A chompord féin ag baint le turas eile i dteannta Vin Diesel agus a chairde

Tá na míreanna aicsin agus rásaíochta éirithe níos áiféisí sa scannán is déanaí ó lucht The Fast & Furious ach mar sin féin…

A chompord féin ag baint le turas eile i dteannta Vin Diesel agus a chairde

The Fate of the Furious
Stiúrthóir: F Gary Gray
Cliar: Vin Diesel, Jason Statham, Dwayne Johnson, Michelle Rodriguez, Tyrese Gibson, Ludacris, Charlize Theron, Kurt Russell, Nathalie Emmanuel, Luke Evans, Helen Mirren

In 2001 seoladh scannán aicsin neamhshuntasach ina raibh meitheal aisteoirí anaithnid. Bhí Vin Diesel tar éis aird éigin a tharraingt air féin le Pitch Black an bhliain roimhe sin ach ní raibh aon aithne ar Paul Walker ná Michelle Rogriguez, go deimhin ní raibh sa scannán sin ach an tríú geábh aici siúd ar an scáileán. Ní rabhthas ag súil le mórán ó The Fast and the Furious mar sin. Eachtraíocht fite fuaite le cairteacha galánta, rásaíocht sráide agus póilín fé cheilt ag iarraidh breith ar bhuíon gadaithe. Agus a chóta bán déanta, chinn Vin Diesel gan filleadh don chéad scannán leantach, táirge nach raibh thar mholadh beirte. Níor fhill éinne don chliar bunaidh don tríú gála,  saothar nárbh fhiú deich triuf é. Ba cheart go mbeadh an cnuasach curtha go tóin poill an uair sin ach bhí an coincheap tar éis dul i bhfeidhm go mór ar sciar suntasach den lucht féachana. Chinntigh an dúil mhíchuíosach sin go raibh aiséirí i ndán do lucht na gcairteacha. Tharla sin in 2009 agus an cliar bunaidh ar fad ag filleadh. Ní raibh aon stop le Dominic Toretto agus a chomhghuaillithe ó shin agus seo é an t-ochtú gála agus dhá cheann eile ar na bioráin (in ainneoin go mbeidh an leathchéad á chnagadh ag Diesel i lár an tsamhraidh).

Tá sé deacair léamh ar na cúiseanna go dtéann daoine le báiní faoin bhfeiniméan seo. Gan amhras meallann na cairteachta galánta agus rásaíocht áiféiseach go leor daoine, ach níos tábhachtaí b’fhéidir, tá sé cniotáilte le carachtair agus aisteoirí caithiseacha. Ina theannta sin tá simplíocht san insint agus béim ar dhílseacht, ar mhuintearas agus ar chomrádaíocht. Shroich sin barr buaice sa ghála deireanach nuair a fágadh slán go mothúchánach, corraitheach leis an aisteoir Paul Walker (Brian), a cailleadh i dtimpiste chairr. Chomh maith leis sin ar fad tá moladh faighte ag an gcothromaíocht inscne agus eitneach atá sa chliar.

Tá na comharthaí sóirt céanna mar mháithreacha leis an gcnuasach i gcónaí cé go bhfuil sé athraithe ó bhonn ar shlite eile. Tá na míreanna aicsin agus rásaíochta éirithe níos áiféisí agus sa ghála seo tarraingítear fomhuireán núicléach isteach sa chúram. Ina theannta sin táthar tar éis béim mhór a chur ar láithreacha coimhthíocha. Táimid in Havana Chúba sa chéad radharc anseo agus tugtar sinn as sin go dtí Beirlín, Nua-Eabhrac agus tuaisceart na Rúise.

Comhartha sóirt eile ná an tslí a bhfuil carachtair á gcur i dtoll a chéile ó scannán sa scannán, rud a chiallaíonn go bhfuil cliar cuidsúlach againn ag an bpointe seo agus caimeonna ag teacht chugainn ar dalladh. Ina dhiaidh sin féin ní féidir bróga Brian (Walker) a líonadh agus is boichte an scannán dá uireasa.

Ní thréigtear an bunmhúnla anseo

agus an mheitheal ag dul in adharca bithiúnaigh, Charlize Theron. Mar is gnáth tá radharcanna aicsin snasta agus áiféiseach againn, ón rás sa seanghliogar in Havana go círéib sa phríosún agus an comhrac idir cairteacha agus fomhuireán ag an deireadh. Ní hé gach duine a ghránn an cnuasach seo ach tá compord faoi leith ag baint lena shimplíocht agus a fhad saoil.