A gcuid féin déanta ag Nuacht TG4 de scéal Thuama

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tugadh léargas maith ar chás truamhéalach leanaí Thuama i dtuairiscí ar Nuacht TG4 an tseachtain seo

A gcuid féin déanta ag Nuacht TG4 de scéal Thuama

Fiú mura bhfuil suim agat i gcúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha ní fhéadfá an chluas bhodhar a thabhairt dos na tuairiscí truamhéalacha a bhí ag teacht ó Thuaim le seachtain anuas nó mar sin.

Tá na meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ag tarraingt ar sheanionad an Bons Secours ar an mbaile ó tugadh le fios go raibh taisí faighte in umair faoi thalamh ar thailte an ionaid. Is mó tuairisc agus tuairim atá cloiste againn ó shin agus is léir go bhfuil an pobal, ionadaithe poiblí, na húdaráis agus na meáin ag streachailt is ag iarraidh déileáil leis an uafás ar shlí chuí.

Ba é taighde neamheaglach Catherine Corless ba chionsiocair leis an uafás a thabhairt chun solais agus bhí sí lárnach in an-chuid tuairiscí. Bhí sé cuí mar sin gur óna cistin siúd a dhein Miriam O’Callaghan Prime Time a láithriú aréir ar RTÉ1. B’ait mar shuíomh é, ach b’oiriúnach agus ba chumhachtach an radharc é ag an am céanna. Labhair Peter Mulryan, a chaith roinnt blianta san ionad, go macánta, séimh faoin méid a ghabh sé tríd. Bhainfeadh sé deoir as cloch ghlas a bheith ag éisteacht lena chur síos ar a chuid iarrachtaí teacht ar eolas faoi dheirfiúr a bhí aige nach bhfaca sé riamh agus ná feadar sé cad a tharla di.

Ba í an rúndacht, an easpa eolais agus an tslí go bhfuil an-chuid de na nithe seo glanta as cuimhne na daoine ceann de na tréithe is mó a chuirfeadh as duit. Bhí na tréithe seo le feiscint i dtuairisc bhreá ar Nuacht TG4 ag Irene Ní Nualláin. Scéal faoi Áras Bhaile na gCros i gContae na hIarmhí a bhí idir chamáin. Ghabh tuairim is 4,000 bean trí dhoirse an árais seo go dtí gur dúnadh é i 1971. I gcaitheamh an ama sin, rugadh 3,700 páiste san ionad. An tuairimíocht chéanna faoi choirp a bheith á gcur in uaigheanna cheal leacht ach muintir na háite ábhairín beag dall ar an scéal agus drogallach labhairt faoi. An cheist a eascraíonn as seo ar fad gan amhras ná go bhféadfadh an t-iliomad de an láithreacha seo a bheith ar fud na tíre. Ar Prime Time, mhaígh Susan Lohan,

duine de bhunaitheoirí Adoption Rights Alliance, go measann siad féin agus a gcomhghuaillithe go raibh tuairim is 180 eagraíocht/ionad ag déileáil le máithreacha aonair agus leanaí tabhartha. Níl an fiosrúchán atá beartaithe ach ag díriú ar chéatadán an-bheag díobh siúd.

Cuirfear an lasair sa bharrach ar fad má thosaítear ag déanamh iniúchtaí ar chleachtais uchtaithe na tréimhse agus an bhaint a bhí, má bhí, ag airgead leis an gcúram.

Mír chuidsúlach eile a bhí ar Nuacht TG4 ná tuairisc ag Sinéad Ní Neachtain a thug léargas ar an meon agus na cleachtais chomónta a bhain le leanaí a cailleadh sular baisteadh iad. Labhair Pádraig Ó Héalaí go heolgaiseach faoin nós a bhí ann ar feadh na gcianta na leanaí seo a chur i gclaíocha teorann agus cóngarach do reiligí.

Ceann de na scéilíní beaga a bhí ag ráthaíocht im intinn i gcaitheamh na seachtaine ná an nós a bhíodh ag áras Thuama, agus cinn eile ní foláir, go dtagadh leanaí an árais ar scoil deich nóiméad roimh na páistí eile, agus go bhfágaidís deich nóiméad rompu, lena chinntiú nach mbeadh cairdeas eatarthu.

Is meon aigne faoi leith a cheapfadh a leithéid do chóras.