A raibh le foghlaim ó bhua na Gaeltachta i gcluiche leathcheannais na Mumhan

D’éirigh le CLG na Gaeltachta an ceann is fearr a fháil ar Mhala i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach na Mumhan inné

A raibh le foghlaim ó bhua na Gaeltachta i gcluiche leathcheannais na Mumhan

Roibeard Ó Sé (An Ghaeltacht) agus Eoin Stanton (Mala). Pictiúr: Dan Linehan/Irish Examiner

Galar na scórála ag scaipeadh roimh chluiche ceannais na Mumhan

Ní hamháin gur éirigh le foireann na Gaeltachta scór breá a fháil in aghaidh Mhala inné, 1-19, ach ba ó scata mór imreoirí a tháinig na scóranna.

In aghaidh an Teampaill Nua i gcluiche ceannais an chontae coicís ó shin, bhí fir Chorca Dhuibhne ag brath go mór ar Dhara Ó Sé, Seán M Ó Conchúir agus PJ Mac Láimh chun a gcuid scóranna a fháil, ach ní hin mar a bhí inné.

D’éirigh le naonúr an liathróid a chur thar an trasnán in aghaidh Mhala, an seisear tosaithe a thosaigh an cluiche agus an bheirt imreoirí lár páirce ina measc. Ní minic a dhéanann aon fhoireann gaisce dá leithéid agus is cinnte gur mór an t-ugach don Ghaeltacht scaipeadh seo ghalar na scórála roimh chluiche ceannais na Mumhan.

Imreoir na Gaeltachta, Seán M. Ó Conchúir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ceann tábhachtach eile ag ‘Coco’ na gcúl cinniúnach

Is a bhuíochas de na himreoirí óga atá ag bláthú le blianta beaga anuas atá ualach na scórála anois á iompar níos cothroime, ach bíonn tionchar nach beag i gcónaí ag duine de sheanfhondúirí na foirne ar chluichí –Seán Micheál Ó Conchúir.

Trí chluiche ceannais atá imeartha ag an nGaeltacht i mbliana agus tá a rian fágtha ag Ó Conchúir ar gach ceann acu. Naoi bpointe a d’aimsigh sé nuair a bhuaigh siad ar Chill na Martra i gcluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta níos luaithe i mbliana, 1-3 a fuair sé i gcluiche ceannais an chontae agus 1-5 a fuair sé inné.

Ba é an cúl a fuair sé inné, ag tús an dara leath, a chuir deireadh le haon deis a bhí ag Mala teacht aniar a dhéanamh. D’fhág an cúl farasbarr ocht bpointe ag an nGaeltacht agus bhí spiorad Mhala cloíte.

PJ Mac Láimh (An Ghaeltacht) agus Aaron Cahill (Mala). Pictiúr: Dan Linehan/Irish Examiner

Bearnaí fós ann sa chosaint

Luaigh beirt chomhbhainisteoirí na Gaeltachta i ndiaidh an chluiche go raibh obair fós le déanamh acu maidir le cruth níos fearr a chur ar chóras cosanta na foirne. D’aimsigh Killian O’Connor cúl do Mhala luath sa chluiche tar éis dó ruathar a dhéanamh trí na cosantóirí agus d’aimsigh Matthew Taylor agus James Loughrey a macasamhail de bhearnaí  chun deiseanna a chruthú.

Bhí an fhadhb chéanna ag an nGaeltacht i gcluiche ceannais an chontae, nuair a d’éirigh le leithéidí Teddy Doyle agus Pat Spillane dul ar ruathair agus bearnaí a aimsiú chun borradh a chur faoi theacht aniar an Teampaill Nua.

Nuair a bhíonn tosaithe na Gaeltachta i mbarr a maitheasa, ní fadhb rómhór iad na bearnaí taobh thiar díobh, mar go n-éiríonn leis an bhfoireann níos mó a scóráil ná a gcéilí comhraic. Tiocfaidh an lá, áfach, nuair nach mbeifear in ann brath ar chumas na foirne i mbun scórála. Níor mhór dóibh a bheith níos diongbháilte i mbun cosanta amach anseo.

Brian Ó Beaglaoich (An Ghaeltacht) agus Ryan Harkin (Mala). Pictiúr: Dan Linehan/Irish Examiner

Fonn bóithreoireachta ag teacht arís ar mhuintir Chorca Dhuibhne

Seans gur dea-chomhartha é gur ar fhoireann darb ainm Naomh Seanán atá an Ghaeltacht ag tabhairt aghaidh i gcluiche ceannais na Mumhan. An uair dheireanach gur éirigh leis an gclub Gaeltachta cluiche ceannais an chúige a bhaint amach in 2003, is ar Naomh Seanán a bhuadar i gcraobh na sinsear.

Ní hé an Naomh Seanán céanna atá i gceist, áfach. Ar Naomh Seanán an Chláir a bhuadar in 2003 ach ar churaidh Idirmheánacha Luimnigh, a thabharfaidh siad aghaidh sa chluiche ceannais faoi cheann coicíse. Fuair Naomh Seanán Luimnigh an ceann is fearr ar Chill Mhichíl an Chláir an deireadh seachtaine seo, 2-11 in aghaidh 2-8, a bhuí leis an gcúl cinniúnach a fuair Adam Kearns agus gan ach cúig nóiméad fágtha.

Cé nach bhfuil an t-ionad don chluiche ceannais socraithe go fóill, beifear ag súil go mbeidh slua mór ón nGaeltacht i láthair. I ndiaidh chluiche ceannais an chontae, thagair captaen na foirne don ghá le níos mó tacaíochta ó mhuintir na Gaeltachta agus is léir gur spreagadh an pobal mar rinne slua breá ó Iarthar Duibhneach an t-aistear go dtí Mala inné. Beidh cuimhne go deo i gCorca Dhuibhne ar an aistear fada eachtrúil a rinne an cumann go dtí Páirc an Chrócaigh in 2003-2004 agus is cosúil go bhfuil fonn bóithreoireachta ag teacht arís orthu.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó bhua na Gaeltachta i gcluiche leathcheannais na Mumhan'