‘A Mhamaí, sin caint sheafóideach, níl Gaeilge ag superheroes!’

AG TOGÁIL CLAINNE: Le deireanas a leaindeáil ár gcolúnaí i saol eile an dátheangachais. Tá sí ag sracadh léi ó shin…

Superman-the-Movie

Breathnaigh ormsa, I am going an taobh seo,’ a bhéic sí anall orm agus í ag imeacht síos an sleamhnán droim ar ais agus cloigeann ar dtús. Beidh sí trí bliana d’aois an chéad lá eile agus tá sí ar a míle dícheall ag iarraidh Béarla a fhoghlaim. Tuigim di, ach, mar a dúirt an té a dúirt – it’s no wonder my cúl is liath. 

Níl mé cinnte cén uair go díreach a thosaigh sé. Ach am eicínt le deireanas, tá barúil agam gur fhág mé an domhan ceart is gur imigh mé isteach i ndomhan eile dátheangach.

Tá mé ar nós carachtair sa scannán Being John Malkovich. Ach, in áit a bheith tite isteach in intinn an aisteora John Malkovich, tá mé tite isteach in intinn na mban a thugann na torthaí amach go dátheangach ag comórtas amhránaíochta an Eurovision – L’Allemagne Douze Points.

‘Look at me,’ a deirim, ‘I am going this way.’ Ansin deirim, ‘Sin é an Béarla. Breathnaigh ormsa, tá mé ag gabháil an taobh seo. Sin í an Ghaeilge.’

Tá a fhios agam go gcaithfidh siad Béarla a fhoghlaim. Ach roimhe seo, ba é an plean a bhí againn ná go dtabharfadh muide aire don Ghaeilge sa mbaile is go dtabharfadh an saol mór aire don Bhéarla. Is í an Ghaeilge teanga an tí agus bhí sé d’aidhm againn é a fhágáil ag an gcuid eile den saol an Béarla a mhúineadh dóibh.

‘A Mhamaí, sin caint sheafóideach, níl Gaeilge ag superheroes!’ a dúirt beainín na naíonáin bheaga liom an lá cheana agus í do mo cheartú nuair a mheabhraigh mé dóibh Gaeilge a labhairt agus iad ag spraoi. Thar aon chluiche eile, is é an Béarla teanga chluiche na sárlaocha, feictear dom.

Thosaigh mé ag insint di faoi Ghráinne Mhaol ansin. Insint dhramatúil bunaithe ar m’aineolas – nach bhfuil teorainn leis – ar an scéal, agus ar an méid a sciob mé ó liricí Óró ‘Sé do Bheatha Abhaile. Ní hamháin gur duine de na sárlaocha le Gaeilge a bhí inti, a dúirt mé, ach ba chailín a bhí inti freisin agus mé ag iarraidh mo chuid a dhéanamh ar son chás na mban.

‘Sea, ach an raibh cape aici agus an raibh sí in ann eitilt?’ a d’fhiafraigh sí díom. B’shin an uair go gcaithfinn bréag bheag a insint. Ach, le bheith féaráilte, níl na tuairiscí ón aimsir sin róbheacht agus cá bhfios nach raibh Gráinne Mhaol in ann eitilt chomh maith le sárlaoch ar bith acu?

Fág freagra ar '‘A Mhamaí, sin caint sheafóideach, níl Gaeilge ag superheroes!’'

  • Fearn

    ” níl Gaeilge ag superheroes!”

    Muise, nach i mbéal naíonán atá an fhirinne?

  • Treabhar Mac Oireabhaird

    Nach raibh fallaing ar chuile mhac is iníon sa 16ú haois?

  • Eoin

    Alt an-taitneamhach, go raibh maith agat agus ag d’iníon, a Bhridget! Sraith iontach do dhaoine atá ag cuimhneamh (agus ag pleanáil) ar chlann a thógáil le Gaeilge!

  • Shane

    An bhfuil Ben10 as GA ar fáil ar DVD?
    Má tá, brontannas Nollag di! :D :D