90 bliain níos déanaí agus tá feidhmeannaigh an stáit sa Ghaeltacht fós ina ‘direct agents in the establishment of English’

Níl aghaidh á tabhairt ag an gcóras scéimeanna teanga ar an riachtanas go mbeadh an Ghaeilge ‘mar theanga réamhshocraithe i gcumarsáid an Stáit le muintir na Gaeltachta’, a deir an Coimisinéir Teanga

90 bliain níos déanaí agus tá feidhmeannaigh an stáit sa Ghaeltacht fós ina ‘direct agents in the establishment of English’

I bhfianaise tuarascáil taighde nua ón gCoimisinéir Teanga, tá ag teip ar an gcóras scéimeanna teanga freastal ar riachtanais phobal na Gaeltachta.

De réir na tuarascála a foilsíodh ar maidin, aontaíodh 28 scéim teanga a mbíonn teagmháil dhíreach acu le pobal na Gaeltachta, ach níor deineadh aon soláthar ar leith do sheirbhísí sa Ghaeltacht i gcás tuairim is dhá dtrian de na scéimeanna sin.

Anuas air sin, ní raibh dáta faoina mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre deimhnithe ach ag 11 de na 17 comhlacht poiblí a bhfuil oifigí nó ionaid Ghaeltachta acu agus a bhfuil scéim teanga aontaithe leo.

Deir an Coimisinéir go bhfuil “aimhleisce” le brath i gcuid mhaith de na gealltanais sna scéimeanna teanga atá á n-aontú le comhlachtaí poiblí maidir leis an nGaeltacht.

Molann an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil taighde nua go gcinnteofaí go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit a bhíonn lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag obair inti go rialta agus go gcuirfeadh comhlachtaí poiblí a bhfuil oifigí acu i limistéir Ghaeltachta seirbhísí Gaeilge ar fáil “go saoráideach”.

D’fhéadfaí an córas nua seo a thabhairt isteach trí rialacháin, mar shampla, a deir an Coimisinéir.

Deirtear sa tuarascáil gur aithin Coimisiún na Gaeltachta chomh fada siar le 1926 an “drochthionchar” a bhíonn ag seirbhísigh phoiblí gan Ghaeilge ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go ndúradh an uair sin go raibh sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge ina gnáth-theanga chumarsáide idir an Stát agus muintir na Gaeltachta.

Dúirt an Coimisiún i 1926 go raibh feidhmeannaigh an Stáit a bhí ag obair sa Ghaeltacht agus gan aon Ghaeilge acu ina “direct agents in the spreading and establishment of English”.

“Is olc an mhaise é, os cionn nócha bliain ina dhiaidh sin, nár cuireadh na moltaí sin (nó a macasamhla) i bhfeidhm,” a deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Deir an Coimisinéir gur chóir

seirbhís trí Ghaeilge “a thairiscint go gníomhach” do mhuintir na Gaeltachta agus gur cheart “go gcuirfí ina luí ar chustaiméirí Gaeltachta go bhfuil fáilte rompu an Ghaeilge a úsáid ina gcaidreamh leis an gcomhlacht poiblí”.

Athrú nósmhaireachta a bheadh sa mhéid sin, dar leis an gCoimisinéir.

“Ní mór cur san áireamh go bhfuil noirm chumarsáide Béarla idir pobal na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit éagsúla bunaithe go láidir agus le fada.

“Níor mhóide go mbeadh custaiméirí, a bhraitheann faoi mhíbhuntáiste agus ar easpa muiníne agus a bhraitheann faoi chomaoin ag an eagraíocht as cúnamh riachtanach éigin a fháil, ag éileamh seirbhíse ina rogha teanga, dá gceapfaidís go raibh siad ag cur as do dhaoine. Ní fhágann sin nach mbainfidís leas as an rogha an Ghaeilge a úsáid sa chás go raibh an rogha sin ann agus í curtha in iúl do chustaiméirí go héifeachtach.”

Deir an Coimisinéir “nach bhfuil aon fhoráil shonrach” sa reachtaíocht teanga a fhágann go gcaithfidh comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go bhfuiltear ag brath dá bharr “ar an méid a bhíonn geallta i ngach scéim teanga aonair”.

Dúirt sé, áfach, gur minic nach dtugann na scéimeanna teanga “aghaidh ar an riachtanas go mbeadh an Ghaeilge mar theanga réamhshocraithe i gcumarsáid an Stáit le muintir na Gaeltachta”.

As na 28 scéim teanga eile a aontaíodh le comhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil dhíreach le pobal na Gaeltachta acu níor tugadh aon ghealltanas ar leith maidir le seirbhís a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta i gcás ocht gcinn díobh. Maidir leis na scéimeanna eile bhí na gealltanais “níos láidre i gcásanna seachas a chéile”.

“Ar an mórgóir, níltear ag baint amach na sprice atá leagtha síos sna treoirlínte reachtúla,” a deir an Coimisinéir.

“Cás ar leith” iad scéimeanna na mBord Oideachais agus Oiliúna, a deirtear.

“Cé is moite de na meánscoileanna sa Ghaeltacht ní fheicim go bhfuil sé soiléir ó na sonraí atá tugtha sna scéimeanna sin céard iad go díreach na seirbhísí atá á dtairiscint as Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta.”

Maidir le logainmneacha na Gaeltachta, de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015-16, bhí gealltanas sonrach go mbainfí feidhm as logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta “chun críoch oifigiúil” i níos lú ná an cheathrú chuid díobh.

Fág freagra ar '90 bliain níos déanaí agus tá feidhmeannaigh an stáit sa Ghaeltacht fós ina ‘direct agents in the establishment of English’'

  • Manus

    Céard tá soiléir faoi na seirbhísí a cuirtear ar fáil sna meánscoileanna “Gaeltachta”? De réir tuairiscí an Roinn Oideachais bhí go leor “áibhéil” san fhéinthuairisciú maidir le teanga an teagaisc a sheol na meánscoileanna “Gaeltachta” chuig an Roinn nuair a bhí an Polasaí Oideachas “Gaeltachta” á réiteach. Cuid den fhéinthuairisciú áibhéileach sin bréagnaithe cheana sna tuairiscí cigearachta a deineadh ar cuid des na scoileanna sin!