A luach leathphingine á thabhairt ag ‘Money Monster’ agus ní fiú mórán lena chois é

LÉIRMHEAS SCANNÁN: Scéinséir? Saothar drámatúil? Scannán grinn? N’fheadar ár léirmheastóir cén aidhm dáiríre atá ag scannán nua Jodie Foster

money-monster

Money Monster
Stiúrthóir: Jodie Foster
Cliar: George Clooney, Julia Roberts, Jack O’Connell, Dominic West, Caitriona Balfe

Tá an saothar seo ag iarraidh cúpla trá a fhreastal. Scéinséir atá ann ina bhfuil duine gafa mar ghiall agus ina bhfuil uisce faoi thalamh in iomaire an airgeadais. Tá sé ina shaothar drámatúil a thugann éachtaint ar chúbláil airgeadais, cumhacht na meán agus an tionchar a bhíonn acu ar Thadhg an mhargaidh. Agus tá sé ag iarraidh a bheith ina shaothar grinn a chaithfeadh cúpla slais shoiniciúil le cleachtais Wall Street. 

Dá bharr sin ar fad tosaíonn comparáidí le Network, The Big Short agus an fathach nua, Billions, ag ráthaíocht san intinn ar an bpointe. Go deimhin tá triúr ó chliar Billions sin le feiscint anseo.  Ar an drochuair ní fhéadfadh an táirge uiscealach seo coinneal a choimeád leis na saothair chumasacha úd.

Is ábhar díomá é seo óir go bhfuil piardaí móra, ábalta i mbun comhghuaillíochta lena chéile. Jodie Foster ar ais i suíochán an stiúrthóra den chéad uair le cúig bliana (seachas cúpla geábh chuig Orange is the The New Black agus House of Cards) agus na seanfhondúirí George Clooney agus Julia Roberts ar scáileán le chéile don cheathrú babhta. 

Ina dteannta siúd tá Dominic West earcaithe mar bhithiúnach, Caitríona Balfe na hÉireann, atá ag baint cáil amach di féin in Outlander, mar ghiolla aige agus Jack O’Connell, a dhein gaisce in ’71, mar an té a chuireann na heachtraí sa siúl. 

Pearsa teilifíse mór le rá é Lee Gates (Clooney) a bhíonn ag tabhairt comhairle airgeadais uaidh ar a shlí shainiúil féin. Béicíl, maslaí, ceol, damhsa agus grafaicí á dteilgean ar scáileán ar dalladh. Comparáidí le rianú le leithéid Jim Cramer a chuireann Mad Money i láthair ar CNBC. Ní seó bóthair go dtí é.

Tá an ghnólacht IBIS Clear Capital á mholadh go hard na spéire aige le tamall ach ansin de gheit, agus gan choinne, titeann an tóin as mar gheall ar ‘fhabht ríomhaireachta’. Bíonn breith ar a aiféala ag Walt Camby  (West) faoin ‘bhfabht’ céanna. Ní chuireann sé seo Lee dá bhuille in aon chor.

Tosaíonn an fothragadh nuair a thagann an seachadóir Kyle Budwell (O’Connell) isteach an stiúideo le gunna le Lee a ghabháil. Cuireann sé veist buamála ar an láithreoir sceimhlithe agus tosaíonn ag cur de fé chaimiléireacht Shráid an Fhalla agus an tslí ar goideadh an €60,000 a d’infheistigh sé in IBIS. 

Tá fiúntas éigin anseo ar dtús ach tosaíonn rudaí ag imeacht chun leadráin agus chun áiféise de réir a chéile. Téann O’Connell i muinín an bhéicigh le fearg agus frustrachas a charachtair a léiriú, rud a bhí tuirsiúil tar éis scaithimh.

Go deimhin chuaigh óráid bhinbeach a chailín níos mó i bhfeidhm orm. Tugann an dá sheanchat, Clooney agus Roberts, taispeántais shlachtmhara uathu ach níor thug an scríbhinn a ndúshlán agus taibhsíodh go bhféadfaidís tabhairt faoi na róil seo agus iad ina gcodladh.

Tá féith ghrinn iontach in Clooney (agus Roberts go deimhin) agus tugtar cúis gháire anois is arís. Ní dóigh liom, áfach, gur luigh na míreanna grinn go nádúrtha leis an méaldrámatacht a bhí mar mháithreacha ag an scannán.

Ní hionann an cófra agus a lucht.

Fág freagra ar 'A luach leathphingine á thabhairt ag ‘Money Monster’ agus ní fiú mórán lena chois é'