A mbua tuillte ag fir na hArdchathrach

Ní fhéadfadh aon Chiarraígh ina mallaitheacht anocht gan géilleadh go raibh rith an ráis leis an bhfoireann ba dhíograisí, ba mhisniúla agus ba chumasaí

Bernard Brogan agus Alan Brogan ag ceiliúradh le Corn Sam Mhig Uidhir tar éis an chluiche ceannais  ©INPHO/Ryan Byrne
Bernard Brogan agus Alan Brogan ag ceiliúradh le Corn Sam Mhig Uidhir tar éis an chluiche ceannais ©INPHO/Ryan Byrne

Má bhí aon chomhartha ceiste, aon amhras ná aon éiginnteacht faoi mhianach Átha Cliath i mbliana, díbríodh é sin ar fad i bPáirc a’ Chrócaigh inniu leis an tríú craobh in imeacht cúig bliana.

0-12 le 0-9, an scór is ísle ag Ciarraí le leathchéad bliain i gcluiche ceannais, ach cén díobháil?

Nach mar seo a cruthaítear finscéalta agus ríshleachta?

Cé nach raibh ann mar bhearna idir na foirne i ndeireadh an chatha (agus ba léir, luath go maith sa lá de bharr na haimsire, gur cath a bheadh ann) ach trí phointe fánach, ní fhéadfadh aon Chiarraíoch ina mhallaitheacht anocht gan géilleadh go raibh rith an ráis leis an bhfoireann ba dhíograisí, ba mhisniúla agus ba chumasaí.

Nuair ba mhó an gátar agus nuair ba dhéine an teas, b’iad na saighdiúirí ba thúisce amach as na trinsí ná iad siúd go mbeifí ag súil leo – Ciarán Gaelach Kilkenny, Diarmuid Dána Connolly agus Paul Flynn, prionsa na leath-thosaithe ó thosnaigh ré na nDubanna cúig bliana ó shin.

Déarfaidh annála na caide linn gurb iad an dá phointe a d’aimsigh Flynn, trí nóimeataí déag isteach sa dara leath agus arís nóimeat le cois na huaire, a chuir síol an amhrais ag péacadh in aigne Chiarraí ach ní miste, chomh maith, gan neamhaird a dhéanamh dá chomhghleacaithe sa líne leath-thosach a bhí aibí agus lán de mhórmheon ó thús deireadh.

Cé go bhfág an doineann a rian féin ar chúpla iarracht amú ó Connolly, b’é fear Naomh Uinsionn ba mhó a bhí in ann teacht i dtír ar an gcaid agus í a cheansú le pas coise simplí. Maidir le Kilkenny, chuir sé bailchríoch ar bhiaiste éachtach caide inar nocht sé arís is arís eile gur beag imreoir atá inchurtha leis chomh fada is a bhaineann sé le hionracas, le díograis agus le scamhadh chun oibre.

Is fuirist dearmad a dhéanamh ar laethanta mar seo go raibh a chath príobháideach féin ag Kilkenny anuraidh agus é ar dalladh ag iarraidh teacht as gortú glúine. Tá san déanta go paiteanta anois aige agus b’fhéidir nach é an bonn Uile-Éireann amháin a bheidh mar luach saothair aige sara mbeidh an bhliain istigh.

Fear eile go raibh a chros féin le hiompar anuraidh aige ná Colm Cooper, draoi Chill Airne, a bhfuil a chúigiú cluiche ceannais Uile-Éireann caillte anois aige. Ní air sin a bheidh sé ag déanamh marthana anocht, áfach, ach ar an easpa uaillmhian a léirigh sé féin agus scata eile nuair ba léir go raibh an t-árthach pollta agus go raibh taoscadh le déanamh.

Tá geimhreadh fada sa Ríocht acu chun an t-iniúchadh a dhéanamh go ciúin agus go cáiréiseach. Déanfar an sceanairt gan trua ná taise ach ní dócha go dtiocfar ar mhalairt léargais as seo go Nollaig seachas an ceann atá san aer anseo i bPáirc a’ Chrócaigh tráthnóna: in imeacht breis is cúig nóimeataí déag ar fhichid, bhí Áth Cliath ocrach, diongbháilte agus fuarchúiseach ins na réimsí go léir inar léirigh Ciarraí patuaire, éiginnteacht agus támáilteacht.

Canathaobh san? Ba dhóigh leat gurbh fhuar le Ciarraí an tríú cluiche craoibhe as a chéile a chailliúint i gcoinne bhuachaillí na hardchathrach. Shamhlófá, chomh maith, gur leasc leo slán a fhágaint le cuid des na himreoirí ab fhearr a bhí riamh i ngeansaí Chiarraí gan féirín scoir a thabhairt dóibh. Agus thar aon ní eile, mheasfá gurbh áil leo luach breise a chur le bua míorúilteach na bliana seo caite.

Má tá aon ní amháin foghlamtha againn as bris agus bua mhí Mheán Fómhair i gCiarraí, áfach, ‘sé sin go seasann gach ceann acu as féin go neamhspleách.

Thuill a misneach agus a n-uaillmhian an bua seo d’Áth Cliath agus baineann an rangú a dhéanfaidh Ciarraí ar chluiche ceannais na bliana 2015 le réimse na dóthúlachta anois; leis na colcheathracha, ‘má’ agus ‘dá’.

Dá mbeadh Kieran Donaghy curtha chun páirce níos túisce. Dá mbeadh James O’ Donoghue i mbéal an bháide i dtreo deireadh seachas Killian Young. Dá mbeadh Darran O’Sullivan ann ó thús seachas tar éis leath ama. Agus, an ceann is measa agus truamhéilí ar fad, dá mbeadh an aimsir níos fearr!!

Ní bheathóidh aon bhriathar dá ndeirtear i dtigh tábhairne ná i dtigh cúirte Ciarraí anois.

Gheobhaidh foireann Jim Gavin cothú ráithe ar a laghad as a gcúigiú bua is fiche.

Beidh seanabhlas ceart ar an mbliain 2015 ag Ciarraí ach cuimhnigh ar mhilseacht agus ar ghleoiteacht an earra atá anois i mbéalaibh imreoirí Átha Cliath.

An té a bhíonn thuas óltar deoch air agus cé nach bhfuil aon bualadh cos tuillte ag gaiscígh na Ríochta, bíonn sé deacair é a sheachaint ar uairibh, is dócha.

Sólás beag amháin do Chiarraí an bua iontach a bhí i gcluiche ceannais na mionúr acu, iad ag múchadh pé tine a bhí ar chraiceann na dTiobradach luath go maith le taispeántas a bhí breac leis na tréithe go léir a bheadh ag teastáil ó lucht an traidisiúin – greamú iontach, pasáil ghlan thomhaiste agus coisíocht thar na bearta.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil glúin iomlán nua á mhúnlú ag Jack O’Connor agus bunaithe ar fhianaise na sinsear, beidh cuid des na laochra óga ag teastáil sara fada.

Nach tar éis a thuigtear gach beart?!

Fág freagra ar 'A mbua tuillte ag fir na hArdchathrach'

  • Jj

    Alt álainn

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá na Ciarraígh le moladh-chaill siad an cluiche ach ghlac siad leis an toradh sin le dea-chroí