A mhuintir IKEA, níl uaim ach tolg a mbeinn compordach air le linn Skunk Fu ar Cúla 4!

Braitheann ár gcolúnaí go bhfuil sé in am di tabhairt faoi oilithreacht mhór eile – chuig IKEA

A mhuintir IKEA, níl uaim ach tolg a mbeinn compordach air le linn Skunk Fu ar Cúla 4!

Tá mé ag brath ar a ghabháil go IKEA. Turas é atá ar chúl m’intinne agam le roinnt blianta anois agus amhail an Camino de Santiago, nó oilithreacht ar bith eile, ar ‘chaoi éicint’ tá a fhios agam go bhfuil an t-am ‘ceart’ tagtha chuige.

Ní raibh mé ann riamh cheana. Bhuel, ní hin í baileach an fhírinne. Bhí mé ann faoi dhó cheana, ach níor éirigh liom níos mó ná leathuair a chloig a chaitheamh ann ceachtar babhta. Tá a fhios ag chuile oilithreach nach bhfuil do dhóthain ansin dháiríre más soilsiú spioradálta atá tú a iarraidh.

An chéad uair a ndeachaigh mé ann thug mé na gasúir liom. Fuair mé ceann de na tralaithe móra atá acu, chuir mé an triúr acu isteach ann agus seo linn.

Ní raibh muid imithe i bhfad thar na boird sin a iompaíonn isteach ina seilfeanna, a iompaíonn isteach ina leapacha, a iompaíonn isteach ina bpaca cártaí, nuair a bhreathnaigh mé síos sa tralaí. San áit a raibh triúr suite cúpla nóiméad roimhe sin, ní raibh ach beirt anois.

‘Ó a thiarna na glóire, cá mbeadh sí?’ a dúirt mé is mé ag breathnú thart orm ar an gcathair ghríobháin tolg, leapacha agus seilfeanna cliste.

Bhí an t-anam scanraithe asam. Bhuail mé faoi trolley dash chráite de léim is mé ag béicíl a hainm amach in ard mo ghutha. Tháinig mé uirthi sa deireadh gan mairg uirthi agus í luite siar go teolaí i FÖLJA beag bán agus SMÅSLUG tarraingthe isteach teann lena cliabhrach aici. Bhí sé in am againn imeacht.

An dara huair a ndeachaigh mé ann cheap mé go raibh sé déanta amach agam. Chuala mé go raibh seomra spraoi acu agus shocraigh mé na páistí a fhágáil ann an fhad is a bheinnse ag cuardú boscaí lóin agus mata urláir don seomra folctha.

Bhí siad sásta go leor ag dul isteach ann ach nuair a tháinig mé ar ais tar éis leathuair a chloig lena mbailiú, bhí foilmhe éicint ina súile agus dath geal orthu. “Ná fág ansin arís go deo muid,’ a dúirt siad liom.

An iarraidh seo, tá mé fhéin agus mo chara ag dul ann. Tuigeann sise an draíocht a bhaineann leis an bhfoirgneamh mór gorm atá neadaithe isteach le taobh an M50. Faigheann sise sólás as ainm an tsiopa agus é scríofa i litreacha móra buí i gcló ciallmhar, soléite.

Ardaíonn a croí nuair a fheiceann sí na póstaeir gheala de dhaoine lúcháireacha agus iad i bhflaithis Dé ag an ord agus eagar atá ar a gcuid seilfeanna oscailte. Tuigeann sí an tír tairngire atá suite istigh.

Ag iarraidh toilg nua atá mé. Tá a fhios agam an rud atá uaim, ach níl a fhios agam an mbeidh sé acu.

Is éard a thaitneodh liom, dháiríre, ná tolg atá sách beag le go ngabhfaidh sé isteach i gcoirnéal an tseomra suite ach atá sách mór le go mbeidh muid uilig in ann suí go compordach air ag an am céanna is nach mbeidh triúr daoine beaga suite ar mo chloigeann is mé ag iarraidh an scéal a leanúint ar Skunk Fu ar Cúla 4 maidineacha Sathairn.

A mhuintir IKEA, impím oraibh, tolg le droim ard air a dhéanamh a bheadh ina leaba chompordach freisin. Ceann a mbeadh boiscín ann áit go bhféadfá na pluideanna agus na piliúir a chur i dtaisce nó go mbeidís ag teastáil arís.

Ba mhaith liom go mbeadh cosa air sa gcaoi is go bhféadfá scuabadh faoi agus b’fhéidir, b’fhéidir, nach mbeadh orm an tolg a chorraí arís go deo.

Bheadh sé go deas freisin, dá mbeadh sé déanta as éadach draíochta éicint sa gcaoi go bhféadfá bainne a dhoirteadh air go rialta is é a smearadh le subh agus iógart is nach mbeadh ort ach sórt leathchuimilt a dhéanamh air lena ghlanadh.

De réir na samhlaíochta, is é an t-ainm a bheadh ar an tolg draíochta seo ná An Chlúid. Chuimhneofá ar chompord, leisce agus sócúlacht nuair a d’fheicfeá é. Chaithfeá a bheith cúramach, áfach, gan An Clúidín a thabhairt air le teann ceana.

Beithíoch eile ar fad é sin.