A choraintín curtha isteach ag George Lee agus TG4 ag na IFTAs

Tá George Lee fillte ar an obair is dual dó agus clár suimiúil faoi áit allúrach, aduain aige

george-lee.jpg

Cé go gcuireann George Lee pip ar dhaoine ar uairibh, dála mar a dhein nuair a thug sé ruthar faoin bpolaitíocht, ní féidir a shéanadh gur craoltóir cumasach, eolgaiseach é. Bhí a chlár Boom (2006), a thug éachtaint ar bhunús an bhorrtha eacnamaíochta, ar cheann de na cláir ba thaitneamhaí, agus ab eolgaisí, faoi chúrsaí eacnamaíochta/sóisialta atá feicthe agam le blianta fada. D’fhill sé ar an téama céanna trí bliana ina dhiaidh sin le How We Blew the Boom.

Is deacair a shamhlú anois gur gheall le heacnamaí an phobail é i rith an chúlaithe eacnamaíochta (gradam atá ag David McWilliams anois) is é ag míniú na dtubaistí don phobal, rud a chuir muc ar gach mala ar Fhianna Fáil.

Nuair a thug sé geábh ar an bpolaitíocht, chaill sé a ról mar chomhfhreagraí eacnamaíochta RTÉ, mar aon leis an stádas faoi leith a bhí bainte amach aige. Ó d’fhill sé ar a fhód dúchais i nDomhnach Broc, tá sé i ngéibheann in áiteanna ar nós na rannóige talmhaíochta.

Iarracht atá in Better off Abroad filleadh ar iomaire na heacnamíochta. Is dócha go bhfuil rudaí ró-íogair go fóill lena é a scaoileadh chun seanmóireachta faoi chúrsaí eacnamaíochta na hÉireann. Dá bharr sin, tá sé tar éis a sheolta a ardú leis go Dubai agus Silicon Valley le cuntas a thabhairt ar dhaoine ón tír seo atá ag tuilleamh a gcrústa thar lear.

Sa chéad chlár, táimid in Dubai in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Téann George chun cainte le meascán mearaí do dhaoine: ó bhláthadóir go húinéir ar óstán cúig réalt d’ainmhithe agus ó eagraí póstaíocha go díoltóir cairteacha. Tá an clár seo in ainm is léargas a thabhairt ar eispéireas na n-eisimirceach, agus cé go ndéanann sé é sin, is é Dubai é féin croílár an chláir i ndáiríre. Cathair í a d’fhás aníos as baile beag sa ghaineamh i ndiaidh teacht an ola sna seascaidí. Cathair rachmasach, gháifeach, phostúil í Dubai anois, mar a bhfuil saol na bhfuíoll ag mórán. Áit súgartha do lucht an airgid.

Tugtar sin go turas chuig an Burj Al Arab, an t-óstán seacht réalt gur fiú $1 billiún é agus go bhfuil Gaillimheach i gceannas ar an gcomhlacht gur leis é. Labhraítear le milliúnaí Éireannach is é ar a sháimhín só ar a luamh.

Labhraíonn na rannpháirithe faoin saoirse gnó, an flosc chun oibre agus na rátaí cánach. Cé go mbíonn George tógtha leis sin, cuireann an chathair ábhairín samhnais air, agus orainn.

Cheapas ar dtús go ndéanfaí beagán de na difríochtaí cultúrtha agus na contúirtí do mhuintir an Iarthair i dtír atá fós faoi gheasa ag reiligiún coimeádach. Níor deineadh sin agus labhraíodh le fear a chaith seal i bpríosiún as póilín a cheistiú. Deir George féin go mbeadh seisean é féin míshuaimhneach dá dtabharfadh a chlannsan aghaidh ar an tír. Déantar ceist na n-oibrithe tógála eachtracha a chíoradh chomh maith. Clár suimiúil faoi áit allúrach, aduain. 

Scéal thairis…

Dhein cláracha TG4 gaisce ag duaiseanna IFTA le déanaí le cúig cinn de chláracha a craoladh ar an stáisiún ag tabhairt an svae leo. Is é Corp + Anam a thug an lá leis i rannóg na gclár Gaeilge, mar a raibh comhrac an bhradáin idir é féin agus An Bronntanas.

Thug ceárta Magamedia duais eile leis, duais fuaime an babhta seo, dá sraith Ceolchuairt. Thug Fleadh TV an duais leis don chraoladh beo agus an ceann is fearr á fháil aige ar Vincent Browne sa George agus clúdach RTÉ ar an reifreann pósta.

Bhí iondaíocht mhaith ag TG4 i rannóg an spóirt, mar a raibh Arkle – The Legend Lives On agus GAA USA san iomaíocht le The Notorious agus Second Captains Live.

Is é lucht Arkle a chroch an deilbhín leo. Bronnadh duais ar Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide i gceann de na rannóga faisnéise agus fuair Áille an Uafáis gradam ceamaradóireachta.

Fág freagra ar 'A choraintín curtha isteach ag George Lee agus TG4 ag na IFTAs'