A lán fós le déanamh ag Mícheál Martin agus Fianna Fáil

In áit a bheith ag caint san aer faoin nuapholaitíocht agus ag déanamh gaisce faoin déine, ní mór d’Fhianna Fáil cúpla seift nua a tharraingt chucu féin

Mícheál Martin agus Averil Power. Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland
Mícheál Martin agus Averil Power. Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Ar deireadh d’éirigh le Fianna Fáil suíochán a bhuachan i bhfothoghchán. Agus a dTeachta nua-thofa ag filleadh ar an Dáil, ba chóir go mbeidís ag ceiliúradh. Ina ionad sin, tá an loinnir glanta den bhua agus an aird ar fad ar imeacht Averil Power agus an cath idir í féin agus a ceannaire atá ionsaitheach gangaideach.

Ba í Averil Power an réalt óg sa pháirtí i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, áit nach bhfuil aon Teachta Dála acu. Sna hargóintí idir í agus Michéal Martin inné, tháinig sé chun solais go léríonn pobalbhreith inmheánach de chuid an pháirtí nach dtógfadh sí suíochán ansin dá seasfadh sí ina haonair. Deir an lucht ceannaireachta nach iad a prionsabail nó a míshásamh faoin easpa stocaireachta a rinne a comhghleacaithe sa reifreann is cúis le cinneadh Power ach a míshásamh nach gceadófaí di seasamh ina haonair sa chéad toghchán eile.

Luaigh Power an easpa athnuachain atá déanta ar an bpáirtí. Cé gur cuireadh fáilte mhór roimh bhua Aylward, is duine eile de rítheaghlach polaitiúil é agus is é an dála céanna é ag Seán Haughey atá á lua leis an toghlach a raibh Power le seasamh ann don pháirtí. Is furasta a aithint cén fáth a mbeifí buartha go bhfuil an páirtí ag filleadh ar an seansaol, agus gur ann atá Fianna Fáil ar a gcompord i gcónaí, seachas i ré nuapholaitíochta a raibh an oiread sin cainte ag Micheál Martin fúithi ó ceapadh ina cheannaire é.

Is í Power an tríú hiarrthóir óg atá imithe ón bPairtí in achar trí mhí. D’fhág David McGuinness agus Patrick Mc Kee roimpi. I ngach cás, deir an páirtí go raibh ceist faoi ainmniúchán don olltoghchán ina chnámh spairne, ach shílfeá go bhfuil ceisteanna níos bunúsaí ná sin le freagairt. An bhfuil baill Fhianna Fáil ag iarraidh fuil nua dáiríre nó an fearr leo i gcónaí iarrthóirí ar an seandéanamh, nó iarrthóirí a bhfuil nasc acu leis na seanlaethanta?

Le himeacht ama, feicfear cé acu an buille trom don cheannaire é seo nó an gcabhróidh sé leis i measc na cosmhuintire gur tharraing sé na sceana amach sa chás seo. Pé scéal é, beidh sé féin agus a pháirtí á scrúdú ag vótóirí as seo go ceann bliana agus ní mór dóibh díriú air sin anois. Tá teachtaí dála áirithe tar éis a míshásamh leis an gCeannaire a léiriú – Éamon Ó Cuív agus John Mc Guinness mar shampla – ach tá sé rómhall a bheith ag athrú ceannaire i mbliain toghcháin. É sin agus gan ceachtar den bheirt sin nó, go deimhin, éinne eile sa pháirtí a bheith intofa mar cheannaire, an chosaint is mó atá ag Mícheál Martin. Ní mórán de chosaint é agus braithfidh a bhfuil i ndán dó mar cheannaire ar cé mar a éireoidh leis as seo go dtí olltoghchán agus sa toghchán féin. Mar a dúirt siad fadó, tá a lán fós le déanamh.

Anois agus an geilleagar ag treisiú leis, tá Fianna Fáil ag maíomh gurb iad a rinne an chuid is measa de na ciorruithe déine agus gur chóir go bhfaighidís creidiúint as sin. I bhfianaise doicheall an phobail don déine, is aisteach go deo a bheith ag déanamh gaisce faoi. An é go síleann siad go ndéanfaidh an pobal dearmad iomlán ar an gcúis a bhí leis an déine agus teacht an troika chun na tíre? Éirídís as.

Ní mór dóibh chomh maith plean a chur le chéile le dul i ngleic leis an mbagairt ó Shinn Féin. Déanaidís dearmad anois ar na trioblóidí agus ról Shinn Féin ó thuaidh agus tugaidís aghaidh dhíreach ar a gcuid polasaithe ó dheas agus conas iad a cháineadh mura n-aontaíonn siad leo.

Maíonn Fianna Fáil freisin go n-éiríonn níos fearr leo i dtoghcháin ná mar a thugann pobalbhreitheanna le fios. Chruthaíodar sin sna toghcháin áitiúla agus sa bhfothoghchán is déanaí. Is léir go bhfuil ‘an tacaíocht folaithe’ ag filleadh orthu agus go bhfuil aistriúcháin ag teacht chucu freisin. Ach fainic go ndéanfaidís deimhin dá mbarúil. Mar ní hionann olltoghchán agus aon toghchán eile agus ní hionann a bheith ag caint ar an nuapholaitíocht agus athrú radacach a dhéanamh.

Fág freagra ar 'A lán fós le déanamh ag Mícheál Martin agus Fianna Fáil'