A bhfuil i ndán don rialtas idir dhá cheann na meá agus caint ar olltoghchán

Tá Fine Gael agus Fianna Fáil araon ag seasamh an fhóid maidir le cás an Tánaiste, Frances Fitzgerald

A bhfuil i ndán don rialtas idir dhá cheann na meá agus caint ar olltoghchán

Threisigh aréir ar an tuairimíocht go mbeidh olltoghchán go luath ann agus Fine Gael agus Fianna Fáil araon ag seasamh an fhóid maidir le cás an Tánaiste, Frances Fitzgerald.

Tá a bhfuil i ndán don rialtas idir dhá cheann na meá ó dhiúltaigh an Taoiseach Leo Varadkar d’éileamh Fhianna Fáil go dtabharfaí bata agus bóthar don Tánaiste.

Tá an Tánaiste sáinnithe i gcónaí sa chonspóid maidir leis an bhfeachtas le míchlú a tharraingt ar an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe. Tá vóta mímhuiníne beartaithe ag Sinn Féin agus Fianna Fáil i Fitzgerald mar gheall ar an méid a rinne sí nó nach ndearna sí nuair a fuair sí ríomhphost ar an 15 Bealtaine 2015 inar tugadh eolas di faoin straitéis dlí a bhí ag na Gardaí i gcás McCabe.

Sheas an Taoiseach go láidir aréir leis an Tánaiste agus thuill sé bualadh bos mór ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael nuair a thug sé óráid uaidh ag tacú léi. Glacadh le rún d’aonghuth ag an gcruinniú ag tacú le Fitzgerald.

Thug urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil Jim O’Callaghan le fios tráthnóna inné nach dtacóidh an páirtí leis an Tánaiste agus dúirt sé gur chóir don Aire “imeacht”. Dúirt sé nár theastaigh olltoghchán ó Fhianna Fáil ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh. Más é sin an toradh a bheadh ar an scéal “bíodh sé amhlaidh”, a dúirt sé.

Chuir Fine Gael i leith Fhianna Fáil agus Shinn Féin gur “cleasaíocht pholaitiúil” a bhí ar bun acu agus go raibh an Tánaiste á damnú acu ar chúis bhréige. Tuairiscíodh aréir go raibh oifigigh Fhine Gael ag prapáil do thoghchán san athbhliain.

Bhí tuairiscí ann chomh maith go bhféachfaí le socrú a dhéanamh a cheadódh don Rialtas leanúint ar aghaidh go dtí deireadh na bliana, tráth go mbeadh cruinniú mór Chomhairle na hEorpa faoin mBreatimeacht thart.

Thug Leo Varadkar le fios aréir dá chomhghleacaithe nach raibh faoi tabhairt ar an Tánaiste éirí as agus nach raibh sé ag iarraidh go n-éireodh sí as dá deoin féin.

Dá n-éireodh an Tánaiste as dá stuaim féin, d’fhéadfaí toghchán a sheachaint, sin mura bhfuil an iomarca dochair déanta cheana ag an gconspóid don socrú muiníne agus soláthair idir Fianna Fáil agus an Fine Gael.

Fág freagra ar 'A bhfuil i ndán don rialtas idir dhá cheann na meá agus caint ar olltoghchán'

  • Maitias

    ‘Seasann sé leis an Tánaiste’…is fearr rith maith ná drochsheasamh agus cuirfear é sin in iúl don parvenu seo.