A mianta féin is mó atá ag déanamh buartha do lucht na n-achainí i Stormont

Tá mí-úsáid á baint as sciath chosanta a tugadh isteach i Stormont chun cearta daoine a chosaint, agus leas á bhaint as ag polaiteoirí mar veto ar mhaithe leo féin

ULSTER Cake _2
Paul Givan

Seift speisialta chun cearta mionlaigh a chosaint sa Tionól i Stormont is ea an achainí chásmhaireachta nó an achainí ar bhonn buartha. D’aontaigh na páirtithe roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta go raibh an sciath chosanta seo riachtanach chun comhionannas agus cearta a chinntiú.

Is maith ann an chosaint agus is léir go bhfuil gá leis. Is léir freisin, áfach, gur minicí a bhaintear mí-úsaid as ná leas bailí. Ba é a chuspóir ná a chinntiú i gcásanna íogaire nach gcuirtfí bearta i bhfeidhm beag beann ar chomhionnanas nó cearta an mhionlaigh. Ina ionad sin, is minic a bhaineann páirtithe leas as mar veto ar mhaithe leo féin.

As na scórtha achainíocha a rinneadh go dtí seo, bhí dhá chás a bhí an-chonspóideach. Bhain an DUP úsáid as an achainí chásmhaireachta ar mhaithe leis an bpáirtí. Rinne siad é chun bac a chur ar rún cáinte faoin Iar-Aire Nelson McCausland i dtaca lena iompar i leith comhlachta a bhí ar conradh ag áisíneacht faoi riar a roinne.

Sa dara cás, theastaigh ó Shinn Féin achainí chásmhaireachta a úsáid chun stop a chur le reachtaíocht a cheilfeadh postanna mar chomhairleoirí d’airí ar iarphríosúnaigh paraimíleata.

Ní mór do scór go leith teachta an achainí a shíneadh. Níl an líon sin teachtaí ag SF agus ní bhfuaireadar tacaíocht ó pháirtí ar bith eile agus dá bhrí sin theip orthu.

Tá 38 teachta ag an DUP agus ní bhíonn gá acu le tacaíocht ó pháirtí eile chun achainí a dhéanamh ar bhonn buartha. Anuraidh rinneadar é chun cosc a chur ar phlé faoi phósadh comhghnéis. Le déanaí bhaineadar leas as an achainí i gcás 49 moladh ó pháirtithe eile faoi na leasaithe/ciorruithe ar an gcóras leasa shóisialaigh. Má áirítear iad sin mar 49 achainí ar leith, beidh an bhliain seo ar an gceann is mó a ndearnadh achainíocha lena linn.

Go n-uige seo, ba sa bhliain 2010-2011 ba mhó a rinneadh achainí den chineál seo – scór ar fad, 17 ó aontachtóirí agus trí cinn ó pháirtithe naisiúnacha, de reir thuairisc oifigiúil an Tionóil.

Anuas ar an úsáid a bhaintear as chun moltaí a chloí, baintear an iomarca leas as an achainí chun díospóireacht a sheachaint. Fiú nuair a bheadh úsáid cheart á baint as achainí ar bhonn buartha, níor ghá an tseift a úsáid go dtí go mbeadh sé in am vóta a chaitheamh. Is annamh a tharlaíonn sé sin.

Rinne mé tagairt i Tuairisc.ie le déanaí don ‘chlásal coinsiasa’ atá á brú ag Paul Givan ón DUP ar an Tionól, dréachtfhoráil chun teorannú a dhéanamh ar chearta hómaghnéasach. Tá na sínithe bailithe ag Sinn Féin, le tacaíocht ón gComhaontas Glas agus NI21 chun cosc a chur ar iarracht Givan. Tá an SDLP ina choinne freisin agus toilteanach tacú le hachainí má chuireann Givan bille faoi bhráid na dTeachtaí. Úsáid de réir na gcritéar a bhí ar intinn ag lucht a dheartha is ea é sin – cosaint do mhionlach ó bheart a dhéanfadh idirdhealú ar bhonn gnéaschlaonta.

Go teoiriciúil, ní gá gur veto é an achainí. Nuair a dhéantar é, le tacaíocht ó 30 teachta, ar a laghad ní féidir é a chloí ach le ‘móramh ualaithe’ mar a thugtar air. Sin 60% de vótaí na mball – agus 40% ar a laghad de náisiúnaithe agus aontachtaithe san áireamh.

Go praicticiúil, is é toradh na huimhríochta i Stormont nach féidir rún a rith bunaithe ar achainí mar gur móramh ar thaobh amháin a bheadh sa scór go leith teachta a shíneodh í.

Tá roinnt ag éileamh go scorfaí an achainí scun scan. Botún a bheadh ansin.

Ní gá ach smaoineamh ar mholtaí Givan chun é sin a thuiscint. Tá gá le cosaint i gcónaí. Tá gá freisin, gan dabht, le beachtú ar na critéir ionas nach féidir le haon pháirtí leas cúng, leithleasach a bhaint as an achainí. Caolseans go dtabharfaidh na páirtithe faoi na hathraithe seo gan mhoill.

Ach más féinleas is áil leo, níor mhiste a chur san áireamh gur beart cothaithe measa agus muiníne i measc an phobail a bheadh ann. Agus tá a fhios ag dia go bhfuil gá ag na polaiteoirí leis sin.

Fág freagra ar 'A mianta féin is mó atá ag déanamh buartha do lucht na n-achainí i Stormont'