Seachtar Laochra 2014

Seo a leanas rogha Tuairisc.ie de sheachtar de na daoine a rinne éacht i saol na Gaeilge le linn na bliana 2014. Fág trácht thíos má shíleann sibh éinne a bheith fágtha ar lár againn!

7. Liadh Ní Riada

Liadh Ní RiadaCéard eile a dhéanfadh lucht tacaíochta Liadh Ní Riada nuair a fógraíodh a bua i dtoghchán na hEorpa ach ‘Mo Ghile Mear’ a chasadh i lár ionad an chomhairimh. Is cuma cén luí polaitíochta atá agat, ba dheacair gan aontú gurb í an Feisire is Gaelaí a bhí i bPairlimint na hEorpa le tamall anuas í.

Chuaigh an bhean Ghaeltachta ag obair ar son na Gaeilge a luaithe is a thóg sí a háit i bPairlimint na hEorpa. Sheol sí litir ag éileamh seasamh níos láidre óna comhghleacaithe Éireannacha sa Phairlimint ar cheist na Gaeilge san Aontas Eorpach. Tá muid ag súil le héachtaí ar son na teanga agus na hÉireann ó dhuine a thagann ó cheann de na clanna Gaelacha is dílse sa tír.


 6. Hiúidí Mac Gairbheith

Húidí Mac GairbheithNí fhéadfaí Laochra na nGael a fhógairt gan an t-aitheantas cuí a thabhairt do Húidí Mac Gairbheith as Rann na Feirste a mheall an saol Gaelach lena shaibhreas teanga agus fliúirseacht cainte agus é faoi agallamh ag Michelle Nic Grianna i mBosca na Faoistine. Chuir an t-agallamh leis an gConnallach óg gliondar croí ar Ghaeil ó cheann ceann na tíre, gan trácht ar an ardú meanman a thug sé dúinn gur ann fós don chainteoir dúchais óg a bhfuil an oiread scóipe agus saibhreas sa Ghaeilge aige.

 


5. Nell Ní Chróinín 

Nell Ní ChróinínBa gheall le bua ag Corcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann é bua Nell Ní Chróinín san INEC i gCill Airne ag Oireachtas na Samhna, bhí an oiread sin áthais ar mhuintir Mhúscraí go raibh Corn Uí Riada buaite sa deireadh ag duine dá gcuid féin.

Ach níorbh iad na Corcaígh amháin a bhí sásta gur thug Nell an svae léi i gcomórtas Chorn Uí Riada 2014. Is annamh a bhíonn lucht an tsean-nóis ar aon intinn faoi thorthaí na gcomórtas seo, ach níor chualathas aon chrónán faoi chinneadh na bliana seo.

Ba iontach an gaisce é ag an amhránaí óg cumasach seo, an t-amhránaí is óige riamh a bhuaigh an Corn seo, agus ba mhór an spreagadh a bua do cheann de na ceantair Ghaeltachta ‘bheaga’.


4. Lester Ryan

SPT_20130514_SHA_059_27587118_I1Fear nach bhfuil mórán Gaeilge ar a thoil aige ach a raibh sé de mhisneach aige í a labhairt beo os comhair an 82,000 duine a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann agus ná céadta míle a bhí ag breathnú air agus ag éisteacht leis sa mbaile.

Chuir óráid Lester (a bhí á chleachtadh aige ó bhí sé deich mbliana d’aois, mar a nochtadh ar YouTube cúpla lá tar éis an chluiche ceannais) an tír ag caint faoin nGaeilge arís agus thuill sé moladh ó phobal na Gaeilge agus an Bhéarla araon.


3. Linda Ervine

Linda ErvineTá cáil bainte amach ag Linda Ervine le cúpla bliain anuas mar gheall ar a cuid spéise sa Ghaeilge. Is dílseoir agus Protastúnach as oirthear Bhéal Feirste í Linda atá tar éis spéis sa teanga a mhúscailt i gceantar ina bhfuil go leor fuatha ann di.

Ach i mbliana chuaigh sí níos faide fós nuair a sheas sí guaille ar guaille le pobal na Gaeilge ag éileamh cearta teanga, in ainneoin cháineadh an Oird Bhuí agus polaiteoirí aontachtacha.


2. Kevin Scannell

Kevin ScannellNíos Gaelaí ná na Gaeil iad féin atá Kevin s’againne. Bhí an tOllamh Meiriceánach i mbéal an phobail arís mar gheall ar a chuid oibre ar Gmail. A bhuíochas cuid mhaith le hobair agus le díograis Kevin, is féidir an tseirbhís ríomhphoist is mó ar domhan a úsáid i dteanga na nGael.

Ach is iomaí éacht eile atá déanta ag an Ollamh Scannell; ina measc sin forbairt Firefox Gaeilge, an litreoir Gaeilge do Microsoft Office agus Skype Gaeilge. Ní stopann an laoch ag obair ar chor ar bith agus deir sé linn go bhfuil tuilleadh le teacht i 2015. Bail ó Dhia ar an obair!

 


1. Seán Ó Cuirreáin

Sean Ó CuirreainBaineadh geit as an saol Gaelach anuraidh nuair a d’fhógair an chéad Choimisinéir Teanga riamh go raibh sé ag éirí as a phost i bhfianaise easpa tacaíochta an Stáit don Ghaeilge. Ba i mí Feabhra na bliana seo a rinne sé beart de réir a bhriathair.

Dúirt tráchtaire amháin ‘gurb é ceann feadhna na gluaiseachta agus guth na ndaoine é, gur thug sé guth dóibh sin a bhí gan ghuth’ agus is cinnte gur fhág a éirí as in ísle brí pobal na Gaeilge.

Ach ina dhiaidh sin uilig, spreag cinneadh agus crógacht an Iar-Choimisinéara na mílte Gael chun siúl ar son cearta teanga i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i gConamara in earrach na bliana seo. Ach ba chumhachtaí ann féin, b’fhéidir, a chinneadh éirí as a phost ar bhonn prionsabail. An rud is annamh is iontach.

Fág freagra ar 'Seachtar Laochra 2014'