‘A lion who roared when it was needed most’ – ómós á thabhairt do Tony Keady

Fógraíodh ar maidin go bhfuil Tony Keady, duine de na hiománaithe ab fhearr riamh, imithe ar shlí na fírinne

‘A lion who roared when it was needed most’ – ómós á thabhairt do Tony Keady

Tá lucht iomána na Gaillimhe agus pobal CLG i gcoitinne faoi scamall bróin inniu agus Tony Keady, duine de mhórlaochra iomána na Gaillimhe, imithe ar shlí na fírinne.

Buaileadh tinn Keady, nach raibh ach 53 bliana d’aois, maidin Dé Máirt agus fógraíodh ar maidin gur bhásaigh sé de thoradh an tinnis. Maireann a bhean, Margaret, arb as Gaeltacht Ráth Chairn ó dhúchas di, agus a gceathrar gasúr.

Aithnítear Keady ar na himreoirí is fearr a chaith geansaí marún na Gaillimhe riamh agus d’imir sé mar leathchúlaí dá chontae idir 1985 agus 1991. Cé nár imir Keady ach i sé chraobh do Ghaillimh, d’imir sé i gcúig cinn de chluichí ceannais, agus d’éirigh leis greim a fháil ar Chorn Mhic Cárthaigh i 1987 agus 1988.

Ba é feachtas conspóideach 1989 an t-aon uair le linn a thréimhse imeartha nár shroich sé Páirc an Chrócaigh i mí Mheán Fómhair. Cuireadh ar fionraí é don chluiche leathcheannais in aghaidh Thiobraid Árainn de bharr gur imir sé sna Stáit Aontaithe gan chead. Cinneadh agus scéal conspóideach a bhí ann ar tugadh ‘The Keady Affair’ air.

Bliain ar leith ab ea 1988 dó, nuair a fuair an Ghaillimh an ceann is fearr ar Thiobraid Árann sa chluiche ceannais. Roghnaíodh é mar laoch na himeartha, agus ag deireadh na bliana, thug an leathchúlaí leis gradam Iománaí na Bliana, duais nach bhfuil buaite ag aon imreoir de chuid na Gaillimhe ó shin i leith.

Ba é Cyril Farrell a bhí ina bhainisteoir ar Ghaillimh le linn na ré órga sin. Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar maidin, dúirt Farrell gur deacair a chreidiúint go bhfuil fear Chill Íomair Uí Dhálaigh imithe ar shlí na fírinne.

“Bhí mé ag caint leis taobh amuigh de Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Bhí sé in ardghiúmar agus bhí píosa craic leis i gcónaí,” a dúirt Farrell.

“Tháinig sé chugam agus é ina leaid óg agus b’iontach an t-imreoir é. D’fheabhsaigh sé de réir mar a bhí tábhacht na gcluichí ag dul i méid.

“Dá mba rud é go raibh 70,000 duine i bPáirc an Chrócaigh, bhraith sé go raibh siad uile tagtha chun é féin a fheiceáil ag imirt.”

Dúirt Joe Connolly ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeadh bród ort mar Ghaillimheach agus tú ag féachaint ar Keady ar an bpáirc.

“Bhí modh imeartha aige, bhí tú chomh sásta go raibh Tony ar d’fhoireann féin agus go raibh Gaillimheach ag déanamh na n-éachtaí seo.

“Duine álainn, duine iontach. Bhíodh miongháire air agus é ag imirt agus bhíodh miongháire air nuair nach raibh sé ar an bpáirc chomh maith…Agus tú ina chomhluadar, bheadh gáire i gcónaí ann.

“Fuair mé text ó lad inné, ‘A lion who roared when it was needed most,’ a dúirt sé faoi Tony agus a chuid iománaíochta,” a dúirt Joe Connolly ar Adhmhaidin.

Fág freagra ar '‘A lion who roared when it was needed most’ – ómós á thabhairt do Tony Keady'

  • Brón ar an mbás is dubh sinn anois

    Laoch eile imithe uainn ró luath, Ar Dhéis Dé go raibh sé i gcomhluar Joe mcDonagh
    Beannacht libh agus ní dearmad linn do mhuintir ar fad