‘A dtríú leathchúpla aimsithe ag Joyce agus Beckett in Ó Cadhain’ dar le nuachtán Gearmánach

Tá Cré na Cille faoi chaibidil ag na meáin chumarsáide sa Ghearmáin agus Frankfurter Buchmesse 2017 (Aonach Leabhar Frankfurt) díreach críochnaithe

‘A dtríú leathchúpla aimsithe ag Joyce agus Beckett in Ó Cadhain’ dar le nuachtán Gearmánach
IMG_1215
Noel Murphy, Yale University Press, Gabriele Heafs, aistritheoir Gearmánach, Hana Zahradnikova, foilsitheoir Seicise Julia Aparicio, foilsitheoir Gearmánach, Sinéad Mac Aodha Litríocht Éireann agus Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht ag ócáid eolais maidir le Cré na Cille ag Aonach Leabhar Frankfurt

Maítear ar an Frankfurter Allgemeine, nuachtán i Frankfurt,  go bhfuil “a dtríú leathchúpla a bhí caillte” aimsithe ag Joyce agus Beckett i Máirtín Ó Cadhain in alt faoin aistriúchán Gearmáinise ar mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain atá le foilsiú an bhliain seo chugainn

Is í Gabriele Haefs, aistritheoir as Wachtendonk, a chuir Gearmáinis ar an úrscéal mór le rá, “an leabhar is tábhachtaí a scríobhadh riamh as Gaeilge” dar leis an Allgemeine.

Bhí Haefs i láthair ag cur i láthair ag an Aonach Leabhar faoi Cré na Cille agus na haistriúcháin atá le foilsiú sna blianta amach romhainn.

IMG_1204
Gabriele Haefs, atá ag aistriú Cré na Cille go Gearmáinis ag léamh ag ócáid eolais ag Aonach Leabhar Frankfurt

Dúirt sí go bhfuil Gaeilge an Chadhnaigh thar cionn uilig, agus lán canúnachais as “duibheagán Chonamara”. D’fhág an Ghaeilge shaibhir, chasta sin obair dheacair ar an aistritheoir, a dúirt sí, ach tá taithí ag muintir na Gearmáine ar an gcanúnachas ina dtír féin. 

Chaith Haefs bliain i mbun aistriúcháin agus táthar ag súil go bhfoilseoidh an comhlacht foilsitheoireachta Kröner Verlag an leagan Gearmáinise in 2017.

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht go mbeadh an t-úrscéal Cré na Cille ar fáil in os cionn scór teanga faoin mbliain 2025. Chomh maith leis an leagan Gearmáinise, tá leaganacha Ollainnise, le Alex Hijmans, agus Seicise, le Radvan Markus, beartaithe don bhliain seo chugainn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie anuraidh, dúirt an foilsitheoir Mícheál Ó Conghaile go bhfuil an leabhar á chur ar fáil sna teangacha sin mar go bhfuil Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur chun cinn agus a thaispeáint go bhfuil “níos mó againn in Éirinn ná saothar Yeats, Joyce agus Beckett”.

“Tá muid ag scaipeadh eolais go tréan faoi [Cré na Cille]. Tá sé an-neamhghnách mar leabhar agus deirim leo gurb é Ulysses na Gaeilge é, an rud is gaire dó atá againn i nGaeilge, rud atá fíor, agus bím ag iarraidh a chur in luí orthu go bhfuil níos mó ná Joyce againn,” a dúirt sé.

Tá Ó Conghaile ag freastail ar Aonach Leabhar Frankfurt le nach mór 20 bliain anuas. Tá sé i measc na n-aontaí leabhar is tábhachtaí dá bhfuil ann, agus bíonn seacht míle seastán ann ag foilsitheoirí ó gach tír ar domhan. Bíonn díol agus ceannach cearta aistriúcháin go mór sa treis ag an Aonach.

Foilsíodh dhá leagan Béarla de shaothar Uí Chadhain ó 2015, leagan Alan Titley The Dirty Dust agus leagan Liam Mhic an Iomaire agus Tim Robinson The Graveyard Clay.

Fág freagra ar '‘A dtríú leathchúpla aimsithe ag Joyce agus Beckett in Ó Cadhain’ dar le nuachtán Gearmánach'

  • Fearn

    “a dtríú leathchúpla a bhí caillte”?

    Shíl mé gur leagan Gearmánach de scéilín grinn Sasanach faoin Éireannach a bhí anseo .i. an bheirt leathchúpla a bhí ina dtriúr.

    Drochthiontú Gaeilge ó thiodal an ailt: Joyce und Beckett finden ihren verlorenen Drilling wieder

    Cad mar gheall air: D’aimsigh an Seoigheach agus Beckett a leathbhreac eile?

    Sea! Ní fusa Gaeilge a chur ar Drilling.

  • Derry

    D’aimsigh siad a dtrírín – einfach so?