9 moladh maidir le feistis áille d’fhéile na Nollag

Tá séasúr mór na gcóisirí buailte linn agus ár gcomhfhreagraí ar thóir gúnaí gleoite don cheiliúradh ar fad

9 moladh maidir le feistis áille d’fhéile na Nollag

Bíonn fonn orainn ar fad iarracht ar leith a dhéanamh cuma bhreá a chur orainn féin ag an tráth seo bliana agus muid ag smaoineamh ar na cóisirí éagsúla a mbeidh cuireadh againn freastal orthu sna seachtainí idir seo agus tús na bliana nua.  Is cuma cé acu ócáid cheiliúrtha na hoibre, dinnéar an chumainn spóirt nó teacht le chéile cairde atá i gceist, is gá iarracht bheag speisialta a dhéanamh an tráth seo bliana. Chuaigh mé ag lorg feistis fhéiltiúla nach mbeadh ródhaor ar fad.


11. River Island (€47) 

Ó River Island mo chéad rogha, an gúna is saoire (€47) agus, b’fhéidir, is deise. Tá dath álainn ar an ngúna miotalach seo ar stíl cídeoige le muineál íseal. Gúna compordach, faiseanta é a mheallfaidh an tsúil eile.

 

 

 

 

 


22. Zara  (€49.95)

Gúna gearr lása é seo ó Zara ar €49.95. Tá an ceann seo cosúil go maith le feistis Self Portrait a bhfuil an-tóir go deo orthu faoi láthair ach ar bheagán den chostas. Ó tharla dath dubh air is féidir é a chaitheamh le rogha mhór de bhróga agus oiriúintí eile. 

 

 

 

 


3

3. Warehouse  (€51)

Gúna traidisiúnta atá fíorshimplí go deo é an ceann seo ach tá dath dearg air do shéasúr na Nollag agus é ar fáil ar €51 ó Warehouse. Tá gearradh clasaiceach air agus cuachóg ar an gcorróg.

 

 

 

 


44. River Island (€55)

Ó River Island an ceann seo, déanta as veilbhit chorcra i stíl ‘Bardot’, le muinchillí gearra. Tá rogha de chúig cinn de dhathanna ar fáil sa stíl seo  – dubh, dúghorm, corcra, bándearg agus dúghlas agus é an-chompordach go deo.

 

 

 

 


5

5. Warehouse  (€64)

Gúna gearr a bhfuil seacainí air ar €64 ó Warehouse. Cé go ndeirtear gur dath dúghorm atá air, feictear dom féin gur gaire don ghorm é. Níl sé ró-fháiscthe ach tá sé an-fhaiseanta ar fad.

 

 

 

 


66. Oasis (€76)

Tá seacainí ar an gceann seo freisin sa stíl sin ar a dtugtar ‘tiúb’ uirthi, agus é ar dhath an óir, ó Oasis ar €76. Is cinnte go dtarraingeoidh an gúna seo aird ar an té a bheidh á chaitheamh ag aon chóisir. Nach mbeadh sé iontach le seaicéid leathair agus scairf fionnaidh bhréige?

 

 

 

 


7

7. Oasis (€85)

Seo rogha eile don té nach maith léi gúnaí – sciorta pléatáilte dubh ar €85 ó Oasis. Ceann compordach é seo ach tá stíl dá chuid féin ag baint leis, stíl a fhágfaidh ag glioscarnach thú ag an gcóisir.

 

 

 

 


88. AQAQ  (€88)

Rogha eile ar fad é seo, culaith chabhlach ar chostas €88 ó AQAQ. Tá ceithre dhath ar fáil – dubh, bán, uaine agus rós. Is féidir é seo a chaitheamh le treabhsair, culottes nó sciorta de réir mar is rogha leat féin.

 

 

 

 


9

9. French Connection (€175)

Agus ar deireadh don té a bhfuil an sparán teann acu agus nach miste leo beagáinín breise a chaitheamh ar fheisteas cóisire, seo gúna leathfhada ó French Connection ar €175. Taitníonn an zip ar an ngualainn liom féin. Bheadh bróga sála arda go hálainn leis an ngúna seo.

Fág freagra ar '9 moladh maidir le feistis áille d’fhéile na Nollag'