A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Gan ach babhta amháin fágtha sa tsraith iomána agus trí bhabhta fágtha sa tsraith peile, tá brú ar na foirne ag bun na dtáblaí

A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

INPHO/Tommy Dickson

Macasamhail an ‘Super 8’ á iarraidh san iomáint gan mhoill

Agus iad den tuairim go bhfuil an iomáint faoi bhrú go mór anois ag an bpeil mar gheall ar struchtúr nua an ‘Super 8’ a bheith á thabhairt isteach, is cinnte go mbeidh siad siúd ar mó a spéis sna camáin ag iarraidh leagan amach den chineál céanna do chraobh na hiomána sula i bhfad. Cabhróidh cluichí ar nós coimhlint an tSathairn idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann go mór lena gcás.

Ní raibh ach trí chluiche ann an samhradh seo caite a raibh mórán fiúntais leo, an cluiche leathcheannais idir Gaillimh agus Tiobraid Árann agus an dá chluiche leathcheannais idir Cill Chainnigh agus Port Láirge. Cé nach bhfuil againn fós ach mí an Mhárta agus nach bhfuil ach cúpla mí traenála déanta ag na foirne seo, tugadh taispeántas i Staid Semple ag an deireadh seachtaine a bhí níos fearr ná gach cluiche craoibhe eile dá bhfaca muid anuraidh.

Is cinnte go mbeadh tóir ar níos mó cluichí idir na foirne is fearr sa chraobh agus chuirfeadh sé iontas orm mura mbeadh rún curtha chun cinn ag Comhdháil Bhliantúil CLG 2018 ag iarraidh go dtarlóidh sé sin. Arís, beidh an argóint chéanna ann faoin leas a dhéanfadh sé sin do na foirne laga agus na himreoirí club ach, mar a tharla sa pheil, seans go gcuirfear na ceisteanna sin ar an méar fhada.

Bainisteoir Loch Garman, Davy Fitzgerald. INPHO/Ryan Byrne

Éacht déanta ag Fitzgerald agus Loch Garman agus cluiche fós le himirt

Bhain Loch Garman an t-ardú céime go Roinn 1A amach inné tar éis dóibh an bua a fháil ar Uíbh Fhailí i bPáirc Uí Chonchúir. Cé go bhfuil cluiche amháin fágtha acu sa tsraith, chinntigh an bua nach féidir le haon dream breith ar fhoireann Davy Fitzgerald agus cé nach raibh siad i mbarr a maitheasa inné, tabharfaidh sé sásamh don bhainisteoir gur éirigh lena chuid imreoirí an lá a thabhairt leo ina ainneoin sin.

Bhí Loch Garman chun tosaigh ag an mbriseadh a bhuíochas de chúl Conor McDonald díreach roimh leath ama. Agus 50 nóiméad imeartha, ní raibh siad ach trí phointe chun cinn agus bheadh Uíbh Fhailí ar comhscór murach go ndearna Mark Fanning sábháil iontach ar phoc éirice Shane Dooley.

Is cinnte go bhfuil éacht déanta ag Fitzgerald cheana féin i Loch Garman. Cé go raibh imreoirí óga cumasacha sa chontae, is beag duine a cheap go ndéanfadh siad dul chun cinn chomh tapa seo, go háirithe i ndiaidh an tús deacair a bhí acu sa tsraith agus Luimneach agus Gaillimh rompu sa chéad dá bhabhta.

Ceapadh gurbh é an cluiche idir Gaillimh agus Luimneach faoi cheann coicíse a shocródh cé a bhainfeadh amach an t-ardú céime ach ní fiú faic anois an cath sin.

Foireann Chorcaí. INPHO/Morgan Treacy

Cúig chontae fós ag iarraidh ísliú céime a sheachaint i Roinn 1A

Cé nach bhfuil ach cluiche amháin fágtha sa tsraith, ní fios fós cé a thógfaidh áit Loch Garman i Roinn 1B in 2018. Imreofar an cluiche dícháilithe an mhí seo chugainn ach d’fhéadfadh aon cheann de chúig fhoireann as na sé fhoireann i Roinn 1B an babhta sin a bhaint amach.

Is iad Baile Átha Cliath is mó atá ag streachailt agus iad ag bun an tábla faoi láthair tar éis dóibh cailliúint in aghaidh an Chláir Dé Domhnaigh. Is i gcoinne Chill Chainnigh atá foireann Ger Cunningham sa bhabhta deireanach agus má bhuann siad ar na Cait, d’fhéadfadh go dtiocfaidh siad slán go fóill.

Casfaidh Port Láirge agus an Clár ar a chéile in Inis faoi cheann coicíse agus dhá bhua faighte ag an dá fhoireann go dtí seo. Beidh pé foireann a bhuafaidh sa chluiche sin slán ach d’fhéadfadh an dá fhoireann acu áit sa bhabhta ceathrú ceannais a bhaint amach má críochnaíonn siad ar comhscór.

Tá údar dóchais agus éadóchas ag Corcaigh chomh maith. Cé go gcaithfidh siad aghaidh a thabhairt ar Thiobraid Árann sa chéad bhabhta eile, beidh siad ag súil go mbeidh na Tiobradaigh á thógáil go réidh ó tharla áit a bheith bainte amach acu sa bhabhta ceathrú ceannais cheana féin.

Imreoirí Thír Eoghain agus an Cabhán in adharca a chéile. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Ros Comáin agus an Cabhán i mbaol i Roinn 1

Imríodh an cluiche peile idir Tír Eoghain agus an Cabhán a cuireadh ar ceal ag deireadh mí Feabhra an deireadh seachtaine seo agus fágann bua seacht bpointe Thír Eoghain go bhfuil an Cabhán i dtrioblóid ag bun Roinn 1.

Níl aimsithe acu ach pointe amháin sa tsraith go dtí seo agus tá siad trí phointe chun deiridh ar Mhaigh Eo agus ar Chiarraí anois, na foirne a dtabharfaidh siad aghaidh orthu i mBabhta 5 agus 6 den tsraith faoi seach. Beidh bainisteoir na foirne, Mattie McGleenan, ag súil le taispeántais níos fearr uathu sna cluichí sin ach d’fhéadfadh go bhfágfadh cluichí an deireadh seachtaine seo chugainn gurb é an t-ísliú céime atá i ndán dóibh.

Má chailleann an Cabhán in aghaidh Mhaigh Eo agus má bhuann Ciarraí ar Bhaile Átha Cliath agus Muineachán ar Ros Comáin, is iad an Cabhán agus Ros Comáin a rachadh síos, fiú agus dhá bhabhta den tsraith fágtha.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'

  • Hiy

    Ardchluiche as cuimse idir na Cait agus na Tiobradaigh ach gan aon radharc ag ar bhformhor mor air nach bhfuil Eir againn. Rugbai do dheagoiri a bhi ar RTE tratha an ama cheanna. Ta an sop seidte anois a dhuine.