A dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin

Ach níl aon fhás tagtha ar bhuanphobal Gaeilge an tsuímh meán sóisialta — na daoine a labhraíonn Gaeilge go príomha agus go rialta ar an suíomh

A dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin

 Tá a dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar an suíomh Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell do Tuairisc.ie.

Sa bhliain 2015, bhí tuairim is 770 cuntas ag giolcaireacht i nGaeilge ar Twitter, ach tá 1,500 cuntas anois ann a sheolann ar a laghad teachtaireacht amháin i nGaeilge uair sa tseachtain.

Tá giolc amháin Gaeilge seolta ag 12,763 cuntas ó bunaíodh Twitter in 2006, agus tá 2.3 milliún giolc seolta ó tháinig an suíomh meán sóisialta ar an bhfód.

Tá ardú tagtha freisin ar líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar sa tseachtain. Dhá bhliain ó shin, bhí tuairim is 6,000 giolc Gaeilge á seoladh gach seachtain ar Twitter. De réir figiúirí Scannell, tá 8,500 giolc Gaeilge, ar an meán, á gcur amach sa tseachtain anois.

Mar sin féin, níl aon fhás tagtha ar an ‘gcroíphobal Gaeilge’ ar Twitter — daoine a labhraíonn Gaeilge go príomha agus go rialta ar an suíomh.

Tá giolc amháin Gaeilge ar a laghad seolta ag 5,854 cuntas ó thús na bliana, ach ní hí an Ghaeilge an phríomhtheanga ag formhór na gcuntas sin. Tá 442 cuntas ann a bhí i mbun cumarsáide i nGaeilge den chuid is mó, is é sin cuntas a mbíonn 66.6% nó níos mó dá tvuíteanna i nGaeilge, go dtí seo i mbliana. 111 de na cuntais sin a úsáideann an Ghaeilge ‘go rialta’, is é sin ar a laghad uair sa tseachtain.

Nuair a bhaintear eagraíochtaí agus cumainn den liosta, níl fágtha ach thart ar 40 duine a úsáideann an Ghaeilge go príomha agus go rialta ar Twitter — an líon céanna a bhí ann dhá bhliain ó shin.

Gach bliain i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge tagann borradh faoi líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar ar Twitter. Is iondúil go bhfoilsítear idir 950 agus 1,000 teachtaireacht i nGaeilge ar Twitter gach lá le linn na féile sin ach tháinig borradh faoi líon na ngiolcacha i nGaeilge le linn na féile idirnáisiúnta teanga in 2017.

Seoladh 1,255 giolc in aghaidh an lae, ar an meán, le linn Sheachtain na Gaeilge, a bhí ar siúl ar feadh 17 lá ón gcéad lá de mhí Mhárta go Lá Fhéile Pádraig.

Ba ó chuntas @aine a seoladh an chéad ghiolc Gaeilge agus áit aici dá bharr i stair na teanga sa chibearspás.

Seoladh an 2,000,000ú giolc ar an 22 Iúil 2017 ó Bhaile Átha Cliath.

Ba é Trevor Herbert, múinteoir agus scoláire Gaeilge i mBaile Átha Cliath, a sheol an 2,000,000ú giolc mar fhreagra ar phictiúr de chomhartha Gaeltachta a chuir Sorcha Ní Riain, as oirthear Chorcaí, suas ar an suíomh.

Ritheann Kevin Scannell an suíomh IndigenousTweets.com, a choinníonn cuntas ar ghiolcacha i mionteangacha ar fud an domhain. Tá an Ghaeilge sa chúigiú háit ar an liosta sin de mhionteangacha a mbítear ag giolcaireacht iontu, i ndiaidh Chriól Háití, an Bhreatnais, an Svahaílis, agus an Bhascais.

Fág freagra ar 'A dhá oiread daoine ag úsáid na Gaeilge ar Twitter ná mar a bhí dhá bhliain ó shin'