A ngealltanas Gaeilge agus Gaeltachta ‘briste’ ag an Rialtas i mBuiséad ‘maslach’ agus ‘náireach’

Tá a laghad a cuireadh ar fáil don Ghaeilge i mBuiséad 2017 cáinte go láidir ag Fianna Fáil agus ag Sinn Féin, agus tá a ndíomá faoin scéal curtha in iúl ag Conradh na Gaeilge

A ngealltanas Gaeilge agus Gaeltachta ‘briste’ ag an Rialtas i mBuiséad ‘maslach’ agus ‘náireach’

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá sé i curtha i leith an Rialtais nár chomhlíon siad i mBuiséad 2017 a ngealltanas maidir le hinfheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Laghdú 9% a fógraíodh do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad an lae inné, ó €51.026 milliún in 2016 go dtí €46. 736 milliún.

Laghdú sa bhuiséad caipitil a bhí i gceist ansin a bhaineann le hairgead a bhí curtha ar leataobh anuraidh do thógáil Theach an Phiarsaigh i Ros Muc agus d’fhorbairt Ché Inis Oírr. Seachas sin is beag athrú atá tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta, seachas ardú €1.4 milliún ar an mbuiséad reatha.

San áireamh ansin, tá méadú €440,000 do scéimeanna tacaíochta teanga, ó €6 milliún go dtí €6.44 milliún, méadú €60,000 d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus méadú €250,000 araon do bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta agus do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ní bhfuair Foras na Gaeilge ardú ar bith i mBuiséad 2017 agus beidh an leithdháileadh caipitil céanna ag Údarás na Gaeltachta i mbliana is a bhí acu anuraidh – €6.687 milliún – nuair a chuirtear san áireamh an milliún breise a tugadh don eagraíocht i meastacháin dheireadh na bliana seo caite. Deir an tAire Stáit Seán Kyne gur éirigh leis freisin €2.4 milliún breise a fháil don Údarás chomh maith le linn na bliana 2016.

Is “mór an masla” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é an ciorrú 9% atá déanta ar bhuiséad na Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i mBuiséad 2017, dar leis an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir gur theip “an Rialtas, Fianna Fáil agus na neamhspleáigh atá á gcoinneáil i gcumhacht” ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus “nár chóir do phobal na Gaeilge tacú leo feasta”.

Dúirt Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie aréir gur mheasa fós é nár tugadh aon airgead breise d’Fhoras na Gaeilge “in ainneoin na n-iarratas a bhí déanta ag Conradh na Gaeilge” ó aimsir an toghcháin i leith.

Bhí éilithe ag Conradh na Gaeilge, thar ceann 80 eagraíocht Ghaeilge ar fud na tíre, go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge i mBuiséad 2017.

Tá méadú beag tagtha ar mhaoiniú an Údaráis, tuairim is €250,000 ina mbuiséad reatha, ach dúirt Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie nach raibh i gceist ach “cleasaíocht airgeadais” agus gur “ag tógáil le lámh amháin, agus ag tabhairt le lámh eile” a bhíothas.

“Laghdaíodh an méid atá á thabhairt don Údarás toisc go bhfuil cúpla togra críochnaithe, ach níor cheart airgead a bhaint ó dhream toisc gur chaith siad cheana é. Ba cheart an deis a thabhairt dóibh an t-airgead a chaitheamh ar thograí eile. Léiríonn sé an drochmheas atá acu ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge.

“Tá an locht ar na hAirí agus ar an Taoiseach, atá in ainm is a bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste [fochoiste Gaeilge an Rialtais] sin. Níl sé ag seasamh an fhóid,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Dúirt Ó Clochartaigh freisin gur ait leis nár tugadh briseadh síos don Roinn go luath i ndiaidh fhógairt an Bhuiséid tráthnóna, “mar a dhéantar go hiondúil”.

Níl Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Stiofán Ó Cúláin, chomh héadóchasach céanna faoi bhuiséad a eagraíochta don bhliain seo chugainn.

“Tá muid réasúnta sásta leis, agus tá siad ag dul an bealach ceart. Tá géarghá le hinfheistíocht mhór sa Ghaeltacht, san infreastruchtúr agus san fhostaíocht, agus tá cinneadh déanta inniu a thabharfaidh síos an bóthar sin muid. Tá cás mór, mar sin féin, le déanamh againn an bhliain seo chugainn.

“Ní hé seo deireadh an scéil. Tá idirbheartú le déanamh mar is gá agus d’fhéadfadh sé tarlú go n-éireodh linn níos mó a bhaint amach. Ar a laghad ar bith tá soláthar breise ann go deireadh na bliana. Níl aon ardú mórán ann, ach nuair a bhreathnaíonn ar an mórscéal, níl mórán ardú ann áit ar bith,” a dúirt Ó Cúláin le Tuairisc.ie.

Tá “díomá” ar Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nár éirigh le hachainí Chonradh na Gaeilge agus an 80 eagraíocht a thacaigh lena n-éilimh maidir le maoiniú breise a fháil d’Fhoras na Gaeilge ná d’Údarás na Gaeltachta.

“Níl aon rud a bhféadfá maíomh as i mBuiséad 2017. Níl aon mhéadú ar an gciste caipitil, tá an méid céanna ann d’Údarás na Gaeltachta. Lorgaíomar leathmhilliún, tá ceathrú milliún curtha ar fáil. Níl aon ardú fógartha d’Fhoras na Gaeilge, agus is mór an náire é sin nuair atá cúig mhilliún fógartha don Chomhairle Ealaíon.

“Léiríonn sé seo arís, cén chomh deacair is a bhíonn sé nuair nach mbíonn Aire Sinsearach againn. Tá Seán Kyne tiomanta don rud agus tá a chroí san obair, ach ní raibh sé in ann dul i bhfeidhm ar an Roinn ina bhfuil sé, ná ar an Roinn Caiteachais Phoiblí,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé freisin, áfach, “nach bhfuil an cath thart fós” agus go bhfuil “deis fós ann” idir seo agus an Nollaig tionchar a imirt ar na polaiteoirí.

“Is plean trí bliana atá sa phlean s’againne, agus tá dul chun cinn déanta le roinnt mhaith polaiteoirí. Gheall 84 Teachta Dála a gcuid tacaíochta do na héilimh agus bhíomar ag caint le han-chuid díobh le laethanta beag anuas.

“Ar an iomlán, níl an t-airgead atá curtha ar fáil sásúil, agus is léir go dteastaíonn Aire Sinsearach uainn,” a dúirt sé.

Dúirt an t-iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur “náireach an scéal” na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go dtéann na ciorruithe sin “glan in aghaidh an tsocrú” a bhí déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus “in aghaidh chlár an rialtais”.

Thug sé le fios do Tuairisc.ie go mbeidh ceisteanna á gcur aige ag cruinnithe an dá choiste a bhaineann leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, an Coiste Gaeilge agus Gaeltachta agus an Coiste Forbartha Tuaithe faoin “laghdú ar chaiteachas iomlán na Roinne” agus an laghdú “sonrach” ar chaiteachas Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán.

“An cineál airgid atá á chaitheamh, is léir nach bhfuil aon spéis acu sna cúrsaí seo, agus feiceann muid arís na míbhuntáistí a bhaineann le hAire Sóisearach.

“Tá beagáinín beag tugtha d’Údarás na Gaeltachta do chúrsaí tionsclaíochta. Tugadh airgead don IDA freisin agus sin an t-aon bhunús atá leis sin. Níl aon bhunús Gaeilge nó Gaeltachta, is cuid den phacáiste a tugadh do na heagraíochtaí tionscnaimh. Tá laghdú mór i gceist dáiríre,” a dúirt sé.

Dúirt sé “nach bhfuil an cluiche go hiomlán thart” agus go bhfuil súil aige aird a tharraingt ar an laghdú “náireach” idir seo agus an Nollaig nuair a bheidh na meastacháin leasaithe á bhfógairt. Mar sin féin, dúirt sé nach “amadán” é agus nach raibh súil mhór aige go dtarlóidh mórán athruithe.

“Tá mé fíor, fíor-mhíshásta agus cuirfidh mé an oiread brú agus is féidir liom ar an rialtas seo,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt sé chomh maith go raibh ceisteanna le cur faoi chás mhná tí na gcoláistí samhraidh nach bhfuair an maoiniú a baineadh díobh ar ais fós, cé go bhfuil “go leor de na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm curtha ar ceal” anois.

Cháin an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh Fianna Fáil, áfach, toisc nár éirigh leo dul i bhfeidhm ar an Rialtas faoi chás na Gaeilge agus iad i mbun idirbheartaíochta faoi Bhuiséad 2017.


”Cén fáth nár sheas Fianna Fáil an fód ar cheist na Gaeilge? Céard faoi na gealltanais a thug siad do phobal na Gaeilge faoin ngá le maoiniú breise?”

“Níl ann ach seachtain ó bhí Conradh na Gaeilge ag impí ar chomhaltaí an Oireachtais, níos mó airgid a thabhairt don teanga, ach is léir gur tugadh cluas bhodhar don éileamh sin,” a dúirt Ó Clochartaigh.