‘A mhuintir an Oireachtais agus Chonradh na Gaeilge, déanaigí bhur ndícheall sibhialtacht bhréige agus daoirse a chur faoi chois’

Tá Comhordaitheoir 1916 Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, tar éis teacht ar chóip den eagrán den Chlaiḋeaṁ Soluis a foilsíodh an tseachtain i ndiaidh Ard-Fheis an Chonartha i 1915. Tá an t-eagrán seo ar lár sa phríomhbhailiúchán den iris agus is beag staidéar atá déanta air. Foilsítear anseo, den chéad uair le céad bliain, an óráid iomlán a thug Eoin Mac Néill

KM_C454e-20151118154055

Iúil 31                                                                                                          An Claidheamh Soluis                                                                                     1915

Saoirse na hÉireann

Óráid an Oireachtais – Eoin Mac Néill

Saoirse na hÉireann – is í sin mian gach duine atá dílis don tír seo. Tá an dá chineál saoirse ann, saoirse coirp agus saoirse anama.

Is féidir an corp a bheith saor agus an t-anam a bheith faoi bhroid agus faoi dhaoirse. Is féidir an t-anam a bheith saor agus an corp a bheith faoi ghlas.

Is minic a cuireadh fear isteach i bpríosún agus seacht ndoras agus seacht nglas agus seachtar garda idir é agus an saol amuigh, agus ina dhiaidh sin, bhí anam an fhir sin chomh saor is a bhí riamh.

Is uaisle agus is luachmhaire an t-anam ná an corp. Ar an ábhar sin, is uaisle agus is luachmhaire saoirse na hanama ná saoirse an choirp.

Tá anam agus corp sa náisiún seo, agus níl ceachtar acu saor faoi láthair. Tá daoine ag iarraidh saoirse an choirp a bhaint amach d’Éirinn, ach ní hé sin an cúram atá ar Chonradh na Gaeilge ná ar an Oireachtas agus ní dó atá mé ag tagairt anois.

Is é an cúram atá ar an Oireachtas agus ar Chonradh na Gaeilge, saoirse na hanama a bhaint amach dár náisiún agus dár dtír. Tá seacht nglas ar anam na hÉireann, agus an glas is doichte agus is daingne acu, is é an glas Béarla.

Is fíor an fógra a thug an file Sasanach Spenser dúinn, tuilleadh agus 300 bliain ó shin: “an fad a bheidh teanga Éireannach ag muintir an tíre seo, ní féidir gan croí Éireannach a bheith acu”.

Ach ní ón teanga amháin atá daoirse á bagairt ar anam na hÉireann, ach fós ó gach nós, gach gnás, gach béas, gach cleachtadh nach mbaineann agus nach riarann le dúchas na tíre, ach atá ag teacht isteach orainn ón saol amuigh.

Sa tseanaimsir, nuair a bhí Éire ar a comhairle féin, bhí cead aici glacadh le nós ar bith eachtrannach, agus má ghlac , ní dhearna sin dochar ar bith dá saoirse mar bhí sí féin saor.

Ní hionann sin agus glacadh le nósanna a thugtar isteach leis an lámh láidir, le forneart agus le foréigean. Má ghéilltear dá leithéidí sin, géilltear don daoirse.

Síleann a lán daoine in Éirinn, nuair a ghéilleann siad do nósanna Gallda, gur ag éirí in airde atá siad. Bíonn uaisleacht agus Galltacht mar a chéile acu. Is é is mian liom a chur i dtuiscint daoibhse anois, gur cuma Galltacht nó daorbhroid ag daoirse.

Seal gearr sular tháinig Íosa Críost ar an talamh, rinne na Rómhánaigh iarracht ar Bhreatain a chur faoina smacht agus a thabhairt faoi riail a n-impireachta. Ní rómhaith a d’éirigh leo an chéad uair ná an dara huair. Throid na Breathnaigh go tréan, agus chosain siad a dtír ar feadh tuilleadh ags céad bliain, ach b’éigean dóibh géilleadh sa deireadh.

Chuir an tImpire Rómhánach an taoiseach airm ab fhearr a bhí aige go Breatain, Agricola an t-ainm a bhí air. Bhí slua mór Rómhánach aige ar tír agus ar loingeas mór ar muir. Chaith sé seacht mbliana sa chogadh sin, agus bhris sé cumhacht na mBreathnach ar fad. Is é a chliamhain féin Tacitus a scríobh scéala an chogaidh sin.

Le linn an chogaidh, cuireadh flaith éigin as Éirinn ar díbirt. Shíl an fear seo an feall céanna a imirt ar Éirinn a d’imir Diarmaid Mac Murchadha uirthi míle bliain ina dhiaidh sin. Tháinig sé i láthair Agricola agus dúirt leis arm 12,000 fear a chur i dtír in Éirinn agus go mbeadh Éire aige go cinnte. Deir Tacitus, dá bhfaigheadh Agricola caoi air sin, mar nach bhfuair, go mba mhaith leis a dhéanamh, óir, “ba mhian leis,” a deir sé, “amharc na saoirse a thógáil ó shúile na mBreathnach”. Níl aon chur i gcéill sa chaint sin.

Nuair nárbh fhéidir leis amharc na saoirse a mhúchadh os comhair a súl, cheap sé comhairle eile chun saoirse na mBreathnach a mharú. Mharbh sé le nimh í. Chuir sé nimh ina gcroí a dhall an radharc ina súile. Chuir sé an dubh ina gheal orthu. Tá an scéal go cruinn ag Tacitus, agus ní cheileann sé uainn an bhrí a bhí leis.

Seo mar atá an scéal aige: ;

“Chaith Agricola an geimhreadh ina dhiaidh sin ag cur comhairlí chun cinn a bhí go hiontach éifeachtach. Na daoine úd, (muintir na Breataine), bhí siad sean-nósach agus bhí siad scartha go fairsing ar fud na tíre, agus mar sin a bhí siad faoi réir i gcónaí faoi chomhair cogaidh. Chuaigh Agricola ina measc, tharraing sé chuige go ciúin ina dhiaidh a chéile iad. Thug sé comhairle dóibh, agus chuir sé i dtuiscint dóibh go mbeadh saol breá sócúlach acu ach fanacht go socair síochánta. San am céanna, thug sé cúnamh dóibh le go dtógfadh siad teampaill agus hallaí agus tithe (ar nós na Rómhánach). Mhol sé na daoine a rinne an chomhairle sin go fonnmhar, agus thug sé géarsmacht ar na daoine nach ndéanfadh le lántoil í. Mar sin, chuir sé ag éag agus ag coimhlint agus ag dréim le chéile iad, ag iarraidh a bheith níos onóraí ná a chéile. Ba ghearr gur tháinig leis oideachas breá (Rómhánach) a thabhairt do chlann na n-uasal, agus go raibh sé ag maíomh agus ag déanamh mustair agus mórtais astu, a rá gur sháraigh siad muintir na Gallia ar scolaíocht agus ar ard-léann. Ba é toradh an phlámáis sin, daoine nárbh áil leo seal beag roimhe sin a dteanga féin a thréigean ar an Laidin, go raibh siad ar buile chun Laidin a labhairt go huasal galánta. Lean gach gnás eile i ndiaidh na teanga. Bhí sé onórach acu a bheith gléasta in eadaí ar nós na rómhánach, agus bhí an ‘toga’ ar iompar go fairsing acu. Tháinig dúil acu i ndiaidh a chéile sna rudaí úd a chuireann craiceann uasal ar na drochbhéasa – ag caitheamh a n-aimsire go suairc sna hallaí móra, ag fámaireacht sna tithe folctha, agus ag tomhailt fleá agus féastaí neamhchoitianta. Gach nós úrnua dár chleacht na daoine gan chéill mar sin, ba dhóigh leo féin go mba shibhialtacht agus galántacht é, nuair nach raibh ann, dáiríre ach méadú broide agus daoirse.”

Smaoinígí rómhaith ar na focail sin – broid agus daoirse – seruitús sa Laidin; na daoine gan chéill – imperití – a ghlac leis an daoirse úd, shíl siad féin go mba shibhialtacht agus uaisleacht agus galántacht í. Níor shíl Agricola é. Níor shíl Tacitus a chliamhain é. Bhí a fhios acusan gur daoirse daoirse.

Aithníonn tú an crann ar a thoradh. Ó d’fhág Agricola Breatain i gceann na seacht mbliain, níor dúisíodh an tSaoirse choíche arís i gcroí na mBreathnach, an méid acu go háirithe a ghlac le sibhialtacht na Rómhánach.

D’fhan siad mar sin ar feadh trí chéad bliain nó trí chéad go leith, go dtí gur tháinig meath agus lagar agus dubhnéalta an bháis ar impireacht na Rómhánach, an Impireacht is cumhachtaí a bhí ar an talamh riamh.

Sa deireadh thiar, bhí an Róimh féin i gcontúirt, agus cuireadh fios go Breatain ar an arm Rómhánach a bhí san oileán dul anonn thar farraige leis an eadáil a chosaint.

Nuair a d’imigh an t-arm Rómhánach, tháinig na sluaite Sacsanach go Breatain isteach. Cine Gearmánach ba ea na Sacsanaigh. Caidé a rinne na Breathnaigh ansin. An méid acu a bhí gan sibhialtacht na daoirse, agus a mhair in iargúltacht na tíre, agus a lean dá dteanga féin agus dá nósanna féin, gan amhras rinne siadsan troid go cróga calma in aghaidh na Sacsanach. Ach na Breathnaigh shibhialta, Rómhánacha a thugadh siad orthu féin, níorbh fhéidir leo ach scéala a chur don Róimh, “Osnaí na mBreathnach” a thug an staraí Gildas ar an teachtaireacht sin, ag iarraidh déirce agus ag éileamh cabhrach. Ba bheag a mhaith dóibh a bheith ag osnaíl. Bhí an Impireacht Rómhánach i gcruachás, agus ní raibh trua ar bith acu do na Breathnaigh. Ba ghearr go raibh na Breathnaigh shibhialta agus a gcuid sibhialtachta ar lár agus na Sacsanaigh in ardréim ina dtír.

An bhfeiceann sibh féin gurbh fhíor don staraí Tacitus a scríobh, trí chéad go leith bliain roimhe sin, an tsibhialtacht iasachta a tháinig isteach le cumhacht coigríoch, nach raibh inti ach barr broide agus daorsmacht.

Is fiú dúinn anois breathnú go haireach ar na meáin a cuireadh i ngníomh ag Agricola chun saoirse na mBreathnach a mhúchadh, agus daoirse a cheangal go docht agus go buan orthu.

I dtús an scéil, nuair a bhí an lámh in uachtar aige féin agus ag an arm Rómhánach, mheall sé uaisle na mBreathnach chuige, agus rinne sé caint agus comhairle leo, i ndiaidh a chéile. Labhair sé go príobháideach leo, a deir Tacitus – “hortari priuatum”. “Nach fearr daoibh,” a dúirt sé, “saol breá sócúlach sítheach suairc sámh a bheith agaibh, ná a bheith ag troid ar son saoirse in aghaidh cumhachta na Rómhánach mar atá sibh anois le seacht mbliana agus roimhe sin?” Dúirt cuid acu go raibh an ceart aige. “Maith an scéal,” ar seisean leis féin, “tá síol na daoirse curtha anois agam.”

Ansin dúirt sé leo: “bíonn teampaill mhóra againne sa Róimh úd. Tá dúil mhór agaibh sa chreideamh, nach bhfuil?” “D’fhéadfá a rá,” ar siadsan.

“Tá go maith. Na déithe atá agaibhse, is ionann iad agus na déithe atá againne, amach ón ainm. Nuair nach ionann teanga dúinn ar gach taobh, ní féidir an t-ainm céanna a bheith orthu sa tír. Ach féachaigí anois – ba mhaith liom go mbeadh teampall agaibhse faoi chomhair bhur gcreidimh chomh mór chomh deas chomh álainn agus atá againne sa Róimh. Caidé bhur mbarúil air sin?” “Ní miste linn,” ar siadsan. “Tá go maith,” ar seisean. “Tabharfaidh mise cúnamh daoibh chun teampaill a thógáil”. Agus thug. Ach cá bhfuair sé an cúnamh? Uathu féin, ar ndóigh. Chuir sé cáin orthu. Deir Tacitus gur chuir.

Bhí an chliar go sásta ansin. “Tá an daoirse ag fás,” a deir Agricola leis féin.

Ansin dúirt sé le duine uasal. “ba cheart go mbeadh halla poiblí agaibh san áit seo.” “Caidé an rud é sin?” arsa an duine uasal. “Ó -á -áit deas ina mbíonn daoine ag caitheamh aimsire lá fuar nó fliuch”. “Muise nach mbíonn an aimsir á caitheamh i gcónaí idir soineann agus doineann?”

“Is follas nach dtuigeann tú caidé ar rud caitheamh aimsire/ Fan go bhfeicfidh tú an halla. Ach ní mór daoibh cúnamh a fháil chun é a chur suas”. “Is dócha go bhfuil an ceart agat”. “Tá,” ar seisean. “Gheobhaidh sibh cúnamh uaimse”. Agus fuair.

Dúirt sé le duine uasal eile: “dá mbeifeá sa Róimh, bheadh áras mór cloiche agat”. “Áras breá mar atá ag an impire, pálás, tá a fhios agat”. “Agat féin is fearr atá a fhios,” arsa an t-uasal. “Ach más dóigh leat gur ceart é, táimse sásta”. “Tá go maith. Cuideoidh mise leat”. Chuidigh sé leis ar an nós céanna. An té a bhfuil áras mór os a chionn, ní háil leis an tír a bheith ar crith ina thimpeall.

Bhí cuid acu arbh fhearr leo an sean-nós. Chuir Agricola in iúl dóibh go raibh siad mírialta, agus go mb’fhearr dóibh a chomhairle a dhéanamh, ar mhaithe lena sláinte.

Na daoine a ghlac leis na himprovements réamhráite, chuir sé i gcomórtas le chéile iad. Níl aon chumhacht ó neamh anuas níos cumhachtaí ná comórtas i measc daoine ag féachaint cé acu is uaisle ná is onóraí ná a chéile. Bíonn na mná níos géire ná na fir sa chogadh sin.

“Anois,” a deir Agricola leis féin. “Tá an daoirse ag dul chun cinn go hálainn. ACh tá contúirt fós sa scéal. Daoine géarchúiseach an cine seo. B’fheidir i gceann tamaill go dtiocfadh malairt aigne orthu, agus go dtuigfidís gur saoirse daoirse. Tá siad róghéarchúiseach róthuisceanach. Caidé an leigheas atá agam air sin? Tá, an t-oideachas. Má thugaim oideachas fíor-impireachtúil dóibh, tuigfidh siad ansin gur saoirse daoirse agus vice versa”. Thug sé an t-oideachas dóibh, agus thug sé cúnamh don oideachas, agus fuair sé an cúnamh sa chiste céanna.

Nuair a bhí an t-oideachas ar bun aige, thugadh sé cuairt ar scoil anseo agus ar scoil ansiúd/ An chaint chéanna a bhíodh aige i ngach scoil. “Tá an scolaíocht Rómhánach ag muintir na Gallia le céad bliain anois, agus tá buaite agaibhse cheana féin orthu”.

bhí grá acu dá teanga féin go dtí gur thosaigh an t-oideachas. Deir Caeser go mbíodh coláistí móra ag na draoithe sa Gallia tuilleadh agus céad bliain roimhe sin, agus na sluaite scoláirí ag dul chucu, agus go raibh eolais fairsing sa Gallia ar scríbhneoireacht agus léachtóireacht. An aibítir Ghréagach a bhí acu, le haghaidh an uile ghnó, beagnach, idir poiblí agus príobháideach. Mar sin féin, an léann ab airde a bhí le fáil ag an draoi, b’éigean dóibh, a deir sé, dul go Breatain ar a lorg. Níorbh iontas é, má bhí meas ag muintir na Breataine ar a dteanga féin san aimsir sin. Ach nuair a thinig an t-oideachas sibhialta, thréig siad a dteanga féin ar theanga na hImpireachta. Ní móide go mba dochar ar bith dóibh eolas maith a bheith acu ar an Laidin. Bhí sí áisiúil go leor sa saol sin. Ach níorbh áil leo, a deir Tacitus, gan eloquentia a bheith acu. Thug an eloquentia cabhair don daoirse, chuir sí blas milis ar an nimh.

Tharraing an teanga iasachta, a deir sé, na nósanna iasachta ina dhiaidh, agus na béasa iasachta, agus drochbhéasa iasachta a deir sé, agus craiceann uasal orthu.

Ag dul chun cinn sa tsibhialtacht a bhí siad, dar leo féin. Na daoine gan chéill! A deir Tacitus, ní raibh sa tsibhialtacht sin ach méadú broide agus daoirse!

Anois, a mhuintir an Oireachtais, agus a chomhaltaí Chonradh na Gaeilge, déanaigí rún agus cuirigí romhaibh, fad a bheidh saol agaibh (agus go dtuga Dia saol fada daoibh), go ndéanfaidh sibh bhur ndícheall chun sibhialtacht bhréige agus daoirse a chur faoi chois agus a dhíbirt agus sibhialtacht chóir cheart agus saoirse a chur chun cinn in Éirinn – Saoirse, a deir Tomás Daibhis, a thagann ó dheaslámh Dé, ní seachrán saobh a slí, agus ó Rí na bhFeart gheobhaidh neart na dtréan a ceart dár nÉirinn arís.

Fág freagra ar '‘A mhuintir an Oireachtais agus Chonradh na Gaeilge, déanaigí bhur ndícheall sibhialtacht bhréige agus daoirse a chur faoi chois’'