A áit tuillte go maith ar fhoireann ‘Pro 12 an tSéasúir’ ag Denis Buckley

Á mháistreacht ar theicnící na clibirte agus a airde a chinntigh áit don Chonnachtach a bheadh roghnaithe mar ‘Imreoir an tSéasúir’ sa gclub ag ár gcolunaí

Denis Buckley. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Denis Buckley. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ceann amháin de na cluichí atá imeartha ag Connachta ar an mBóthar Beag i Sraith Rugbaí Pro 12 an tséasúir seo a d’éalaigh uaim, chomh fada le mo bharúil. Tá cur síos déanta anseo cheana agam ar an solamar a bhainim as a bheith i mo sheasamh sa ‘Seastán Clan’, áit a sáraíonn soiniciúlacht agus cumas grinn na ndaoine a bhíonn i do thimpeall an t-atmaisféar neodrach a bhíonn i réim, de réir nádúir, i mbosca na meán.

Tá neart cur síos déanta cheana féin ar an gcaoi ar chinn ar na Connachtaigh tairbhe a bhaint le seachtainí beaga as an bhforás a bhí fúthu níos luaithe sa séasúr – shroicheadar buaic nuair a bhuaigh siad ar Chúigí Laighean agus na Mumhan, ach d’íocadar go daor as dhá úd a ghéilleadar in aghaidh Cardiff, ceann Sam Hobbs a thug comhscór do na cuairteoirí i nGaillimh i mí Dheireadh Fómhair agus úd slánaithe Joaquin Tuculet agus 5 nóiméad am breise caite san Arms Park i dtús an Mhárta, a thug bua pointe do na Breathnaigh.

Cuir leis sin an chéad chluiche a chailleadar sa mbaile an séasúr seo nuair ba chóir dóibh an bua a bheith faighte acu sa doineann ar Dhún Éideann (13-16)  i dtús na hathbhliana – rud a d’fhágfadh sa 5ú háit ar an tábla iad – agus beidh tuiscint mhaith agat ar an gcúis nár chóir go mbeadh Connachta ag brath ar in imirt a rinne foirne eile le háit a bhaint amach i gCorn Seaimpíní an tséasúir seo chugainn.

Fear le m’ais ab fhearr a thug leis é cúpla seachtain ó shin agus dhá chic éirice curtha thar an trasnán ag Jack Carty i dtús na himeartha in aghaidh Ghlaschú i gcluiche cinniúnach an tséasúir. Fógraíodh clibirt dóibh ar líne 5 mhéadar na nAlbanach, ach chaill Connachta seilbh na liathróide nuair a mheasfá go gcuirfeadh scór eile ar bhóthar an bhua iad. “Happiness doesn’t last too long around here!”, a deir mo chompánach, a raibh a chúlra CLG nochtaithe go soiléir aige roimhe agus é ag impí ar Carty… “put it over the bar, Jack”.

Táim cinnte go bhfaca mo chara ‘Foireann Pro 12 an tSéasúir’ a fógraíodh le linn na seachtaine agus go bhfuil sé sásta go raibh beirt Chonnachtach ina measc – Robbie Henshaw agus Denis Buckley. Is fearr ná sin é gur sa gcúige a saolaíodh agus a tógadh an bheirt acu.

Tá mé thar a bheith ríméadach go bhfuair Buckley an t-aitheantas, mar is í mo bharúil féin go mba eisean ‘Imreoir an tSéasúir’ sa gclub. 

Frapa ar an taobh scaoilte is ea é, nach bhfuil ach 5’10” ar airde agus beagán os cionn 17 clocha meáchain. Go rialta téann sé i ngleic le leithéidí Mike Ross, Euan Murray agus B.J. Botha a bhíonn trí nó ceithre horlaigh níos airde ná é agus dhá chloch níos troime. Níos minicí ná a chéile an séasúr seo, ba ag an bhfear óg 24 bliana fichead as na Creaga i gCo. Ros Comáin a bhí an lámh in uachtar.

Á mháistreacht ar theicnící na clibirte agus aisteach go leor easpa a airde a chintíonn sin – ach i gcaitheamh an tséasúir seo caite bhí an obair a rinne Buckley lasmuigh de na clibirtí chomh tábhachtach céanna dá fhoireann.

Tá sé chomh luath le himreoir cúil agus é ag sodar timpeall na páirce, níl a shárú ann ag rucáil – níl uaidh ach an liathróid agus nuair a fhaigheann sé ina sheilbh í, ní minic leis botún a dhéanamh.

Ní raibh sé ach scór blianta d’aois nuair a fuair sé áit ar fhoireann Chonnacht don chéad uair agus tá seans ann murach an gortú a bhain do Brett Wilkinson nach dtabharfadh Eric Elwood ná anois Pat Lam chun cinn chomh luath é. Ach nuair a fuair Buckley an deis, thapaigh sé é.

Ag féachaint duit ar ‘Fhoireann Pro 12 an tSéasúir 2014-2015’,  tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil imirt déanta i gCraobh na 6 Náisíun ag deichniúr acu siúd atá ar an liosta – is as an Afraic Theas ceathrar de na tosaithe, rud a chuireann tuilleadh le gradam Denis Buckley.

Tabhair faoi deara freisin go raibh Denis ar an bpáirc nuair a thosaigh 20 de na cluichí a d’imir Connacht sa Pro 12 an séasúr seo agus gur tháinig sé ar an bpáirc mar ionadaí i gceann eile – níos mó ná aon duine eile dá chomhleacaithe ar fhoireann seo na Réalta.

Tá Buckley fós ag fanacht le glaoch ó fhoireann bhainistíochta na hÉireann agus nuair a chuimhníonn tú go bhfuil Cian Healy agus Jack McGrath ag coimhlint don ionad ina n-imríonn sé, b’fhéidir go mbeadh tamall beag eile air. Ach go siúráilte, ní mó ná go bhfágann imirt an tséasúir seo caite go bhfuil sé gaibhte chun cinn ar Michael Bent agus ar James Cronin.   

Foireann Guinness  Pro 12 an tSéasúir :

15 – Liam Williams – Scarlets
11 cluiche  800 nóiméad imeartha
14 – Tommy Seymour – Glasgow Warriors
11 cluiche + 1 mar ionadaí, 888  nóiméad imeartha
13 – Robbie Henshaw – Connacht
11  cluiche, 874 nóiméad imeartha
12 – Peter Horne – Glasgow Warriors
19  cluiche,  1274 nóiméad imeartha
11 – Craig Gilroy – Uladh
15 cluiche + 2 mar ionadaí,  1258 nóiméad imeartha
10 – Dan Biggar – Ospreys
13 cluiche + 1  mar ionadaí, 945 nóiméad imeartha
9 – Rhys Webb – Ospreys
11 cluiche + 2 mar ionadaí, 804 nóiméad imeartha
1- Denis Buckley – Connacht
20 cluiche + 1 mar ionadaí, 1443 nóiméad imeartha
2- Rory Best – Uladh
11 cluiche +  1 mar ionadaí, 822 nóiméad imeartha
3 – WP Nel – Edinburgh
13 cluiche + 8 mar ionadaí, 1159 nóiméad imeartha
4- Alun Wyn Jones – Ospreys
11 cluiche +, 2 mar ionadaí,  902 nóiméad imeartha
5- Franco van der Merwe – Uladh
19 cluiche + 1 mar ionadaí,  1459 nóiméad imeartha
6- CJ Stander – Mumhan
17 cluiche + 1 mar ionadaí, 1350 nóiméad imeartha
7- Tommy O’Donnell – Mumhan
11 cluiche +  2 mar ionadaí,  770 nóiméad imeartha
8- Josh Strauss – Glasgow Warriors
16 cluiche + 4 mar ionadaí,  1297 nóiméad imeartha

Fág freagra ar 'A áit tuillte go maith ar fhoireann ‘Pro 12 an tSéasúir’ ag Denis Buckley'