidh an liathróid a lascadh amach i dtreo lár na páirce ach, nuair a chliseann ar an gcic gearr, íoctar go daor as.

.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Draíocht Davy Fitz le sonrú arís

Fiú agus é sáinnithe thuas i mbosca san ardán, bhí tionchar Davy Fitzgerald ar imreoirí Loch Garman le feiceáil go soiléir agus iad in aghaidh Chill Chainnigh oíche Dé Sathairn. Léirigh siad spiorad iontach sa chluiche sin nuair a chuaigh siad ocht bpointe chun tosaigh ar na Cait sa dara leath. Agus léirigh siad an spiorad céanna nuair a d’éirigh leo an fód a sheasamh i ndiaidh do Chill Chainnigh dhá chúl a aimsiú i bhfoisceacht 60 soicind dá chéile, rud a d’fhág nach raibh ach aon phointe amháin idir na foirne.

Agus iad cáilithe anois do chluiche ceannais Laighean, den chéad uair ó 2008, is mór an t-athrú atá tagtha ar chás Loch Garman i gcraobh an chúige in imeacht bliana. Rinne Baile Átha Cliath slad orthu, 2-19 in aghaidh 0-12, i gcluiche ceathrú ceannais Laighean anuraidh agus cé gur fheabhsaigh siad beagáinín agus buanna acu i gcoinne Uíbh Fhailí agus Chorcaí, is beag duine a cheap go mbeadh siad chomh maith sin in 2017.

Is léiriú eile é seo ar fad ar an tionchar a bhíonn ag Davy Fitzgerald ar fhoirne. In 2008, thosaigh sé le Port Láirge tar éis dóibh cailliúint in aghaidh an Chláir i gCraobh na Mumhan. Taobh istigh de thrí mhí, bhí cluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag na Déisigh den chéad uair le 45 bliain.

Thóg sé beagáinín níos faide air dul i bhfeidhm ar Chontae an Chláir ach fós féin bhí Corn Mhic Cárthaigh tugtha leo acu taobh istigh de dhá bhliain.

Ní fios fós an mbeidh an rath céanna air i Loch Garman, ach is cinnte go bhfuil sé ar an mbóthar ceart.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Fadhb ollmhór ag Cill Chainnigh i measc na dtosaithe

Nuair nach n-aimsíonn foireann ach 1-4 ón imirt i gcluiche iomána, is annamh a éiríonn leo agus b’in a tharla do Chill Chainnigh ar an Satharn. Ó d’éirigh leithéidí Henry Shefflin, Eoin Larkin agus Richie Power as an imirt, tá na Cait ag brath rómhór ar bhuillí saora TJ Reid agus b’in ceann de na príomhchúiseanna gur chaill siad in aghaidh Loch Garman.

Bhí sé soiléir luath go maith sa chluiche go raibh siad i dtrioblóid. Chuir siad cúig cinn d’iarrachtaí amú sa chéad cheathrú uaire agus baineadh Pádraig Walsh agus Ger Aylward den pháirc sa chéad leath mar gheall ar na deiseanna a chuir siad amú.

Níl réiteach éasca ar an bhfadhb seo ag Cody ach an oiread. Cé go mbeadh tú ag súil le níos mó ó Richie Hogan, agus b’fhéidir Walter Walsh, sa chéad chluiche eile, níl mórán taithí ag na tosaithe eile atá ar an bpainéal, leithéidí Liam Blanchfield, Chris Bolger, Kevin Kelly agus fiú Aylward nach bhfuil ach séasúr amháin imeartha aige do na sinsir.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Filleadh O’Donoghue ina údar imní do Chorcaigh

Agus é ag imirt ina chéad chluiche craoibhe ó mhí Iúil na bliana seo caite, léirigh James O’Donoghue arís cén fáth gur roghnaíodh é mar Imreoir na Bliana in 2014. Cé gur thóg sé achar beag ar thosach Chiarraí socrú síos ag tús an chluiche, bhí sé ar fheabhas ina dhiaidh sin agus naoi bpointe aimsithe aige in aghaidh an Chláir.

Ba iad na ceithre cinn a tháinig ón imirt na cinn ab fhearr díobh agus deas agus clé á n-úsáid aige chun scóranna a aimsiú in aghaidh na gaoithe sa dara leath.

Is buntáiste eile é seo do Chiarraí agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí. Tar éis dóibh drochthaispeántas a thabhairt uathu in aghaidh Thiobraid Árann Dé Sathairn, bhí Corcaigh ag súil go spreagfadh an slua agus an ócáid iad i bPáirc Uí Chaoimh. Faraor, fógraíodh inniu nach mbeidh an pháirc nua réidh in am. Seans go mbeidh lá fada eile roimh mhuintir Chorcaí i gCill Airne ar an 2 Iúil.

 

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine…'