A Ghaela Átha Cliath! – an Ghaeilge san ardchathair á plé ag Scoil Gheimhridh Merriman

Beifear ag díriú go mór ar chothú phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar na bealaí a dtacaítear leis an bpobal sin ag Scoil Gheimhridh Merriman an deireadh seachtaine seo

A Ghaela Átha Cliath! – an Ghaeilge san ardchathair á plé ag Scoil Gheimhridh Merriman

‘An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath’ an téama a bheidh ag Scoil Gheimhridh Merriman a bheidh ar siúl ar Champas Phádraig DCU an deireadh seachtaine seo.

Pléifear ról na teanga san ardchathair, mar atá agus mar a bhí, le linn imeachtaí na Scoile.

Dúirt Deirdre Nic Mhathúna, ó Scoil na Gaeilge ar Champas Phádraig, go mbeifear ag díriú go mór i gcuid de siompóisiam agus léachtaí na Scoile ar cheist chothú phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar na bealaí a dtacaítear leis an bpobal sin.

“Is cúrsaí pobail, agus gluaiseachtaí laistigh den phobal, a bheidh faoi chaibidil ann. Beidh plé ann ar na Gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath, chomh maith leis Na Gaeil Óga, an fhoireann de chuid CLG a fheidhmíonn i nGaeilge. Beidh Fachtna Ó Drisceoil Ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag labhairt faoin bhfreastal a dhéanann an stáisiún sin ar phobal Gaeilge na cathrach,” a dúirt sí.

I measc na rannpháirtithe eile a bheidh ag Scoil Gheimhridh Merriman beidh  an tOllamh Liam Mac Mathúna (UCD), an tOllamh Máirín Nic Eoin (DCU), Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, Edel Ní Bhraonáin (Na Gaeil Óga CLG), an Dr Síle Denvir (DCU), Des Geraghty, Peter Browne, Anna Heussaff agus Marcus Mac Conghail.

Beidh trí leabhar á seoladh le linn na Scoile freisin, an iris acadúil Léann 4, a bhfuil Mícheál Ó Mainnín agus Ríona Ní Fhrighil ina n-eagarthóirí uirthi, an t-úrscéal An Strainséir le Brian Ó Tiomáin, agus An Ghaeilge i Má Nuad le Seán Ó hÉanacháin.

Osclóidh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, an Scoil Gheimhridh sa Leabharlann ar Champas Phádraig tráthnóna amárach agus is ann a thabharfaidh Liam Mac Mathúna uaidh a chuid cainte faoin nGaeilge i mBaile Átha Cliath san 18ú hAois. Is iad muintir Neachtain a bheidh faoi chaibidil aige den chuid is mó.

Bhí cónaí ar mhuintir Neachtain, a tháinig as Ros Comáin an chéad lá, sna ‘Saoirsí’ nó The Liberties ar an taobh ó dheas den chathair. Is chuig an gceantar sin a rachaidh turas staire na Scoile ar bhus ó DCU Dé Sathairn. Beidh turas treoraithe ar cheantar na ‘Saoirsí’ chomh maith le turas ar Leabharlann Marsh.

Oíche Dé Sathairn díreofar ar an gceol agus beidh Síle Denvir, Peter Browne agus Des Geraghty ag labhairt faoi cheolta Bhaile Átha Cliath agus an ceol Gaelach sa chathair.

Beidh coirm bheag cheoil ann le linn an phlé. Ó thaobh na siamsaíochta de beidh ‘Club Merriman’ ar siúl an dá oíche in Óstán an Skylon i nDroim Conrach.

“Tugann Scoil Gheimhridh Merriman an pobal acadúil agus pobal na Gaeilge trí chéile le chéile, agus níl mórán ócáidí eile mar sin ann. Bíonn deis ag daoine a bheith ag éisteacht ach bíonn deis acu an t-ábhar a phlé chomh maith. Tá áthas orainn go bhfuil fóram á chur ar fáil agus deis do dhaoine teacht le chéile,” a dúirt Deirdre Nic Mhathúna.

– Tá clár iomlán Scoil Gheimhridh Merriman ar fáil anseo

Fág freagra ar 'A Ghaela Átha Cliath! – an Ghaeilge san ardchathair á plé ag Scoil Gheimhridh Merriman'