A raibh le foghlaim ó bhua Chiarraí agus ó chluichí ceannais na sraithe

Ba é bua na Ríochta scéal mór an deireadh seachtaine ach bhí ceachtanna le foghlaim ó na cluichí eile a imríodh i bPáirc an Chrócaigh chomh maith

A raibh le foghlaim ó bhua Chiarraí agus ó chluichí ceannais na sraithe

Fir óga Chiarraí ag bláthú

Inné, bhí Ronan Shanahan, Jack Barry, Jack Savage agus Kevin McCarthy uile ag imirt a gcéad chluiche i bPáirc an Chrócaigh d’fhoireann shinsir Chiarraí. Ina dteannta bhí Tadhg Morley, fear nár imir i gcluiche ceannais na sraithe anuraidh ach atá ag cruthú go maith ó shin. Faoin am go raibh an 70 nóiméad thart, bhí sárfhoireann Bhaile Átha Cliath sáraithe ag fir na Ríochta agus bhí baint mhór lena mbua ag an gcúigear ógánach.

Ba léir go bhfuil an-mhuinín ag bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice, as na fir chéanna mar ní hamháin go raibh sé sásta iad a chur chun páirce i rith na sraithe, ach thug sé róil thábhachtacha dóibh i bplean na foirne chomh maith.

Tá Ciarán Kilkenny agus Brian Fenton ar bheirt de na himreoirí is tábhachtaí atá ar fhoireann Bhaile Átha Cliath agus cuireadh de dhúshlán roimh Morley agus Barry stop a chur leo. D’éirigh leo é sin a dhéanamh agus mhaolaigh siad go mór an tionchar a bhí ag an mbeirt acu sa chluiche, rud a thug buntáiste ollmhór do Chiarraí.

D’éirigh go geal leis an triúr eile chomh maith. Díol suntais ab ea  fuinneamh agus féinmhuinín Kevin McCarthy sna tosaithe agus tógadh amach Paddy Andrews  agus gan é in ann aon ní cóir a dhéanamh i gcoinne Ronan Shanahan agus cé gur dheacra a bhí sé ar Jack Savage dul i bhfeidhm ar an gcluiche, ba é a d’aimsigh an chéad scór a fuair Ciarraí sa chluiche agus bhí baint aige le trí scór eile i dtús an chluiche.

An chothromaíocht cheart ag Fitzmaurice

Ceann de na cúiseanna nár éirigh le Ciarraí an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas ná gur chinn orthu an chothromaíocht cheart a fháil idir an chosaint agus an t-ionsaí. Tá moladh tuillte ag Éamonn Fitzmaurice anois, áfach, mar go raibh an chothromaíocht sin díreach i gceart  i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh.

Amhail Gaillimh agus Seán Armstrong i gcluiche ceannais Roinn 2 níos luaithe sa tráthnóna, níor fhág Ciarraí ach Paul Geaney sa líne lántosach ar feadh tréimhsí fada den chluiche. Murab ionann is na Gaillimhigh, áfach, nuair a fuair Ciarraí seilbh na liathróide agus iad i mbun cosanta, chuaigh Donnchadh Walsh, Kevin McCarthy, Paul Murphy agus go háirithe Michael Geaney, suas an pháirc ar luas lasrach chun cosán a ghearradh trí aonad cosanta Bhaile Átha Cliath.

Tá iarracht déanta ag Ciarraí le cúpla bliain anuas an córas seo a chur i bhfeidhm ach seans go raibh an easpa fuinnimh agus óige ag cur as dóibh. Anois, agus an fhoireann lán d’imreoirí óga, tá cuma na maitheasa orthu. Má bhíonn James O’Donoghue ar ais sa líne lántosach taobh le Paul Geaney don chraobh agus an obair chéanna fós ar bun acu ar fud na páirce, bheidh deis iontach acu deireadh a chur le ceannas Bhaile Átha Cliath ar an gcraobh.

Barry McHugh (Gaillimh) ag iarraidh stop a chur le Eddie Heavey (Cill Dara). INPHO/Mike Shaughnessy

Obair le déanamh fós ag Gaillimh agus Cill Dara

Is beag an baol go mbeidh Gaillimh ná Cill Dara ar ais i bPáirc an Chrócaigh an t-am seo an bhliain seo chugainn más aon fhianaise an cluiche a d’imir siad Dé Domhnaigh. Beidh an dá fhoireann ag imirt i Roinn 1 in 2018 ach tá ualach oibre le déanamh acu más fúthu a bheith láidir a ndóthain chun dúshlán ceart a thabhairt do leithéidí Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath.

Cé nach raibh an oiread sin tábhachta ag baint le cluiche ceannais Roinn 2, fós beidh imní ar lucht leanúna an dá chontae faoin easpa misnigh a léirigh an dá fhoireann. Níor scóráladh ach sé phointe an taobh  sa chéad leath agus na himreoirí ar fad dírithe  ar an gcosaint seachas aon rud eile.

Tabharfaidh sé spreagadh do Gaillimh go bhfuil a gcéad chluiche i bPáirc an Chrócaigh buaite acu ó 2001 ach bhí tréimhsí fada sa chluiche nuair a theip orthu Cill Dara a bhriseadh síos. Níor fhág Kevin Walsh ach tosach amháin taobh istigh de líne 45m an fhreasúra agus arís agus arís eile, bhí na Gaillimhigh chomh mall sin agus seilbh na liathróide acu go raibh deis do Chill Dara tuilleadh imreoirí a thabhairt siar.

Thug beirt ionadaithe, Michael Daly agus Damien Comer, fuinneamh breise d’fhoireann na Gaillimhe nuair a tháinig siad isteach ach beidh neart eile de sin ag teastáil nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar na boic mhóra le linn na sraithe in 2018.

Michael Quinlivan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Quinlivan agus Sweeney ar fheabhas arís

Bhuaigh Tiobraid Árann cluiche ceannais Roinn 3 ar an Satharn agus arís eile, ba iad Michael Quinlivan agus Conor Sweeney a rinne scrios sa líne lántosach in aghaidh Chontae Lú.

Aithnítear Quinlivan i measc na dtosaithe is fearr sa tír le cúpla bliain anuas. Ba é a chúl in aghaidh Ard Mhacha agus an t-am caite seachtain ó shin a chinntigh go mbeadh áit ag áit ag Tiobraid Árann sa gcluiche ceannais agus i Roinn 2 an bhliain seo chugainn, ach ba é Sweeney laoch na foirne i bPáirc an Chrócaigh. 2-5 a d’aimsigh fear Bhéal Átha Póirín agus is é a chruthaigh an cúl eile a scóráil Tiobraid Árann in aghaidh Chontae Lú.

Eatarthu, scóráil an bheirt 10-46 le linn na sraithe i mbliana. D’fhéadfaí a rá nach raibh i gceist ach Roinn 3, ach léirigh Quinlivan agus Sweeney a gcumas i gcraobh na bliana seo caite chomh maith.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó bhua Chiarraí agus ó chluichí ceannais na sraithe'