A bhfuil ag teastáil uait chun ligean ort féin gur saineolaí Super Bowl thú

Imreofar an Super Bowl idir na New England Patriots agus na Atlanta Falcons anocht agus cuireann Tuairisc.ie roinnt comhairle ar fáil dóibh siúd nach bhfuil mórán eolais acu faoi na foirne, ná faoin spórt!

A bhfuil ag teastáil uait chun ligean ort féin gur saineolaí Super Bowl thú

INPHO/Getty Images

Céim a hAon: Bíodh muigín caife agat

Seans gurb é an dúshlán is mó atá romhat má tá tú chun breathnú ar an Super Bowl ná fanacht i do dhúiseacht. Ní chuirfear tús leis an gcluiche go dtí 23:30 agus ná bí ag súil go dtiocfaidh críoch leis an gcluiche seo go dtí 3:30 ar an Luan, ar a luaithe.

Céim a Dó: Roghnaigh foireann

Is iad na New England Patriots agus na Atlanta Falcons atá ag casadh ar a chéile i Super Bowl LI (Super Bowl 51 i gcaint na ndaoine) agus iad sa tóir ar Chorn Vince Lombardi.

Tá na Patriots ar cheann de na foirne is mó a bhuaigh an Super Bowl riamh. Tá seacht gcluiche ceannais sroichte acu ó bhliain na mílaoise agus ceithre cinn acu sin buaite acu. Tá a gcuid leantóirí féin craiceáilte fúthu, ach tá an ghráin ag gach duine eile orthu agus iad ciontaithe cúpla uair as séitéireacht.

Ar an taobh eile, ní chuireann na Falcons an déistin chéanna ar dhaoine, go háirithe mar nach bhfuil an oiread céanna buaite acu. Níl an Super Bowl  sroichte ach uair amháin roimhe seo ag an bhfoireann, i 1999, agus chaill siad an choimhlint sin in aghaidh na Denver Broncos. Is acu a bhí an t-ionsaí is fearr san NFL i mbliana.

Céim a Trí: Bíodh aithne agat ar phríomhimreoirí na foirne

New England Patriots: Is é an ceathrúchúlaí an t-imreoir is mó a gcuirtear béim air sa pheil Mheiriceánach agus tá duine de na himreoirí is fearr riamh ag imirt do na Patriots, sin é Tom Brady. D’imir Brady i ngach Super Bowl atá buaite ag na Patriots agus cé go bhfuil sé anois 39 bliain d’aois, tá sé chomh maith agus a bhí sé riamh.

Ceann de na buanna is mó atá ag na Patriots ná go mbíonn rath  orthu fiú agus an chuma orthu nach bhfuil a gcuid imreoirí, seachas Brady féin, ach measartha. Tá an fathach, Rob Gronkowski, ar iarraidh orthu ach baineann siad an-úsáid as Danny Amendola agus Julian Edelman ar na cliatháin. Ba é Chris Hogan an laoch a bhí acu sa chluiche inar bhain siad áit amach sa Super Bowl ach ná déan iontas ar bith de más fear eile ar fad a bheidh ina laoch acu anocht.

Ceathrúchúlaí na Patriots, Tom Brady. INPHO/Getty Images

Atlanta Falcons:  Níl locht ar bith ar cheathrúchúlaí na Falcons, Matt Ryan. ‘Matty Ice’ a thugtar air de bharr a chumais agus é faoi bhrú agus tá sé ina measc siúd atá mar rogha na coitiantachta do ghradam MVP, imreoir na bliana, ag deireadh an tséasúir.

Is é an tuiscint  idir Ryan agus Julio Jones, ceann de na glacadóirí is fearr sa tsraith, an rud is mó a chuirfidh imní ar chosaint na Patriots. Tá Jones ard agus sciobtha agus chuaigh sé deacair ar aon fhoireann é a stopadh i mbliana. Fiú má éiríonn leis na Patriots Ryan a chur faoi chois, tá leathchúlaithe den scoth ag na Falcons chomh maith, leitheidí Devonta Freeman agus Tevin Coleman. Mura bhfuil ag éirí leis na Falcons agus iad ag caitheamh na liathróide, is féidir leis an mbeirt sin dul chun cinn a dhéanamh.

Céim a Ceathair: Cur geall ar an gcluiche

Is cuma mura bhfuil cluiche NFL feicthe riamh agat, níl aon bhaint ag saineolas le cuid de na geallta chuirtear ar an Super Bowl. Faoi láthair, mar shampla, is féidir geall a chur ar fhad an amhráin náisiúnta, ar dhath an charbhait a bheidh á chaitheamh ag an tráchtaire nó ar dhath an bhéaldatha a bheidh ar Lady Gaga agus í ag canadh ag leath ama.

Céim a Cúig: Aimsigh fíric fhánach agus cloígh leis

Mura bhfuil eolas dá laghad agat ar na rialacha nó faoina bhfuil ag tarlú ar an bpáirc, beidh tú fós in ann dul i gcion ar do chairde mar saineolaí má bhíonn blúire eolais suimiúil ar bharr do ghoib agat. Seo cúpla ceann, saor in aisce:

  1. Meas tú an mbeidh an ‘wardrobe malfunction’ céanna ag Lady Gaga agus a bhí ag Janet Jackson? Is sa staid chéanna i Houston in 2002 a tharla ceann de na heachtraí is mó i stair an Super Bowl a bhfuil cuimhne ag daoine air. Ní i rith na himeartha a tharla sé ach i rith na ceolchoirme ag leath ama. Agus iad ag canadh ar an stáitse, tharraing Justin Timberlake píosa d’fheisteas Janet Jackson di, rud a d’fhág go bhfaca an céadta milliún a bhí ag féachaint ar an gcluiche cíoch dheas Jackson. Tharraing an eachtra raic ag an am.
  1. “Cosnaíonn sé $5,000,000 ar chomhlachtaí fógra 30 soicind a chraoladh i rith an Super Bowl. Sin $500,000 níos mó ná an praghas is airde roimhe seo, in 2015. Ní raibh ach costas $40,000 ar fhógra den fhaid céanna 50 bliain ó shin. In Éirinn, ní fheiceann muid ach na gnáthfhógraí a bhíonn ann i gcónaí ar Sky Sports agus má bhreathnaíonn tú ar an gcluiche ar an BBC, ní fheicfidh tú fógra ar bith!
  1. Cé a ghoid mála Kyle Shanahan? Is é Shanahan comhordaitheoir ionsaithe na Falcons agus i rith na seachtaine, chaill sé a mhála droma. Sa mhála sin, bhí leabhar ina raibh teaicticí ionsaithe uile na Falcons scríofa agus ní haon ionadh go raibh Shanahan ag déanamh a dhíchill an mála a fháil ar ais. Ar an dea-uair, bhí sé ina sheilbh arís aige tar éis tamaillín ach, i bhfianaise na cáile atá ar na Patriots ó thaobh na caimiléireachta, níor thóg sé mórán chun na ráflaí a spreagadh.

Céim a Sé: Bíodh leithscéal agat don obair/scoil/choláiste

Má tá tú chun treabhadh leat go dtí deireadh an chluiche, bíodh leithscéal agat don chuma thuirseach a bheidh ort maidin amárach.

Fág freagra ar 'A bhfuil ag teastáil uait chun ligean ort féin gur saineolaí Super Bowl thú'