A Aire, tá polasaí nua eile agat. Aon seans go n-inseofá dúinn cén fáth?

Suigh síos, a Aire, agus inis dúinn: tá cinneadh nua déanta agat, in áit an chinn a d'fhógair tú seachtain ó shin. Cén fáth?

A Aire, tá polasaí nua eile agat. Aon seans go n-inseofá dúinn cén fáth?

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

FÁILTE ROMHAT, A AIRE. TÁ POLASAÍ NUA FÓGARTHA AGAIBH, ARÍS. CÉARD É?

Tá go deimhin. Mar is eol do gach duine, tá géarghá leis an gcur chuige nua seo, mar a dúirt mé ó thús. Sin é an fáth go gcuirfear an córas nua seo i bhfeidhm de réir a chéile.

FAN ORT ANOIS. IS CUIMHIN LINN GO LÉIR GUR FHÓGAIR TÚ SEACHTAIN Ó SHIN GO mBEADH AN CÓRAS NUA I bhFEIDHM ÓN SATHARN SEO CAITE?

Bhuel, tá athbhreithniú déanta ó shin againn mar gheall ar thuairimí réasúnta a chualamar. Ní bhaineann an t-athrú seo leis an mbunphrionsabal in aon chor ach lena chur i bhfeidhm.

IS LEIR DÚINN UILIG GUR ATHRAIGH TÚ D’INTINN MAR GHEALL AR BHAGAIRT FHIANNA FÁIL NACH dTABHARFAIDÍS TACAÍOCHT DON RIALTAS I VÓTÁIL DÁLA?

Phléamar athruithe éagsúla le Fianna Fáil, agus tá áthas orm a rá go rabhamar ábalta teacht ar aon tuairim leo gan, agus ní foláir é a rá arís, gan bunphrionsabail an chórais nua a d’fhógair mé an tseachtain seo caite a athrú.

CÉN tATHRÚ SUNTASACH …

Rud amháin eile, murar miste leat. Léiríonn an comhréiteach seo idir an rialtas agus Fianna Fáil gur féidir le daoine measartha ar chaon taobh den Dáil leas na tíre a dhéanamh le chéile.

Tá an lár láidir, stuama, agus táimid ábalta an fód a sheasamh in aghaidh na bpáirtithe a sheachnaíonn freagracht rialtais, a cháineann gach rud, agus a dhiúltaíonn do gach córas íocaíochta.

CÉN tATHRÚ SUNTASACH A FHEICFEAR DE THORADH AN CHOMHAONTAITHE SEO?

Bunófar foras faire nó maoirseoireachta, nó ‘watchdog’ mar a deirtear i mBéarla, chun súil a choimeád ar tháillí na gcomhlachtaí bruscair.

CHUN ‘SÚIL A CHOIMEÁD’ ORTHU, A DÚIRT TÚ. NÍ CHUIRFEAR SRIAN AR BITH MAR SIN AR NA TÁILLÍ?

Ní dóigh liom go bhfuil córas dá leithéid riachtanach.

ABAIR GO dTUGANN AN FORAS FAIRE NUA TÁILLÍ RÓ-ARD FAOI DEARA, CÉARD A DHÉANFAR?

Foilseofar na sonraí, agus beidh an pobal ábalta rogha a dhéanamh idir comhlachtaí a ghearrann praghas ró-ard agus comhlachtaí eile.

AGUS MURA BHFUIL AON ROGHA EILE AR FÁIL DÓIBH?

Sílim go mbeidh rogha ar fáil ach féach, tá tú ag breathnú rófhada chun cinn. Is de réir a chéile a léireofar feidhmiú an chórais nua seo, as seo go ceann 15 mí, mar a dúirt an Taoiseach.

NÍ RAIBH AON CHAINT AR ‘DE RÉIR A CHÉILE’ NUAIR A LABHAIR TÚ FAOI SEO SÉ LÁ Ó SHIN. DÚIRT TÚ AN UAIR SIN GO MBEADH AN CÓRAS NUA I bhFEIDHM ÓN SATHARN.

Admhaím nach bhfuil gach rud á dhéanamh chomh scafánta agus a bhí beartaithe agam, ach tá a fhios ag cách nach bhfuil móramh ag an rialtas i nDáil Éireann. Ní féidir linn brú ar aghaidh mar sin gan aon aird a thabhairt ar thuairimí an fhreasúra.

NÍOR THUG TÚ AON AIRD AR THUAIRIMÍ EILE. MAR SHAMPLA, AN TARSCAOILEADH NÓ FAOISEAMH Ó THÁILLÍ A MHOL SINN FÉIN A THAIRISCINT DO DHAOINE BOCHTA.

Nílim toilteanach an córas casta costasach a theastódh chun tarscaoileadh mar a mhol siad a chur ar fáil. Is féidir le daoine cabhair a iarraidh ón Roinn Coimirce Sóisialaí i gcás cruatain.

SAMPLA EILE. MHOL NA DAONLATHAIGH SHÓISIALTA GO gCUIRFÍ IACHALL AR NA COMHLACHTAÍ BRUSCAIR CUNTAIS A FHOILSIÚ A LÉIREODH AN BRABACH A DHÉANANN SIAD SA TÍR SEO. DHIÚLTAIGH TÚ DON BHEARTAS SIN.

Ní féidir athrú chomh bunúsach ar an dlí a rialaíonn cúrsaí airgeadais na gcomhlachtaí sin a athrú sa ghearrthéarma. Agus nílim cinnte gur fiú an tairbhe an trioblóid ó thaobh leasú an dlí de.

ACH NÍL A FHIOS AGAT CÉN BRABACH ABHUS ATÁ Á DHÉANAMH ACU, CHEAL FIGIÚIRÍ?

Níl, ach is féidir an cheist seo a bhreithniú amach anseo, más gá.

CATHAIN?

Fan go bhfeicfimid cé mar a fheidhmeoidh an córas nua.

A AIRE, GO RAIBH MAITH AGAT.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'A Aire, tá polasaí nua eile agat. Aon seans go n-inseofá dúinn cén fáth?'