A raibh le foghlaim ón tSraith Peile agus ón tSraith Iomána an deireadh seachtaine seo…

Deireadh seachtaine gnóthach a bhí ann san iomáint agus sa pheil. Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na ceachtanna is mó a bhí le foghlaim

Colm Callanan agus James Skehill ag ceiliúradh i ndiaidh chluiche leathcheannais na hÉireann 2015. INPHO/James Crombie
Colm Callanan agus James Skehill ag ceiliúradh i ndiaidh chluiche leathcheannais na hÉireann 2015. INPHO/James Crombie

Fuíoll na bhfuíoll ag iománaithe na Gaillimhe sa chúl

go minic a tharlaíonn sé go gcailleann imreoir a áit ar an bhfoireann díreach cúpla mí tar éis dó gradam All-Star a bhuachan. Tá an baol ann gur amhlaidh a bheidh do chúl báire na Gaillimhe, Colm Callanan, áfach, agus gan an geansaí marún caite fós i mbliana aige.

Bhí bliain den scoth ag Callanan anuraidh d’iománaithe na Gaillimhe, agus é ar fheabhas go háirithe in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bronnadh gradam All-Star air ag deireadh na bliana ach níl deis imeartha faighte aige fós ó tháinig Micheál Donoghue i gcomharbacht ar Anthony Cunningham mar bhainisteoir na foirne.

Chaill Callanan amach ar Chorn Uí Bhreathnach, an comórtas réamhshéasúr, agus é san Astráil le linn an gheimhridh agus tá ag éirí go maith James Skehill ó shin, fear a bhfuil go leor taithí aige é féin. Thug Skehill taispeántas maith eile uaidh i bPáirc Uí Nualláin inné, áit a rinne dhá shábháil den scoth ar dhá iarracht ó Walter Walsh. Beidh sé deacair ag Callanan anois dul chun tosaigh ar fhear Cheapaigh an tSeagail roimh thús na craoibhe.

Seamus O'Shea (Maigh Eo) agus Darren Hughes (Muineachán). INPHO/Presseye/Andrew Paton
Seamus O’Shea (Maigh Eo) agus Darren Hughes (Muineachán). INPHO/Presseye/Andrew Paton

Deireadh seachtaine tábhachtach le teacht i gcath an ísliú céime

Agus an chuma ar an scéal go bhfuil rás an Dúin rite cheana féin i Roinn 1 den tSraith Peile, breathnaíonn sé go mbeidh cath ann idir ceithre foirne eile, Ciarraí, Muineachán, Maigh Eo agus Corcaigh, agus iad uile ag iarraidh fanacht i Roinn 1.

Mar a tharlaíonn sé, beidh na foirne sin ag imirt a chéile an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá Ciarraí ag taisteal go dtí Caisleán an Bharraigh agus tá Muineachán ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh i bPáirc Uí Rinn. Gan ach dhá phointe ag an dá fhoireann a bheidh ag imirt sa bhaile, iadsan is mó atá i mbaol. Dá n-éireodh le Ciarraí Muineachán an bua a fháil, bheadh sé phointe acu sa tsraith agus seans maith gur leor sin chun iad a choinneáil slán.

Sa tsraith anuraidh, ba iad Maigh Eo agus Corcaigh a tháinig amach chun cinn ar na céilí comhraic céanna, rud a thabharfaidh muinín dóibh.

Foireann Ros Comáin a bhuaigh in aghaidh an Dúin. INPHO/Ryan Byrne
Foireann Ros Comáin a bhuaigh in aghaidh an Dúin. INPHO/Ryan Byrne

Is iad Ros Comáin ríthe Chonnacht faoi láthair

go bhfuil Maigh Eo fós mar rogha na coitiantachta do Chraobh Peile Chonnacht, níl aon amhras ach gurb iad Ros Comáin an fhoireann is fearr atá sa chúige faoi láthair. Thug siad greadadh do Chontae an Dúin an deireadh seachtaine seo caite mar a rinne siad i gcoinne Chorcaí roimhe sin. Bhí bua maith acu ar Chiarraí i gCill Airne chomh maith agus cé nár thug mórán daoine seans dóibh ag tús na sraithe is sa tóir ar áit sna babhtaí leathcheannais atá siad anois, seachas a bheith ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint. Murach gur chaith siad uathu a gcéad chluiche sa tsraith, in aghaidh Mhuineacháin, bheadh Ros Comáin cothrom le Baile Átha Cliath ar bharr na sraithe faoi láthair.

go gcuirfidh siad tús lena bhfeachtas samhraidh níos luaithe ná aon fhoireann eile agus iad ag imirt in aghaidh Nua Eabhrac i réamh-bhabhta na craoibhe i gConnacht, tá siad ar an taobh éasca den tarraingt sa chaoi nach gcasfaidh Mhaigh Eo ná an Ghaillimh orthu roimh an gcluiche ceannais.

Anuraidh, tháinig Sligeach aniar aduaidh orthu sa chraobh tar éis do Ros Comáin feachtas sraithe láidir a bheith acu, ach beidh Fergal O’Donnell agus Kevin McStay ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú nach gcuirfidh an bogás céanna astu i mbliana agus iad ag iarraidh Craobh Chonnacht a bhuachan den chéad uair ó 2010.

Shane O’Donnell (an Clár) agus Stephen Walsh (Luimneach) i gcluiche craoibhe i 2015. INPHO/James Crombie
Shane O’Donnell (an Clár) agus Stephen Walsh (Luimneach) i gcluiche craoibhe i 2015. INPHO/James Crombie

Luimneach agus an Clár ag déanamh scrios i Roinn 1B

nach bhfuil ach trí chluiche imeartha acu sa tsraith, tá iománaithe Luimnigh agus an Chláir ceithre phointe chun cinn ar na foirne is giorra dóibh i Roinn 1B den tSraith Iomána agus an dá fhoireann ag súil gur iadsan a bheidh ag imirt i Roinn 1A an bhliain seo chugainn.

Mheas daoine gurb iad Uíbh Fhailí agus Loch Garman is mó a thabharfadh dúshlán do na Muimhnigh ach léirigh Luimneach agus an Clár araon cé chomh fada chun cinn atá siad ar na foirne sin i mbliana. É sin ráite, cé go bhfuil obair mhaith déanta ag foirne Davy Fitzgerald agus TJ Ryan, beidh ceann de na foirne seo fós sáinnithe i Roinn 1B an bhliain seo chugainn.

Fad is nach ndéanann siad praiseach de chúrsaí an deireadh seachtaine seo chugainn beidh gach rud ag brath ar an mbabhta deireanach nuair a thabharfaidh Luimneach agus an Clár aghaidh ar a chéile in Inis. Ní dhearna an t-ardú céime aon dochar do Phort Láirge anuraidh rud a thuigeann Fitzgerald agus Ryan go rímhaith.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ón tSraith Peile agus ón tSraith Iomána an deireadh seachtaine seo…'